Tús á chur leis an margáintíocht faoi rialtas eile a chur le chéile, Fianna Fáil ar an stiúir

Is é páirtí Fhianna Fáil an páirtí is mó a bheidh sa gcéad Dáil eile agus ceannaire an pháirtí, Micheál Martin ar tí a bheith ina Thaoiseach arís

Tús á chur leis an margáintíocht faoi rialtas eile a chur le chéile, Fianna Fáil ar an stiúir

Beidh plé is caibidil ag na páirtithe polaitiúla ar fad sna laethanta beaga seo romhainn agus tús á chur leis an margáintíocht go léir le rialtas eile a chur le chéile.

Is é páirtí Fhianna Fáil an páirtí is mó a bheidh sa gcéad Dáil eile agus ceannaire an pháirtí, Micheál Martin ar tí a bheith ina Thaoiseach arís.

Beidh 10 dteachta níos mó ag Fianna Fáil sa 34ú Dáil thairis mar a bheidh ag páirtí Fhine Gael agus Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó sa tír arís. D’éirigh le Fianna Fáil 21.95% de na vótaí céadrogha a fháil san olltoghchán Dé hAoine seo caite agus thugadar leo 48 de na suíocháin sa stát.

Ó thaobh a sciar den vóta céadrogha bhí Fine Gael sa dara háit ag 20.8%, agus 19% a bhí ag Sinn Féin.

D’éirigh le Sinn Féin 39 suíochán Dála a fháil ar an vóta sin agus iad chun cinn ar Fhine Gael a bheidh sa tríú háit le 38  Teachta Dála, agus díomá orthu nár éirigh leo ach cúpla suíochán breise a fháil faoina gceannaire nua, an Taoiseach Simon Harris.  Bhí a lán den tuairim go raibh feachtas Fhine Gael éidreorach go maith.

De bharr athbhreithniú a rinne an Coimisiún Toghcháin anuraidh, cinneadh ceathrar déag Teachtaí Dála breise a cheapadh i nDáil Éireann le teacht leis an ardú ar an daonra. Beidh 174 Teachta sa gcéad Dáil eile agus teastóidh 88 TD le comhrialtas a chur le chéile.

Fágann sin go mbeadh 90 Teachta Dála ar a laghad ag teastáil ionas go mbeadh tromlach teann ag an rialtas a bheadh in ann seasamh sa gcás go dtarlódh aon tréigean nó laghdú.

Micheál Martin a bheidh ar an stiúir sna cainteanna sin agus 48 Teachta Dála ag a pháirtí, ochtar sa mbreis ar 2020, agus an cheist mhór ná an mbeidh uainíocht á déanamh arís sa gcéad rialtas eile ar ról an Taoisigh.

Dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe, gur gá socrú faoi uainíocht an Taoisigh a dhéanamh le Fianna Fáil, agus dúirt go dtiocfaí ar réiteach faoin scéal sin san idirbheartaíocht a tharlódh anois.

Más le Fianna Fáil agus Fine Gael a bheith ar ais i Rialtas, ní bheidh tromlach acu go dtí go bhfaighidh siad tacaíocht ó theachtaí neamhspleácha nó ó cheann de na páirtithe sa Dáil atá níos lú ná iad féin.

D’ainneoin gurb iad Fine Gael agus Fianna Fáil a bheidh sa gcéad Rialtas eile, is mór a bheidh idir an Dáil nua agus an ceann deiridh mar tá breis is 60 Teachta nua ag teacht isteach.

Tá sé ráite ag ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald go bhfuil tús curtha ag Sinn Féin le cúrsaí rialtais a phlé le Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta in iarracht comhrialtas ar an eite chlé a thabhairt le chéile.

Ar na Teachtaí Dála a chaill a suíocháin sa toghchán, bhí an tAire Sláinte Stephen Donnelly, agus Catherine Martin ón gComhaontas Glas, a bhí ina hAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán. Chaill Donnelly a shuíochán i gCill Mhantáin agus i mBaile Átha Cliath-Ráth an Dúin a bhí Martin.

Sa sceanairt a rinneadh ar an gComhaontas Glas chaill beirt Ghaeilgeoirí eile a suíocháin, Ossian Smyth agus Malcom Noonan, agus níor toghadh ar ais chun na Dála ach an ceannaire Roderic O’Gorman.

Seisear Teachtaí Dála a bhí ag na Daonlathaithe Sóisialta sa Dáil dheireanach agus agus is beag nach bhfuil a dhá oiread acu anois le 11 suíochán.

Chruthaigh Páirtí an Lucht Oibre go maith 11 suíochán a ghnóthachtáil freisin.

An 18 Nollaig an chéad lá a dtiocfaidh an 34ú Dáil le chéile ach is maith an seans nach gcuirfear tús leis an idirbheartaíocht i gceart faoin gcéad rialtas eile go dtí go mbeidh an Nollaig thart.

Bhí díomá ar Shinn Féin faoin titim a bhí ar thacaíocht an pháirtí sna toghcháin áitiúla i dtús an tsamhraidh ach tháinig feabhas ar a vóta san olltoghchán seo cé nach raibh siad i ngaobhar don 24.5% a bhí ag an bpáirtí in olltoghchán 2020.

Beidh beirt Teachtaí ag Aontú sa gcéad Dáil eile mar d’éirigh le Paul Lawless suíochán a fháil i Maigh Eo le bheith i dteannta cheannaire an pháirtí, Peadar Tóibín sa Dáil.

Ar an gcúigiú comhaireamh déag a toghadh Pat ‘the Cope’ Gallagher i nDún na nGall agus é ag tabhairt aghaidh ar an Dáil arís tar éis ceithre bliana amuigh ar féarach.

Tá riadaire Fhianna Fáil 76 bliain d’aois agus i 1981 a toghadh chun na Dála ar dtús é. Tá trí thréimhse caite aige mar fheisire Eorpach chomh maith.

Baineadh croitheadh as corrmhúnla sa toghchán seo – fágadh Dún na nGall agus Ciarraí d’uireasa Teachta Dála de chuid Fhine Gael. I nGaillimh thiar beirt bhan a bhí ar cheann an chomhairimh, Mairéad Farrell do Shinn Féin agus Catherine Connolly, neamhspleách.

Ceann de na torthaí ba mhó a tharraing caint ná nuair a fógraíodh go raibh Marie Sherlock, Gaeilgeoir ón Lucht Oibre de bhunadh Chorcaí, tar éis an ceann is fearr a fháil ar fhear a bhfuil a cháil amuigh, Gerard ‘the Monk’ Hutch, agus an suíochán deiridh i mBaile Átha Cliath Láir buaite aicise.

Fág freagra ar 'Tús á chur leis an margáintíocht faoi rialtas eile a chur le chéile, Fianna Fáil ar an stiúir'