‘Ní sheasaim in aon líne ag fanacht, más féidir liom é a sheachaint.’ Bhí an bhean óg taobh liom sásta fanacht sa suíochán an fhad is a bhí na céadta paisinéirí eile ag déanamh líne os comhair deasc seiceála de chuid Aer Lingus, agus gan duine ar bith ag freastal orthu.
‘Tá an chosúlacht ort go ndéanann tú go leor taistil,’ a dúirt mé féin. Bhí sí tar éis An Iorua, an India, Neipeal, agus an Bhulgáir a lua sna chéad chúpla abairt uaithi.
‘Seans ar bith go bhfuil tú ag obair don Aontas Eorpach?’ a d’fhiafraigh mé ach bhí cineál drogall uirthi a dhul rófhada isteach ina scéal féin.
Bhí mé féin ar mo bhealach abhaile tar éis saoire a chaitheamh i Málaga i ndeisceart na Spáinne. Ní raibh an chosúlacht uirthi gur ar thóir na gréine a bhí sí féin.
Ar deireadh d’inis sí dom gur saineolaí a bhí inti agus go n-oibríonn sí d’eagraíocht neamhrialtais, go háirithe in Oirthear na hEorpa. Roimhe sin d’oibrigh sí i dtíortha éagsúla san Áise agus chaith sí roinnt blianta san Iorua nuair a ‘thit sí i grá leis an tír sin’.
Bhuel anois, ceard a bheadh oibrí carthanachta a dhéanamh in Oirthear na hEorpa? Nach bhfuil gach cabhair ar fáil ón Aontas Eorpach anois do na tíortha atá ina mbaill den eagraíocht sin?
D’inis sí dom gur saineolaí i gcúrsaí talmhaíochta í, go háirithe chomh fada agus a bhaineann le dreamanna nach bhfuil aon scil acu sna cúrsaí sin. An cine Romach mar shampla. Tá pobail mhóra Romach i dtíortha in Oirthear na hEorpa agus tá siad beo bocht. Feictear don charthanacht a bhfuil sise ag obair dóibh gur bealach amach as an mbochtanas é má thosaíonn siad ag forbairt scileanna talmhaíochta.
Dúirt sí liom nach bhfuil aon luí nádúrtha acu leis an obair sin, toisc gur thángadar amach as an India i bhfad siar – b’fhéidir míle bliain ó shin, agus rinneadh sclábhaithe díobh. D’fhág sin nach raibh aon suim acu san obair sin a cheangail siad ina n-intinn leis an sclábhaíocht.
Ní raibh aon bhogadh sa líne os ár gcomhair. Ar bhealach éigin, chuaigh an comhrá i dtreo cúrsaí ceoil. Dúirt sí liom go gcasann sí an fheadóg íseal. Glacann sí páirt i seisiúin cheoil anois is arís. Feictear dom féin, más taistealaí thú, nach bhfuil bealach ar bith níos fearr chun bualadh le daoine agus píosa den tráthnóna a chaitheamh ar bhealach taitneamhach.
‘Ach tá gléas ceoil eile agam – feadóg mhór a thug m’athair dhom na blianta ó shin.’ Thug fear chuig an Astráil é na blianta siar, fuair a hathair é, agus rinne an fhliúit a bealach abhaile arís ón Astráil go hÉirinn. Thug seisean dá iníon í.
‘Nílim ró-iontach á casadh, ach is maith liom a bheith ag baint ceoil aisti anois is arís.’ Chuir sé i gcuimhne dom go mbíodh feadóg mhór againn féin sa mbaile agus go raibh stair fhada dá leithéid aici. Luaigh sí Matt Molloy agus d’inis mé di gur chomharsana béal dorais muid i mBealach a’Doirín tráth.
‘Ar mhaith leat scéal a chloisint faoin bhfeadóg mhór sin a bhí agam agus an Bothy Band?’ arsa sise. Bí cinnte gur mhaith. Nach mbíonn na cluasa ar bior i gcónaí?
‘Nuair a bhí mé óg bhí caiséad ceoil amháin agam a thaitin go mór liom – ceann leis an mBothy Band. Bhínn ag iarraidh a bheith ag casadh in éindí leo ar an tseanfheadóg mhór, sa gcaoi is go bhfoghlaimeodh mé na poirt. B’in an t-aon áit ar chas mé í.’
‘Chuaigh mé go Cathair na Mart oíche amháin toisc go raibh coirm cheoil le bheith Tigh Mhatt Molloy ansin,’ ar sise. Bhí an choirm cheoil thar barr agus bhí sí ag súil go mbeadh seisiún neamhfhoirmeálta ina diaidh sa bpub.
Ach bhí an oíche ag titim. Bhí turas fada sa dorchadas roimpi chomh fada le Béal an Mhuirthead.
Bhailigh sí a cuid giuirléidí go ciúin agus shleamhnaigh sí amach an doras. Cé a bheadh roimpi ag doras a thí tábhairne féin ach an fliúiteadóir cáiliúil Matt Molloy?
Ghlac sí misneach agus d’inis sí dó faoin tseanfheadóg mhór a bhí faoina hascaill aici. D’inis sí dó faoin tsuim a bhí aici na blianta roimhe sin sa mbanna ceoil Bothy Band agus í ag iarraidh aithris a dhéanamh orthu.
‘Sín chugam í,’ arsa Matt. Chroch sé an tseanfheadóg a bhí tar éis taisteal go dtí an Astráil agus ar ais, agus a bhí ag an gcailín seo ar feadh na mblianta. Thosaigh sé ag casadh port di, ar an tsráid chiúin i lár Chathair na Mart.
Ní raibh a fhios aici cad a chas sé, ach i m’intinn féin, samhlaím gur chas sé an ‘Sligo Maid’, port a thaitin go mór le m’athair agus mo dheartháir a bhíodh in éindí leis i mbanna céilí Bhealach a’Doirín tráth.
Tháinig an Bothy Band le chéile cúpla bliain ó shin do choirm cheoil speisialta a bhí mar chuid de chlár fada faisnéise a rinne an comhlacht Big Mountain do TG4. Ócáid an-speisialta agus stairiúil a bhí inti.
Agus ansin sa lucht féachana, bhí mo chailín ón aerfort. Bhí sí tar éis duais dhá thicéad a bhuachan i gcomórtas a reáchtáil TG4 don scéal is fearr a bhí ag éinne faoin mBothy Band.
Fág freagra ar 'Turas tugtha ó oirthear na hEorpa go dtí Cathair na Mart – agus mé fós san aerfort'