Tús le cur sa Dáil leis an gcéad chéim eile den Bhille Teanga 

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil súil aige an chéim seo a chríochnú ‘chomh luath in Éirinn agus is féidir’

Tús le cur sa Dáil leis an gcéad chéim eile den Bhille Teanga 

Tá sé i gceist tús a chur leis an gcéad chéim eile d’achtú an Bhille Teanga leasaithe an tseachtain seo.

Cuirfear tús le Céim an Choiste den Bhille Dé hAoine, an 22 Eanáir, ag cruinniú i seomra na Dála.

I litir a scríobh sé chuig Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh, an tseachtain seo caite, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh sé “thar a bheith sásta” go bhfuil aontaithe ag an gCoiste Gnó an cruinniú a reáchtáil an tseachtain seo.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil súil aige an chéim seo a chríochnú “chomh luath in Éirinn agus is féidir ina dhiaidh sin”.

Dúirt an tAire Stáit Chambers sa litir go raibh díomá nár éirigh le Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge na leasuithe atá molta ar an mBille Teanga a phlé roimh an Nollaig. Cinneadh an obair sin a chur siar ag an am toisc nach raibh na leasuithe uile aistrithe ag Oifig na mBillí, leasuithe an Aire Stáit ina measc. Bhí easaontas cheana idir an tAire Stáit agus baill an choiste faoin moill ar an mbille.

D’iarr Aengus Ó Snodaigh an tseachtain seo caite go reáchtálfaí cruinnithe an Roghchoiste i seomra na Dála an mhí seo toisc nach féidir teacht le chéile i seomraí na gcoistí de bharr na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm i dTithe an Oireachtais faoi láthair. 

Tá socraithe anois cruinnithe an Roghchoiste a reáchtáil sa Dáil gach Aoine fad is atá na srianta sin i bhfeidhm.

Meastar go mbeidh an Roghchoiste in ann dhá chruinniú dhá uair an chloig a bheith acu sa Dáil gach Aoine. Bheadh briseadh idir an dá chruinniú chun na srianta a chomhlíonadh.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh roimhe seo go mbeadh obair mhíosa i gceist na leasuithe ar fad atá molta – tá breis agus 300 acu ann – a phlé.

Agus é ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine seo caite, dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh laigí an bhille aitheanta ag an Rialtas agus go raibh sé geallta sa chlár Rialtais go dtabharfaí bille níos láidre chun cinn. 

“Tá tacaíocht an Rialtais faighte agam féin agus ag an Aire Martin roinnt leasuithe a mholadh a láidreoidh an bille agus tá súil agam iad sin a chur chun cinn ag céim an choiste Dé hAoine seo chugainn.”

Agus é ag labhairt ar Adhmhaidin dúirt an tAire Stáit Chambers go mbeadh sprioc sa bhille go mbeidh “20% d’earcaigh nua i gcomhlachtaí phoiblí inniúil sa Ghaeilge” roimh 2031, ach dúirt sé freisin go mbeadh an tAire Gaeltachta in ann spriocdháta nua a leagan síos mura mbainfí sin amach.

“Mura bhfuil [an earcaíocht 20%] bainte amach faoin 31 Nollaig 2030, beidh ar an Aire spriocdháta [nua] a leagan síos roimh an 1 Iúil, 2031,” a dúirt an tAire Stáit.

Cháin Aengus Ó Snodaigh an leasú sin agus dúirt sé go raibh an baol ann go bhféadfaí an sprioc “a chur siar arís is arís eile”.

“Mura bhfuil sprioc dhaingean sa dlí, níl thiocfaidh biseach ar bith ar chás na Gaeilge sa státseirbhís,” a dúirt Ó Snodaigh.

Fág freagra ar 'Tús le cur sa Dáil leis an gcéad chéim eile den Bhille Teanga '

  • Mífhoighneach

    Bheadh cúpla sráid do Ghaeilgeoirí tógtha faoin am seo agus sinn ag fanúint ar na billí teanga seo nach gcuireann dualgas ar an státseirbhís do bheith ag plé le Gaeilgeoirí tré mhéan na Gaeilge.