Deir an Roinn Cumarsáide go gcuirfear san áireamh éileamh atá déanta ag Cathaoirleach RTÉ ar chomhalta boird nua le tuiscint ar chúrsaí Gaeilge nuair a cheapfar baill nua sna míonna amach romhainn.
Dúirt Terence O’Rourke, a ceapadh ina chathaoirleach ar Bhord RTÉ anuraidh, nach bhfuil aon duine ar an mbord reatha a bhfuil cur amach acu ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge agus gur mhaith leis go dtabharfaí duine isteach chun an bhearna sin a líonadh.
Deir an Roinn Cumarsáide le Tuairisc go bhfuil dhá fholúntas ar Bhord RTÉ i láthair na huaire le líonadh sna míonna amach romhainn agus go gcuirfidh an tAire Patrick O’Donovan iarratas O’Rourke san áireamh agus na ceapacháin á ndéanamh aige.
Dheimhnigh urlabhraí ón Roinn go raibh Cathaoirleach RTÉ i dteagmháil leis an Aire maidir le “bearnaí i scileanna an bhoird”, cé nár dúradh gur luadh an Ghaeilge go sonrach.
Dúradh go raibh dhá fholúntas ar an mbord le líonadh agus, i gcás an dá fholúntas, go gcuirfidh “an tAire san áireamh na heasnaimh i scileanna atá aitheanta ag an gCathaoireleach”.
Tá ceann de na folúntais á fhógairt i láthair na huaire ag Poist Phoiblí ach níl tagairt ar bith déanta den Ghaeilge sa bhfógra. Deirtear go mbeadh taithí rialachais agus taithí cheannasaíochta in earnáil na meán ina mbuntáistí ach ní luaitear cúrsaí teanga in aon chorr.
Ceapadh cúigear baill nua ar bhord an chraoltóra náisiúnta anuraidh, an cathaoirleach ina measc, i ndiaidh na conspóide a bhain le híocaíochtaí in RTÉ.
Agus é ag cur síos ar an mbord os comhair choiste Oireachtais anuraidh, ghéill Terence O’Rourke nach raibh aon chur amach ag na baill a bhí ann ar chúrsaí Gaeilge.
“Aithním, mar shampla, nach bhfuil aon duine againn ar an mbord reatha le tuiscint mhaith ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge. Ba mhaith liom duine eile a thabhairt isteach ar an mbord chun é sin a réiteach mar is rud é atá in easnamh faoi láthair,” a dúirt an cathaoirleach.
Ceapadh O’Rourke in áit Shiúin Uí Raghallaigh, a d’éirigh as mar chathaoirleach mí Feabhra na bliana seo caite.
Cin
Ní hé an léamh céanna atá ag gach duine ar cad is ‘cúrsaí Gaeilge’ ann, ach is maith an rud go n-aithníonn siad go bhfuil bearna ann, fair play.