‘Ulster Says No’ agus an DUP á bhrú ar an taobhlíne dá bharr

Tá an DUP ar a ndícheall ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil siad i lár an aonaigh i gcónaí ach tá imní orthu anois nach bhfaighidh siad an craiceann ná a luach

‘Ulster Says No’ agus an DUP á bhrú ar an taobhlíne dá bharr

Tharla go raibh mé ag breathnú ar sheantuairiscí teilifíse le déanaí, ar chúiseanna nach mbaineann leis an gcolún seo. Ní raibh ‘Ulster Says No’ ligthe i ndearmad agam ach thug an t-ábhar cartlainne chun cuimhne go gléineach cé chomh neamhghéilliúil is a bhí an DUP – go dtí gur thuig siad gurbh é leas an pháirtí a bport a athrú. D’iompaigh siad nuair a bhí an chraobh bainte acu mar phríomhpháirtí na n-aontachtach. Nuair ba iadsan ‘boic mhóra’ Stormont, ghlac siad le ról do Bhaile Átha Cliath i ngnóthaí Thuaisceart Éireann agus le roinnt na cumhachta le poblachtánaithe – dhá bheart nach bhféadfaí a shamhlú sna blianta fada a chaith siad ag tuathghríosú.

Deirtí faoi gcaoi a mbíodh an DUP agus aontachtaithe eile in éadan gach iarracht pholaitiúil a dhéantaí chun a theacht ar réiteach abhus gur chosúil nár thuig siad go mba laige iad gach uair a raibh orthu filleadh ar idirbheartaíocht tar éis dóibh diúltú don mhargadh a bhí ar fáil roimhe sin.

Maítear gur thuig Peter Robinson é sin agus gurbh é sin faoi ndear an cinneadh cumhacht a roinnt in 2007, é sin agus mian Ian Paisley aitheantas a fháil mar Chéad-Aire.

Ba léir le dhá bhliain, beagnach, an pléisiúr a bhain deichniúr feisirí an DUP agus Arlene Foster as a gcumhacht in Westminster de bharr a margadh muiníne agus soláthair leis na Caomhaigh.

Ní raibh leisce orthu in am ar bith a mheabhrú don saol agus don Phríomh-Aire Theresa May go háirithe nach mairfeadh a rialtas dá n-uireasa. Rinne siad uirísliú ar May maidir leis an gcúlstad. Glaoch gutháin a chuir Arlene Foster uirthi sa Bhruiséil a chuir iachall ar an bPríomh-Aire a theacht abhaile gan choinne. Ní raibh amhras ar bith ann ach go raibh siad cumhachtach. An raibh siad róchinnte dá gcumhacht? An ndeachaigh siad thar fóir lena ndiúltuithe?

Ar bhain Theresa May tuisle astu nuair a d’fhógair sí go raibh sí ag dul i gcomhairle le ceannaire an fhreasúra, Jeremy Corbyn chun iarracht a dhéanamh Breatimeacht a aimsiú a bheadh soghlactha ag móramh sa Pharlaimint? Níor cuireadh an DUP ar an eolas roimh ré faoi chinneadh an Phríomh-Aire a d’fhág ar an taobhlíne iad. Ní fios agus an t-alt seo á scríobh an mbeidh toradh ar bith ar an gcaint leis an Lucht Oibre. I bhfianaise na praisí go dtí seo, ba dhána an mhaise é d’éinne buille faoi thuairim a thabhairt mar thiocfadh leis a bheith bréagnaithe taobh istigh de leathuair.

Bhí Sammy Wilson, urlabhraí Breatimeachta an DUP, cinnte nach mbeadh rath ar bith ar an bplé le Corbyn; seans go raibh an páirtí ag guí Dé go mbeadh Corbyn chomh diúltach leo féin.

Nocht Wilson cé chomh feargach is a bhí siad faoi bheart nua an Phríomh-Aire leis an racht a chuir sé de ag fógairt ‘go dtitfeadh an plean béal faoi mar a rinne gach iarracht eile de chuid Theresa May’. Shéan seisean agus ionadaithe eile an pháirtí go raibh siad caite i leataobh ag an bPríomh-Aire. Bheadh gá aici leo chun gnó ar bith eile a dhéanamh sa Pharlaimint, a dúradar.

Bhí míshuaimhneas an pháirtí follasach, áfach. Cé a thógfadh orthu é tar éis na seachtaine ar thréig na cairde ab ionúine a shíl siad a bhí acu in Westminster iad, leithéidí Boris Johnson agus Jacob Rees-Mogg.

Bhí Rees-Mogg toilteanach freastal ar dhinnéir bailithe airgid Ian Paisley in Aontroim Thuaidh cúpla babhta ach níorbh é príomhchuspóir an DUP an chloch ba mhó ar a phaidrín. A fhearacht sin ag Johnson é chomh maith.

Labhair sé ag comhdháil an DUP ach is mó a dhúil i gceannaireacht na dTóraithe ná in aidhm an DUP a chinntiú, is é sin nach ndéanfaí idirdhealú sa Bhreatimeacht idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain.

Ina theannta sin nocht pobalbhreith IpsosMori nach raibh ach 36% de phobal na Breataine ar mhian leo go vótálfadh muintir an Tuaiscirt i reifreann chun fanacht san Ríocht Aontaithe. Ba chuma le 36% eile agus ba mhian le 18% go roghnófaí imeacht as an Ríocht. Is mór idir an dearcadh sin agus an móramh 54% ar fud na Breataine ar mhian leo Albain a choinneáil san Ríocht Aontaithe roimh an reifreann neamhspleáchais in Albain.

I ndiaidh na mbuillí sin níorbh iontas é, seans, go raibh liosta de pholasaithe maidir leis an mBreatimeacht le clos ó urlabhraithe. Bhí slánú na Ríochta Aontaithe agus ról an Tuaiscirt inti ar bharr gach liosta ach b’in é. Bheadh Sammy Wilson sásta imeacht gan mhargadh; ní dhéanfadh sé sin aon dochar, a dúirt sé.

Bheadh Jeffrey Donaldson toilteanach fanacht in aontas custam leis an Aontas Eorpach, mar chéim eatramhach, ar aon nós.

B’fhearr le Nigel Dodds fanacht san Aontas Eorpach ar fad ná cur suas leis an gcúlstad nimhe. Faoin am a léifidh tú é seo tá seans maith go mbeidh roghanna eile cloiste agat, an DUP ar a ndícheall ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil siad i lár an aonaigh i gcónaí ach imní orthu anois nach bhfaighidh siad an craiceann ná a luach.

Fág freagra ar '‘Ulster Says No’ agus an DUP á bhrú ar an taobhlíne dá bharr'