‘Údar sásaimh ar leith’ – pátrún fógartha ag an Aire Oideachais do dhá ghaelscoil nua i mBaile Átha Cliath

Tá dhá ghaelscoil nua á mbunú i mBaile Átha Cliath faoi chóras nua a tugadh isteach in 2019

‘Údar sásaimh ar leith’ – pátrún fógartha ag an Aire Oideachais do dhá ghaelscoil nua i mBaile Átha Cliath

An Foras Pátrúnachta an pátrún a bheidh ar dhá ghaelscoil nua atá le bunú i mBaile Átha Cliath. 

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley gurb é an Foras Pátrúnachta a bheidh i bhfeighil an dá scoil nua i gceantar scoile Dhomhnach Míde, Bhinn Éadair BÁC 13 agus i gceantar BÁC 2/BÁC 4.

Tá na scoileanna nua á mbunú faoi chóras nua a tugadh isteach in 2019. Faoin gcóras sin, sa chás go mbíonn bunscoil nua le bunú i limistéar pleanála scoile nach bhfuil aon ghaelscoil cheana ann ainmnítear an scoil nua ina Gaelscoil sula gcuirtear an córas pátrúnachta i bhfeidhm.

D’fhógair an tAire chomh maith inniu gur Ag Foghlaim le Chéile a bheidh mar phátrún ar bhunscoil nua i gceantar An Naigín, Chill Iníon Léinín agus Dhún Laoghaire, ceantar eile a bhfuiltear ag súil gaelscoil nua a bhunú ann.

Dúirt an tAire Foley gur údar sásaimh ar leith di go raibh dhá ghaelscoil nua á mbunú.

“Maidir le cúrsaí teanga, táim an-sásta go háirithe go raibh sé leagtha síos go mbeadh dhá cheann de na scoileanna ina scoileanna lán-Ghaeilge sular cuireadh tús leis an bpróiseas pátrúnachta, rud a chuireann rogha an oideachais lán-Ghaeilge ar fáil do thuismitheoirí sna ceantair pleanála scoile nach raibh a leithéid ar fáil roimhe seo.” 

I Meán Fómhair 2019 a d’fhógair an t-iar-aire oideachais Joe McHugh an t-athrú ar an gcóras bunaithe scoileanna a d’fhág gur chóir go mbeadh sé níos éasca gaelscoil a bhunú feasta.

Fógraíodh an uair sin go mbeadh ar a laghad cúig cinn den 13 bunscoil nua a bhunófar idir 2020-2022 ina scoileanna lán-Ghaeilge.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais an tAcht Oideachais, 1998 nuair nár cuireadh san áireamh a ndualgais reachtúla teanga “go cuí” sa phróiseas a bhain le roghnú pátrúin do bhunscoil nua a bhí le bunú i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/Marino.

Mar thoradh ar an imscrúdú sin, mhol an Roinn in 2019 go mbunófaí córas nua a d’fhágfadh nár ghá gur ag an bpátrún a bheadh ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise.

Faoi mholadh na Roinne bhunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.

Sin atá ag tarlú anois, mar shampla, i gcás cheantar an Naigín, Chill Iníon Léinín agus Dhún Laoghaire.

D’fhógair an Roinn Oideachais cheana go mbeadh dhá bhunscoil á mbunú i gceantar An Naigín, Chill Iníon Léinín agus Dhún Laoghaire, ceann in 2020 agus ceann in 2022, agus go mbeidh ceann acu sin ina gaelscoil.

Fág freagra ar '‘Údar sásaimh ar leith’ – pátrún fógartha ag an Aire Oideachais do dhá ghaelscoil nua i mBaile Átha Cliath'

  • Rossa Ó Snodaigh

    Ehh???
    Tá seacht nGaelscoil luaite le h-oscailt san alt agaibh.
    Is “é an Foras Pátrúnachta a bheidh i bhfeighil an dá scoil nua i nDomhnach Míde, Binn Éadair BÁC 13 agus i mBÁC 2 agus BÁC 4.”
    Sin dhá cheann i mBÁC 13 agus ceann i mBÁC 2 agus BÁC 4. = 4 Ghaelscoil.
    Ag deireadh an ailt
    “Faoi mholadh na Roinne bhunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge……Sin atá ag tarlú anois, mar shampla, i gcás cheantar an Naigín, Chill Iníon Léinín agus Dhún Laoghaire. = 3 Ghaelscoil
    4 + 3 = 7

  • S. Mac Muirí

    Sílim gur 2020 go 2022 trí bliana san áireamh atá faoi thrácht a Rossa. (Chuas i muinín suíomh sacsaise na roinne!).
    Tuairim is 2 ghaelscoil a bhunófar in aghaidh na bliana faoin gcóras so. – Is buíoch le bocht beagán.
    Thit muinn siar le blianta faoi sheanchóras na roinne; ábhar sásaimh do go leor acu, cheapfainn.