Tús á chur anocht sa Spidéal le sraith cainteanna ar thraidisiún na croise in Éirinn

An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh i measc na gcainteoirí a bheidh ann agus déanfar plé ar an gcrois i dtrí chomhthéacs: an chrois sa stair, an chrois sa scrioptúr, agus an chrois sa saol

Screen Shot 2015-09-08 at 20.27.58

Cuirfear tús anocht le sraith cainteanna i Séipéal Chill Éinde ar an Spidéal faoi thraidisiún na croise in Éirinn. Is le linn an Aifrinn a thabharfar na cainteanna ar fad agus leanfar leo as seo go dtí an Mháirt seo chugainn, iad gob ar ghob le seachtain tiomnaithe.

Déanfar plé ar an gcrois i dtrí chomhthéacs, mar atá, an chrois sa stair, an chrois sa scrioptúr, agus an chrois sa saol.

I measc na gcainteoirí a chloisfear ann, beidh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, ollamh emeritus le stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Dr. Salvador Ryan (Ollscoil Mhá Nuad) agus an Dr. Peter Harbison (Acadamh Ríoga na hÉireann).

Is é an Dr. Ryan is túisce a bheidh i mbun cainte agus díreoidh seisean anocht ar cé mar a cuireadh an chrois i láthair i litríocht dúchais na hÉireann ón meánaois ar aghaidh. Féachfaidh an tOllamh Ó Tuathaigh ar an gcultúr deabhóideach a bhain leis an gcrois i measc Caitliceach ó aimsir na bPléindlíthe amach agus scrúdóidh an Dr. Harbison traidisiún na hArdchroise in Éirinn ina chaint seisean.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt an Dr. Harbison go mbeadh sé ag labhairt ar cheithre ghné ar leith den stair a bhaineann leis an gcrois in Éirinn, mar atá, cé mar a chuir muintir na hÉireann le ceird na dealbhóireachta san Eoraip sa Mheánaois, go háirithe i dtaca le gearradh na croise; an t-ardchaighdeán a bhain le gearradh na croise in Éirinn; cé chomh neamhghnách is atá sé radharcanna ón mbíobla a fheiceáil ar an gcrois; agus an fheidhm atá leis an bhfáinne ar chrois na hÉireann, ceann dá comharthaí sóirt nach bhfuil le feiceáil ar chroiseanna as tíortha eile.

Tabharfaidh an craoltóir Brenda Drumm caint uaithi ar conas a thugann a creideamh sólás di agus í ag dul i ngleic leis an ailse (mialóma) ó lá go lá.

Is bean í Elber Twomey, as Corcaigh, a bhí ag súil le páiste tamall de bhlianta ó shin ach bhí timpiste bhóthair aici agus cailleadh an leanbh a bhí sa bhroinn aici, mar aon lena gasúr agus a fear céile. Ag caint faoin taca a bhaineann sí as an gcreideamh a bheidh sise.

Is iad an tEaspag Breandán Ó Ceallaigh agus an tEaspag Máirtín Ó Droighneáin a bheidh i mbun an Aifrinn Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh faoi seach agus beidh siadsan ag machnamh ar an an gcrois sa scrioptúr. Tabharfar turas na croise ansin ag 7.30 tráthnóna Dé Domhnaigh.

Is é an tAthair Seán Mac Aodha atá ag eagrú na hócáide agus mhínigh sé do Tuairisc.ie gur theastaigh uaidh go mbeadh sí ann an tseachtain seo le go mbeadh sí ag rith isteach i bhFéile Ardú na Croise agus Comóradh Mhuire na nDólás, a bheidh ar siúl Dé Luain agus Dé Máirt seo chugainn.

‘Ardchrois an Spidéil’ an teideal atá baiste ar an ócáid agus beidh an ardchrois chéanna i lár an aonaigh agus na cainteanna thuas á dtabhairt i gCill Éinde.

Is í an t-ealaíontóir Imogen Stuart (88) a dhear an chrois áirithe sin. Baile Átha Cliathach darb ainm Philip O’Neill a thóg agus a chuir i gcrích í.

Tá fáilte roimh chách freastal ar na cainteanna agus páirt a ghlacadh sa tseachtain tiomnaithe.

Fág freagra ar 'Tús á chur anocht sa Spidéal le sraith cainteanna ar thraidisiún na croise in Éirinn'