Vóta caite ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar son aisghairm an Ochtú Leasú

14 de bhaill de Chomhchoiste an Ochtú Leasú a vótáil go ndéanfaí an leasú a aisghairm agus seisear a vótáil i gcoinne an rúin

Vóta caite ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar son aisghairm an Ochtú Leasú

Tá vóta caite ag an gCoiste Oireachtais atá ag plé le ceist an ghinmhillte ar son aisghairm a dhéanamh ar an Ochtú Leasú ar an mBunreacht.

14 de bhaill an choiste, idir Theachtaí Dála agus Sheanadóirí, a vótáil go ndéanfaí an leasú a aisghairm agus seisear a vótáil i gcoinne an rúin a mhol an Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Jan O’Sullivan.

Staon Cathaoirleach an choiste, an Seanadóir Catherine Noone, ó vótáil.

Cuireadh Airteagal 40.3.3, nó an tOchtú Leasú mar a thugtar go coitianta air, leis an mBunreacht i ndiaidh reifrinn in 1983 agus tugann an leasú sin an chosaint chéanna, a oiread agus is féidir, do cheart chun na beatha an linbh sa bhroinn agus na máthar. 

Vótáil an coiste chomh maith go gceadófaí ginmhilleadh ar chúinsí sláinte sa chás go mbeadh sláinte nó beatha na máthar i mbaol agus vótáil siad freisin

Ba iad baill an Choiste a vótáil in aghaidh aisghairm an Ochtú Leasú ná James Brown (FF), Anne Rabbitte (FF), Peter Fitzpatrick (FG), Mattie McGrath (NS) Hildegarde Naughton (FG), agus Ronan Mullen (NS).

Ba iad na baill a vótáil ar son na haisghairme: Lisa Chambers (FF), Clare Daly (I4C) , Bernard Durkan (FG) , Billy Kelleher (FF) , Catherine Murphy (DS), Jonathan O’Brien (SF), Kate O’Connell (FG), Louise O’Reilly (SF), Jan O’Sullivan (Lab), Brid Smith (Sol-PBP), Jerry Buttimer (FG), Paul Gavan (SF) Ned O’Sullivan (FF)  agus Lynn Ruane (NS).

Tá an coiste ag vótáil inniu ar shraith moltaí a rinne an Tionól Saoránachta i dtaobh cheist an ghinmhillte. Cuirfidh an coiste tuarascáil faoi bhráid na Dála roimh an reifreann faoin Ochtú Leasú atá beartaithe don bhliain seo chugainn.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inniu gur mhaith leis go mbeadh an reifreann ann i mí na Bealtaine ach tacaíocht na Dála a fháil chuige sin.

Fág freagra ar 'Vóta caite ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar son aisghairm an Ochtú Leasú'