Údarás na Gaeltachta ag moladh go gcaithfí €50,000 ar spás nua oifige ina gceannáras

Maíonn feidhmeannaigh an Údaráis i gcáipéis rúnda atá feicthe ag Tuairisc.ie go bhfuil an borradh atá faoin eagraíocht arís ag cothú fadhbanna spáis agus gur gá spás oifige a fhorbairt ar mhaithe leis an gcruthaitheacht agus an príobháideachas

Údarás na Gaeltachta ag moladh go gcaithfí €50,000 ar spás nua oifige ina gceannáras

Tá Údarás na Gaeltachta ag moladh go gcaithfí €50,000 dá mbuiséad caipitil ar spás nua oifige a fhorbairt ina gceannáras sna Forbacha, Co na Gaillimhe. Cé go ndearnadh ciorrú leanúnach ar bhuiséad an Údaráis le breis is deich mbliana anuas, agus go raibh i bhfad níos lú airgid dá réir le caitheamh ar thograí, is cosúil go bhfuil cúrsaí ag téarnamh san eagraíocht fiontraíochta agus go bhfuiltear ag cur athuair leis an bhfoireann.

De réir cáipéis rúnda inmheánach atá feicthe ag Tuairisc.ie dhéanfaí “gach iarracht” an caiteachas ar an bhforbairt oifige “a choinneáil chomh híseal agus is féidir”. Tá briseadh síos sa cháipéis ar an meastachán de €50,000 atá luaite leis an obair. Chuirfí €14,000 ar leataobh do chostas na hoibre tógála, €1,800 don obair aibhléise, €4,000 don obair mheicniúil, €5,000 do chóiriú an spáis oifige agus €7,500 do chiste teagmhais. Anuas air sin, chuirfí €2,500 ar leataobh don obair phéinteála, a dhéanfaí le linn an deireadh seachtaine, a deirtear, agus €3,700 a chuirfí ar leataobh do pháipéar balla agus a chrochadh.

Cuireadh an moladh maidir leis an bhforbairt faoi bhráid bhord an Údaráis ag a gcruinniú ar an 14 Iúil. Maítear sa cháipéis gur aistríodh baill foirne bhreise isteach sa bpríomhoifig sna Forbacha roinnt blianta ó shin agus go raibh an tuiscint ann ag an am go gcuirfí oifigí breise ar fáil don fhoireann.

Maíonn feidhmeannaigh an Údaráis go bhfuil an borradh atá faoin eagraíocht arís ag cothú fadhbanna spáis: “Le bliain anuas, leis an bhfás arís ag teacht ar an bhfoireann oibre, tá gá le hoifigí breise a thógáil laistigh den phríomhoifig chun freastal ar riachtanais na foirne agus ag an am céanna chun go mbeidh timpeallacht chruthaitheach ann chun cur ar chumas na bhfeidhmeannach tabhairt faoina gclár oibre go héifeachtach,” a dúradh i gcáipéis rúnda a cuireadh faoi bhráid Bhord an Údaráis ar an 14 Iúil.

Dúradh sa cháipéis freisin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ‘príobháideachas’ ag na feidhmeannaigh “nuair a bhíonn siad ag plé le cliaint nó fiosrúcháin maidir le tograí”.

Deirtear go bhfuil gá chomh maith “ó thaobh reachtaíochta de go mbeadh spás oifige eile ar fáil chun freastal ar riachtanais faoi leith ar nós cosaint sonraí srl”.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis go bhfuil ceannáras na heagraíochta “40 bliain d’aois” agus go ndéantar “cothabháil leanúnach” air. “Gnáthchleachtas” é go gceadaíonn an Bord caiteachas ó bhuiséad capitil an Údaráis, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta ag moladh go gcaithfí €50,000 ar spás nua oifige ina gceannáras'