Údarás na Gaeltachta le ceistiú ag Coiste Oireachtais faoina bpolasaí i leith teanga oibre a gcomhlachtaí

Deir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly nach bhfuil sé soiléir cén chaoi a ndéanann Údarás na Gaeltachta monatóireacht teanga ar chliantchomhlachtaí

Údarás na Gaeltachta le ceistiú ag Coiste Oireachtais faoina bpolasaí i leith teanga oibre a gcomhlachtaí

Tá cuireadh le tabhairt d’Údarás na Gaeltachta teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais chun plé a dhéanamh faoin na dualgais atá ar an eagraíocht fiontraíochta an Ghaeilge a chur chun cinn sna comhlachtaí a mbíonn siad ag tacú leo.

Mhol Cathaoirleach Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go scríobhfaí chuig Údarás na Gaeltachta ag iarraidh orthu teacht os comhair an choiste sa bhfómhar.

Dúradh ag cruinniú de chuid an choiste inné go raibh comhfhreagras faighte ó Údarás na Gaeltachta mar fhreagra ar cheist a cuireadh orthu i leith an ábhair seo ach measadh nár leor an méid eolais a chur an tÚdarás ar fáil.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly nach raibh an t-eolas a iarradh curtha ar fáil agus nach raibh sé soiléir sna cáipéisí cén chaoi a ndéanann Údarás na Gaeltachta monatóireacht teanga ar chliantchomhlachtaí.

“Tá dhá leathanach go leith [sa chomhfhreageas] ag cur síos ar an méid oibre atá déanta ag Randox, agus tá sé sin iontach, iontach, ach an cheist a bhí againne ná . . . ceist shonrach maidir le cúrsaí teanga agus an dualgas atá orthu an teanga a chur i bhfeidhm i ngach comhlacht,” a dúirt Connolly.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh nach mbeadh deis ann Údarás na Gaeltachta a thabhairt os comhair an choiste go dtí an fómhar. Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin freisin gur chóir don choiste toscaireacht a chur chuig Randox agus chuig comhlachtaí eile níos deireanaí i mbliana chun “torthaí na hinfheistíochta atá déanta ag an stát” sna comhlachtaí sin a fheiceáil.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ar dhuine de na polaiteoirí a dúirt i mí Aibreáin gur cheart Údarás na Gaeltachta a thabhairt os comhair Choiste na Gaeilge chun conspóid teanga a bhain le Randox a phlé.

Tarraingíodh raic nuair a tháinig sé chun solais gur cuireadh treoir chuig oibrithe i saotharlann an chomhlachta i nGaeltacht Dhún na nGall gan ach Béarla a labhairt ag an obair.

Dúirt Randox gur seoladh an treoir trí bhotún agus nár bhain sé le hionad an chomhlachta ar an gClochán Liath.

D’eascair ceisteanna as an gconspóid sin faoin bpolasaí atá ag Údarás na Gaeltachta i leith teanga oibre na gcomhlachtaí a mbíonn siad ag tacú leo.

Tugadh le fios sa Dáil faoi dhó le déanaí go mbíonn íocaíocht deontas an Údaráis ag brath ar choinníollacha teanga, ach níl aon mhioneolas ag an Údarás faoi cé mhéad uair a sáraíodh na coinníollacha sin le deich mbliana anuas

Dúirt an tÚdarás nach bhfuil aon taifead acu d’aon chás le deich mbliana anuas inar coinníodh siar deontas ó chomhlacht mar nár chloígh siad le coinníollacha teanga.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh acu ar an gcur chuige atá acu maidir le monatóireacht teanga a dhéanamh ar na comhlachtaí a mbíonn siad ag tacú leo.

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta le ceistiú ag Coiste Oireachtais faoina bpolasaí i leith teanga oibre a gcomhlachtaí'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Tá TD amháin i ndáiríre ar aon nós!