Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath atá le tabhairt faoin obair thaighde a bheidh mar chuid den athbhreithniú agus measúnú atá le déanamh ar na meáin Ghaeilge.
Is í an tOllamh Regina Uí Chollatáin, Príomhoifigeach agus Déan, Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaís in UCD, a bheidh ina ceann feadhna ar an athbhreithniú, atá á mhaoiniú ag Coimisiún na Meán.
Athbheochan na Gaeilge agus iriseoireacht na Gaeilge na príomhréimsí taighde atá ag an Ollamh Regina Uí Chollatáin, arb as Leitir Ceanainn i nDún na nGall di ó dhúchas. Tá sí ina Cathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge agus is iarbhall í de Bhord Stiúrtha TG4.
Tá an t-athbhreithniú le díriú ar na meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa, ar líne agus as líne, agus ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla. Tá tuarascáil le réiteach mar chuid den athbhreithniú ina leagfar amach moltaí maidir le feabhas a chur ar na meáin Ghaeilge.
Seo an chéad uair a ndearnadh athbhreithniú cuimsitheach dá leithéid ar na meáin Ghaeilge.
Tá an t-athbhreithniú le díriú ar na róil atá ag TG4 agus RTÉ mar sholáthróirí ábhar Gaeilge agus féachfar chomh maith ar ról RTÉ Raidió na Gaeltachta laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.
Beidh béim chomh maith, a deirtear, ar na dualgais reachtúla atá ann i dtaobh soláthar ábhar i nGaeilge, ar an ról ba chóir a bheith ag na meáin i gcúrsaí oideachais, agus ar an soláthar Gaeilge do dhaoine óga.
Meastar gur i dtreo dheireadh na bliana seo chugainn a fhoilseofar an tuarascáil chríochnúil ar an athbhreithniú.
Cuirfear an obair i gcrích i dtrí chéim thar thréimhse naoi mí. Sa gcéad chéim déanfar anailís ar an ábhar atá ar fáil i nGaeilge sna meáin faoi láthair. Ansin reáchtálfar pobalbhreith sa nGaeltacht agus lasmuigh di chun tuairimí an phobail a bhailiú “faoi éifeachtúlacht agus ábharthacht na meán Gaeilge”. Bainfear leas as torthaí na pobalbhreithe agus as an anailís a dhéanfar orthu le polasaithe nua a cheapadh.
Ar deireadh foilseofar tuarascáil a bheidh bunaithe ar an anailís agus an taighde, tuarascáil ina ndéanfar moltaí maidir leis na réimsí is práinní ina dteastaíonn gníomh. Beidh moltaí ann chomh maith maidir le “straitéisí córasacha chun feabhas a chur ar chaighdeán agus éagsúlacht na meán Gaeilge”.
Tá folúntas do Bhainisteoir Tionscadail fógartha ag UCD faoi láthair. Deirtear sa bhfógra go mbeidh an té a cheapfar “ag plé go príomha le rannpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha sna meáin Ghaeilge agus le cleachtas oideachais chun úsáid na meán a chur chun cinn mar uirlis fheabhsaithe i sealbhú teanga”.
Sibéal
Léiríonn an grianghraf seasamh na Gaeilge sna hollscoileanna.
Ghlac Údarás Ceannais an choláiste leis an ísliú gráda sin agus an Ghaeilge i litreacha fíórbheaga agus iad sa sean-chló oidhreachtúil atá doléite do go leor.
Cordelia Nic Fhearraigh
‘…soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla…’
An bhfuil gaeilg ar bith sna meáin bhéarla…?
Aontaím leat a Shibéal fan stádas atá ag an ghaeilg sna hollscoltacha. Agus dar ndóighe níl aitheantas ar bith don ghaeilg ag na hinstitiúidí 3ú leibhéal – príobháideach agus poiblí – eile…