Easaontas idir an rialtas agus Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir leis an moill ar Bhille Teanga

Gealladh i gclár an Rialtais go mbeadh bille teanga nua achtaithe roimh dheireadh 2020 ach ní tharlóidh sin go dtí earrach na bliana seo chugainn ar a luaithe

Easaontas idir an rialtas agus Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir leis an moill ar Bhille Teanga

Tá easaontas ann idir an Rialtas, Coiste Gaeilge an Oireachtais agus Tithe an Oireachtais féin maidir leis an moill is déanaí ar an mBille Teanga nua.

Gealladh i gclár an rialtais go mbeadh bille nua achtaithe roimh dheireadh 2020 ach ní tharlóidh sin go dtí earrach na bliana seo chugainn ar a luaithe toisc go dteastaíonn tuilleadh ama chun na leasuithe atá molta a réiteach.

Chinn Coiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge inné an plé a bhí le déanamh faoin mbille inniu seo a chur siar go dtí an 20 Eanáir.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers le Tuairisc.ie go raibh díomá air go raibh tuilleadh moille i gceist leis an gcéad chéim eile d’aistear an bhille trí Thithe an Oireachtais. Dúirt an tAire Stáit go ndeachaigh an bille tríd an dara céim sa Dáil ar an 8 Deireadh Fómhair agus go raibh súil aige go gcuirfí tús leis an gcéad chéim eile an tseachtain seo ach go raibh moill i gceist de bharr líon na leasuithe a bhí molta ag an bhfreasúra.

“Bhí sé aitheanta ag an Rialtas i gClár an Rialtais gur theastaigh Bille Teanga níos láidre agus, an mhí seo caite, fuair mé féin agus an tAire Martin tacaíocht an Rialtais chun roinnt leasuithe a mholadh a neartóidh an Bille,” arsa an tAire Stáit Chambers le Tuairisc.ie.

“Chuaigh an Bille tríd an Dara Céim sa Dáil ar an 8ú Deireadh Fómhair, agus bhíomar ag súil go gcuirfí tús le Céim an Choiste amárach. Faraor, áfach, de bharr an méid leasuithe atá molta ag an bhfreasúra, os cionn 300 acu, chuir Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge in iúl dúinn inné nach mbeidís réidh le tús a chur le Céim an Choiste go dtí an bhliain nua.

“Cinnte, tá mé díomách mar tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an reachtaíocht seo. Tá súil agam nach gcuirfear a thuilleadh moille ar chúrsaí agus go mbeidh muid in ann an Bille a bhrú chun cinn chomh sciobtha is atá muid in ann i mí Eanáir,” a dúirt sé.

Dúirt Cathaoirleach Choiste an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, áfach, go léiríonn “meon” an rialtais agus an státchórais maidir leis an scéal seo “nach bhfuil aon deifir orthu” tabhairt faoin obair “atá de dhíth” chun an Ghaeilge “a tharrtháil”.

Dúirt Teachta Dála Shinn Féin gur ar éigean go mbeidh an bille achtaithe roimh an gCáisc 2021.

“Is masla é don Ghaeilge agus do Theachtaí Dála le Gaeilge nach féidir gnó bunúsach an Oireachtais a dhéanamh as Gaeilge,” arsa Ó Snodaigh.

Dúirt sé nach mbíonn cothrom na Féinne i gceist nuair a dhéantar iarracht an Ghaeilge a úsáid i dTithe an Oireachtais agus go bhfuil sé chun gearán a dhéanamh leis an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl agus le hAire na Gaeltachta Catherine Martin faoin dímheas atá léirithe do phobal na Gaeilge sa chás áirithe seo.

Dúirt Ó Snodaigh go mbeadh i bhfad níos mó dul chun cinn déanta ag an gcoiste mura mbeadh an bille nua seolta go dtí an coiste mícheart ag an Aire Stáit, botún nár ceartaíodh go dtí roinnt seachtainí ina dhiaidh sin.

“Bheadh muid i bhfad chun cinn mar gheall ar an mBille seo murach an botún a bhí déanta ag an Aire Stáit Jack Chambers a sheol an Bille go dtí an Coiste mícheart agus nár cheartaigh sé a bhotún féin go dtí os cionn mí ina dhiaidh. Níor fhoilsigh sé ach oiread na leasuithe a bhí fógartha aige fiú, nó mar a gealladh, na dréachtchaighdeáin a bheadh mar chuidiú dóibh siúd a bhí ag ullmhú leasuithe,” arsa Ó Snodaigh.

Dúirt urlabhraí Shinn Féin agus Cathaoirleach Choiste na Gaeilge nach raibh sé ag fáil locht ar fhoireann Oifig na mBillí “atá ag obair faoi bhrú” ach gur léir nach bhfuil dóthain acmhainní ná tacaíochta acu chun an obair a dhéanamh a theastaíonn le go mbeidh an Coiste “in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh”.

