Tús bog ag Áth Cliath agus leis an Ráig faoin gCúig

Imreoidh Áth Cliath agus Tír Eoghain sa chraobh den chéad uair an samhradh seo tráthnóna agus beidh cluiche mór eile i gConnachta tráthnóna chomh maith

Tús bog ag Áth Cliath agus leis an Ráig faoin gCúig

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Maigh Eo v Ros Comáin – Páirc Mhic Éil, 7.00pm (Beo ar Sky Sports)

Tabharfaidh Maigh Eo agus Ros Comáin aghaidh ar a chéile i gCaisleán an Bharraigh i gcluiche leathcheannais Chonnacht anocht. D’éirigh leis an dá fhoireann seo a gcluichí sa bhabhta ceathrú ceannais a bhuachan ach ba bheag dua a cuireadh ar cheachtar acu. Fuair Maigh Eo an ceann is fearr ar Nua-Eabhrac agus bhuaigh Ros Comáin ar Liatroim níos túisce an mhí seo.

Tá Ros Comáin ag iarraidh cluiche ceannais an chúige a bhaint amach den cheathrú bliain as a chéile ach seo an chéad uair ó 2001 a mbeidh orthu an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo sa chraobh chun é sin a dhéanamh.

Bhí bua aon phointe amháin ag Maigh Eo ar Ros Comáin nuair a chasadar ar a chéile ag tús na sraithe. Bhí sé ina stoirm an oíche sin i gCaisleán an Bharraigh agus ba cheart go mbeadh sé cúrsaí níos éasca ar na himreoirí tráthnóna.

Beidh misneach ag Maigh Eo tar éis dóibh Roinn a 1 na sraithe a bhuachan i mbliana agus díocas orthu craobh an chúige a bhuachan chomh maith. Is maith a thuigeann siad na dúshláin a bhaineann le bheith ag imirt sna babhtaí cáilithe seachtain i ndiaidh seachtaine.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Ceatharlach v An Mhí – Páirc Uí Mhórdha, 5.00pm

Bhí bliain den scoth acu anuraidh, ach ní raibh an saol chomh réidh ag peileadóirí Cheatharlach i mbliana. Díbríodh iad ó Roinn 3 na sraithe san earrach agus mar bharr ar an mí-ádh, tá bainisteoir na foirne, Turlough O’Brien, an t-imreoir lár páirce Breandán Murphy, agus duine eile den lucht bainistíochta uile curtha ar fionraí de bharr eachtra a tharla ina gcluiche sraithe i gcoinne an Dúin mí an Mhárta.

An Mhí a bheidh rompu tráthnóna, foireann a raibh feachtas sraithe iontach acu inar bhain siad ardú céime e amach acu go dtí Roinn 1. Is dóigh go raibh bainisteoir na Mí Andy McEntee ag súil go gcuirfeadh sé sin borradh faoin bhfoireann sa chraobh ach cé go bhfuair siad an ceann is fearr ar Uíbh Fhailí sa chéad bhabhta, ní raibh ach dhá phointe idir na foirne sa chluiche sin.

Beidh McEntee agus a fhoireann ag súil le taispeántas níos fearr tráthnóna agus cé go mbeidh sé deacair acu stíl chosantach Cheatharlach a chloí, ba cheart go n-éireodh leo.

Rogha Tuairisc.ie: An Mhí

Áth Cliath v An Lú – Páirc Uí Mhórdha, 7.00pm

A n-ainm a chur sa Táin an sprioc atá ag peileadóirí Átha Cliath i mbliana agus iad sa tóir ar a gcúigiú craobh as a chéile. Anocht a chuirfear tús leis an Ráig faoin gCúig sin i bPort Laoise, cé gur beag seans go bhfanfaidh cluiche an lae inniu i gcoinne an Lú i bhfad i gcuimhne ná i seanchas na ndaoine.

Níor bhuaigh an Lú ar Áth Cliath sa chraobh ó 1973 agus ní athróidh an scéal sin tráthnóna. Ní raibh foireann Jim Gavin gan locht sa tsraith, agus den chéad uair ó 2012, níor éirigh leo an cluiche ceannais a bhaint amach. Mar sin féin bheadh sé ar cheann de mhóriontais na peile dá n-éireodh leis an Lú seaimpíní na hÉireann a bhualadh inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Aontroim v Tír Eoghain – An Pháirc Lúthchleasaíochta, 6.00pm (Beo ar BBC)

Tar éis dóibh cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach anuraidh, tá peileadóirí Thír Eoghain ar ais ag imirt sa chraobh tráthnóna agus iad ag imirt i gcoinne Aontroma i gcluiche ceathrú ceannais Uladh.

Buaileadh buille ar fhoireann Mickey Harte le mí anuas nuair a d’fhógair Rory O’Neill agus Lee Brennan nach mbeidís ag imirt dóibh i rith an tsamhraidh. Níl Mark Bradley ar fáil do Harte ach an oiread, rud a fhágann gur beag na roghanna atá ag Tír Eoghain sna tosaithe.

Is maith an rud é mar sin go bhfuil Cathal McShane ag imirt ar fheabhas mar lántosach i mbliana. Timpeall lár páirce is mó a d’imríodh McShane dá chontae roimhe seo ach tá sé socraithe isteach sa líne lántosach anois agus an neart agus an choisíocht atá ann ag dul chun tairbhe do Thír Eoghain.

Níl ach trí chluiche craoibhe imeartha ag Tír Eoghain agus Aontroim in aghaidh a chéile le 30 bliain ach Tír Eoghain a bhuaigh na trí cinn sin. Déarfá gurbh amhlaidh a bheidh an scéal inniu. Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Fág freagra ar 'Tús bog ag Áth Cliath agus leis an Ráig faoin gCúig'