Vóta d’eisimircigh á shíorchur ar an méar fhada

Thángadar abhaile ó chian is ó chongar chun vótáil sa reifreann ar phósadh. Ach tá cinneadh faoi vóta do shaoránaigh nach bhfuil cónaí orthu sa stát á shíorchur ar an méar fhada

04/01/2014. Leaving home after Christmas. People departing Dublin airport after being in Ireland for the Christmas Holidays. Photo: Sasko Lazarov/Photocall Ireland
Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Focal ar dtús faoin gceannlíne thuas. Ní cearta vótála d’eisimircigh amháin atá á phlé anseo ach do shaoránaigh Éireannacha nach bhfuil cónaí orthu sa stát. Tá vóta san áireamh mar sin do mhuintir an Tuaiscirt chomh maith, más mian leo é a úsáid. Cur síos, faraor, nach féidir a achoimriú i gceannlíne.

Tá leathnú ar an toghchóras pléite le fada, agus le blianta beaga anuas.

* Mhol an Coinbhinsiún ar an mBunreacht vóta (i dtoghcháin uachtaránachta amháin) do shaoránaigh taobh amuigh den stát i 2013.

* Mhol coiste uilepháirtí an Oireachtais ar ghnóthaí eachtracha i 2014 don rialtas glacadh le “the principle that voting rights should be extended to Irish citizens abroad”. Níor mhol siad teorannú ar bith ar an bprionsabal.

* Mhol an coiste ar atheagrú an tSeanaid le gairid go mbeadh ceart vótála i dtoghcháin don Teach Uachtarach ag saoránaigh atá ina gcónaí taobh amuigh den stát.

Gheall an rialtas go ndéanfaí cinneadh roimh dheireadh 2014 faoi mholadh an Choinbhinsiúin. Níor comhlíonadh an gheallúint agus is léir anois nach réiteofar an cheist roimh an olltoghchán.

Cé go bhféadfaí leathnú ar chearta vótála i dtoghcháin an tSeanaid a chur i bhfeidhm roimh thoghchán 2016, ní bheidh iontas ar mhórán má chuirtear cinneadh faoin ábhar sin ar an méir fhada freisin.

Is bocht an freagra an tsíormhoilleadóireacht seo ar dhíograis na vótóirí thar sáile a d’fhill as gach cearn den domhan i gcomhair an reifrinn. Gan dabht, dá dtairgfí ceart vótála do shaoránaigh nach bhfuil cónaí orthu sa stát, ní bhainfeadh cuid mhór leas as. Ach ní cóir deis a dhiúltú do chách toisc nach dtapódh daoine áirithe an deis chéanna.

Tá sé de mhí-ádh ar eisimircigh go háirithe gur féidir le polaiteoirí abhus an t-ábhar a sheachaint toisc nach bhfuil siad cóngarach. Ach cuireann an chuid is mó de bhallstáit an AE cearta vótála ar fáil dá saoránaigh thar lear. Agus d’fhéadfaí brú dlíthiúil a chur ar an rialtas amach anseo.

Thug tuairisc an choiste ar ghnóthaí eachtracha* foláireamh don rialtas gurb é an tuairim choitianta i measc saineolaithe dlí, má chuirtear cás faoi bhráid na Cúirte Eorpaí, go gcuirfidh an Chúirt iachall ar bhallstáit vóta a thairiscint dá saoránaigh i gcéin.

* Féach tuilleadh eolais anseo

Mná ag teastáil, gan mhoill

Níl ach bean amháin, an Seanadóir Mary White, fágtha i bpairtí parlaiminteach Fhianna Fáil tar éis imeacht Averil Power. Bhí an easpa ban ríshoiléir tráthnóna Dé Máirt agus Teachta Dála nuathofa an phairtí Bobby Aylward á thionlacan tré gheataí Theach Laighean ag Mícheál Martin agus scata fear eile.

Bhí fadhb inscne an pháirtí soiléir ó olltoghchán 2011. Mar sin féin, níor thapaigh Fianna Fáil an deis a thug seacht bhfo-thoghchán ó shin i leith dóibh chun oiread agus bean amháin a roghnú mar iarrthóir.

Léiríonn cuntas atá á choimeád ag an tíreolaí Adrian Kavanagh ábhar imní níos doimhne. Seo a leanas a chuntas ar an gcéatadán ban-iarrthóirí atá ainmnithe ag na príomhpháirtithe go dtí seo mar iarrthóirí olltoghcháin:

Fine Gael: 46.7 faoin gcéad.

Comhaontas Glas: 37.5 faoin gcéad.

Sinn Féin: 35.9 faoin gcéad.

An Lucht Oibre: 30 faoin gcéad.

Fianna Fáil: 11.1 faoin gcéad.

Níl aon dul as ag Fianna Fáil ach an éagothromaíocht as cuimse seo a leigheas go luath. De réir dlí, ceilfear a leath de mhaoiniú stáit ar pháirtí feasta murar mná 30 faoin gcéad ar a laghad dá n-iarrthóirí olltoghcháin.

Fág freagra ar 'Vóta d’eisimircigh á shíorchur ar an méar fhada'