Tús á chur tráthnóna le Traidphicnic an Spidéil agus scoth an cheoil geallta

I measc na gceoltóirí a bheas ag an Traidphicnic i mbliana tá Dé Danann, Lisa O’Neill, Jesse Smith agus Dolores Keane

Tús á chur tráthnóna le Traidphicnic an Spidéil agus scoth an cheoil geallta

Cuirfear tús leis an Traidphicnic i sráidbhaile Gaeltachta an Spidéil i gConamara tráthnóna agus mairfidh an fhéile cheoil ar feadh an deireadh seachtaine ar fad.

Seo an seachtú bliain den Traidphicnic, agus ‘íoc an méid is féidir leat’ an treoir don lucht freastail.

Seolfar an Traidphicnic inniu ag 2.30in ar an phríomhardán atá tógtha ag Ceardlann an Spidéil.

Beidh amhránaithe agus ceoltóirí eile as an cheantar ar an ardán an chuid eile den tráthnóna, Nóirín Ní Ghrádaigh, Colm Devane agus Jimí Ó Ceannabháin ina measc.

Leanfar leis an cheol anocht ar an phríomhardán le Alec Finn agus Kathleen Loughnane. Ina dhiaidh sin beidh ceol ó Lisa O’Neill, amhránaí aitheanta as contae an Chabháin, an fidléir Jesse Smith agus an damhsóir ar an sean-nós, Seosamh Ó Neachtain.

An grúpa Cogar a chuirfidh tús leis na himeachtaí Dé Sathairn ag a 2.30in agus beidh Tomás Ó Neachtain agus The McCarthy Family ag ceol chomh maith. Ina dhiaidh sin beidh Dé Danann, Frankie Gavin, Alec Finn, Aidan Coffet, Colm Murphy agus Dolores Keane ag cur an cheoil agus na n-amhrán ar fáil.

Lá mór na mbannaí a bheas ar siúl Dé Domhnaigh, nuair a rachaidh Harpanno (Aisling Lyons, Dale McKay agus Conor Broderick), ALFI, Navá agus Ceoltóirí Chois Fharraige i mbun ceoil.

Chomh maith leis na seisiúin ar an ardán ag an Cheardlann, beidh scoth na seisiún ar siúl sna tithe tábhairne sa Spidéal gach oíche, agus beidh ceardlanna ceoil agus damhsa á reáchtáil Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Ar chlár na féile chomh maith tá ‘Deasghnátha an Chroí’, togra físealaíne ina dtabharfar léiriú ar ealaín agus ceirdeanna na Gaeltachta.

Beidh neart imeachtaí eile ar siúl le linn na féile, ina measc sníomh olla, péinteáil aghaidhe, ealaín sráide chailce agus spraoi le móin, mar a mbeidh seodra á ndéanamh as móin.

Seolfar freisin an feachtas timpeallachta ‘Meabhrach ar Chupáin’ agus iarrfar ar an lucht freastail cupáin inathúsáide a bhreith leo.

Fág freagra ar 'Tús á chur tráthnóna le Traidphicnic an Spidéil agus scoth an cheoil geallta'