Beidh Turas na Croise ar siúl ag Aireagal Pádraig Naofa i Mám Éan i nGaeltacht Chonamara inniu, Aoine an Chéasta. Cuireadh an tAifreann a bhíonn ar siúl i Mám Éan ar Lá Fhéile Pádraig ar ceal i mbliana mar gheall ar “chúinsí sláinte agus sábháilteachta”.
Níl a leithéid d’imní ann an mhí seo, áfach, agus é fógartha ag Paróiste Chill Bhríde go mbeidh Turas na Croise ar siúl i measc na mbeann i Sléibhte Mhám Toirc ag 15:00 inniu.
Tá cáil ar Thobar Phádraig agus Leaba Phádraig atá sa mhám cáiliúil sléibhe leis na cianta agus ar an gceangal atá ag an áit le héarlamh na hÉireann. Tógadh aireagal beag ann i 1986 agus cuireadh dealbh de ‘Phádraig Mór na hÉireann’ a rinne an dealbhadóir Cliodhna Cussen in airde.
Thart ar an am céanna cuireadh in airde na stáisiúin chloiche i Mám Éan trína n-insítear scéal Pháis Chríost. Bailíonn na sluaite as Conamara, Cois Fharraige, agus Dúiche Sheoigheach ann Aoine an Chéasta le Turas na Croise a dhéanamh.
Ceiliúrtar an tAifreann ann Lá Fhéile Pádraig agus Domhnach Chrom Dubh, an chéad Domhnach i mí Lúnasa, agus meastar go gceiliúrtaí an fhéile Cheilteach Lúnasa ag an mám na céadta bliain ó shin. Maítear gur tháinig Pádraig naofa féin chomh fada le Mám Éan agus gur bheannaigh sé Conamara ón áit sular thug sé a aghaidh ó thuaidh arís ar Mhaigh Eo.
Tá drochaimsir á tuar don lá ar fad inniu agus stádas buí báistí i bhfeidhm i gcontae na Gaillimhe. De réir oifig na haimsire, tá seans 95% ann go gcuirfidh sé báisteach i gceantar an Mháma ag 15:00, beidh 27 ciliméadar san uair faoin ngaoth ann agus an teocht 7ºC.
Fág freagra ar 'Turas na Croise ar siúl i Mám Éan inniu'