Tunes in the Church seolta aréir i Séipéal San Nioclás, Gaillimh

Tús curtha le sraith ceolchoirmeacha traidisiúnta i gceann de na séipéil is ársa sa tír

Ré Group photo 1

Seoladh ‘Tunes in the Church’ i Séipéal San Nioclás Gaillimh aréir chun tús oifigiúil a chur leis an séú bliain de cheolchoirmeacha traidisiúnta an tsamhraidh atá á reáchtáil sa seanséipéal.

Is é an fliúiteadóir aitheanta, an Canónach Gary Hastings ó Shéipéal San Nioclás, a sheol.

Ag labhairt dó leis an slua, mhol sé an díograis agus an tiomantas a léirigh Cormac Ó Beaglaoich, ball Ré agus an fear atá taobh thiar de ‘Tunes in the Church’, go háirithe sna luathbhlianta.

Ré“Grá don cheol a choinnigh na ceolchoirmeacha ar an fhód. Bhí sé iontach ciúin sna blianta tosaigh ach is ó bhéal go béal a scaipeadh an scéal agus le dhá bhliain anuas, tá thart ar cheithre scór ag teacht chuig gach ceolchoirm,” ar sé. 

Tógadh Séipéal San Nioclás sa bhliain 1320 agus is é an eaglais paróiste is mó in Éirinn é ó na meánaoiseanna atá fós ag feidhmiú mar shéipéal.

“Seo áit a gcuireann ceoltóirí an-spéis a bheith ag seinm inti, áit ar féidir an ceol a chluinstin. Tá fuaim agus atmaisféar dochreidte ar fad ann.”

Ceolchoirm neamhfhoirmiúil atá i gceist a mbíonn ceoltóirí ag caint agus ag ceol ar a suaimhneas ann. Bíonn deis ag an lucht féachana turas treoraithe gairid a dhéanamh thart ar an séipéal.

“Mo bharúil féin, an chuid is tábhachtaí de cheol s’againne ná an chuideachta. Ní leor an ceol a thuilleadh. Is féidir ceol a fháil ó bhocsa beag leictreach áit ar bith ar domhan.”

“Seo ceol a bhaineann le daoine, a tháinig anuas chugainn ó ghlúin go glúin agus nuair a sheinneann muid le chéile, cruthaíonn muid cuideachta le ceol.”

I gCorcaigh, Dé hAoine 1 Bealtaine a chuirfear tús leis an chéad chamchuairt náisiúnta de ‘Tunes in the Church’, a thugann an banna Ré (Liam Ó Maonlaí, Maitiú Ó Casaide, Eithne Ní Chatháin, Peter O’Toole agus Cormac Beagley) ar chamchuairt choicíse timpeall na tíre chuig seipéil éagsúla. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Ré’ ar Facebook

Fág freagra ar 'Tunes in the Church seolta aréir i Séipéal San Nioclás, Gaillimh'