Cynthia Ní Mhurchú

“Rinne mé gach iarracht,” a dúirt Ó Snodaigh, “cúnamh a thabhairt don tseirbhís [Oifig na mBillí] i dTithe an Oireachtais chun an jab a dhéanamh níos éasca dóibh – d’fhógair mé i bhfad roimh an spriocdháta go raibh roinnt mhaith leasuithe á gcur isteach agam; lorg mé spriocdháta uathu a bhí in oiriúint dóibh i bhfad roimh ré; agus mar chuidiú chuir mé 90% de mo leasuithe acu breis is seachtain roimh an spriocdháta – seo fiú sular chuir an tAire féin leasuithe an rialtais isteach.”

I litir a cuireadh go dtí Coiste Gaeilge an Oireachtais, ghéill Oifig na mBillí go bhfuair siad formhór na leasuithe roimh an spriocdháta ach dúirt siad nach raibh  siad ag súil go mbeadh an oiread oibre i gceist agus a bhí agus go raibh níos mó ama ag teastáil chun an obair a chur i gcrích.

Moladh os cionn 300 leasú ar an mbille agus 40,000 focal atá sna leasuithe sin.

Dúirt Oifig na mBillí go raibh na leasuithe i nGaeilge agus i mBéarla agus ós rud gur bille dátheangach atá ann, go gcaithfí na leasuithe sa dá theanga a aistriú.

“Is fíor gur i bhfad roimh an spriocdháta, Dé hAoine seo caite, a cuireadh isteach cuid mhaith de na leasuithe, agus ba mhór an chabhair é sin, go háirithe don Rannóg [Aistriúcháin],” a dúradh.

Dúradh go raibh taithí ag Rannóg an Aistriúcháin agus ag Oifig na mBillí ar bhillí dátheangacha a phróiseáil ach nach raibh “léargas iomlán ann ar mhéid na hoibre a bheadh i gceist go dtí an spriocdháta, Dé hAoine seo caite, nuair a bhí na leasuithe go léir faighte agus scagtha”.

Agus é ag cruinniú den choiste Oireachtais inné, dúirt Aengus Ó Snodaigh gur tugadh le fios dó go mbeadh an obair atá le déanamh ar na leasuithe atá curtha isteach go dtí seo réidh faoin am go bhfillfí ar an obair i dTithe an Oireachtais i ndiaidh bhriseadh na Nollag.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh an baol ann go mbeadh moill eile i gceist mí Eanáir, áfach. Mar gur cinneadh an plé ar an mbille a chur siar, tá deis eile ag páirtithe leasuithe a mholadh agus bheadh ar Oifig na mBillí na leasuithe sin a phróiseáil chomh maith.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Dara Calleary go raibh sé “dochreidte” go rabhthas ag plé bille chun seirbhísí Gaeilge a neartú agus, ag an am céanna, nach raibh na hacmhainní i dTithe an Oireachtais  an tseirbhís a theastaíonn a chur ar fáil don choiste.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh díomá uirthi go raibh tuilleadh moille i gceist leis an mbille ach go raibh “an locht ar an mBille féin” mar go bhfuil sé chomh “lag” sin. Dúirt sí gur léirigh líon na leasuithe a bhí molta cé chomh lag agus bhí an bille.

Dúirt Connolly freisin go raibh “trua” aici d’Oifig na mBillí ach nach raibh “aon trua” aici don Rialtas.

Agus í ag tabhairt fianaise os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inné, dúirt an t-abhcóide agus iarchraoltóir Cynthia Ní Mhurchú gur ag snámh in aghaidh easa a bheifí leis an mbille nua mura gcinnteofaí ann go n-earcófaí dóthain daoine le Gaeilge le seirbhísí a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge.

Dúirt Ní Mhurchú go gcaithfear “cosán gairmiúil slí bheatha níos fearr” a chur ar fáil do dhaoine óga a bhfuil Gaeilge acu chun spreagadh a thabhairt dóibh dul isteach sa státseirbhís.

Dúirt sí gur fadhb an mhór í a laghad postanna sa státseirbhís a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo.

Dúirt an scríbhneoir aitheanta Liam Mac Cóil go raibh a gcearta teanga á séanadh ar phobal na Gaeilge toisc an dearcadh agus an bhéascna chéanna a bheith ag státseirbhísigh an lae inniu is a bhí ag a macasamhail aimsir “dhorcha” Anraoi a hOcht.

Fág freagra ar 'Easaontas idir an rialtas agus Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir leis an moill ar Bhille Teanga'