Tuilleadh gleo faoi ‘An Cailín Ciúin’ agus Gradam an Lucht Féachana buaite aici ag féile scannán Bhaile Átha Cliath

Cuireann duais an lucht féachana clabhsúr ar an-fhéile do scannáin Ghaeilge de chuid na scéime Cine4 

Tuilleadh gleo faoi ‘An Cailín Ciúin’ agus Gradam an Lucht Féachana buaite aici ag féile scannán Bhaile Átha Cliath

An scannán Gaeilge An Cailín Ciúin a thug leis Gradam an Lucht Féachana ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath. 

Cuireann duais an lucht féachana clabhsúr ar an-fhéile do scannáin Ghaeilge de chuid na scéime Cine4.

Bhuaigh An Cailín Ciúin an duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag an bhféile chéanna agus thug stiúrthóir an scannáin, Colm Bairéad, leis an Aer Lingus Discovery Award.

Ghnóthaigh Róise & Frank gradam aisteoireachta don ensemble is fearr ag an bhféile.

Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ag Colm Bairéad agus ag an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi, ó Inscéal.

Tá an scannán bunaithe ar scéal le Claire Keegan agus rinneadh an scannánú i mBaile Átha Cliath agus i gcontae na Mí. Scéal casta leochaileach é faoi dhuine atá ag teacht in inmhe agus pléitear an teaghlach, an fhaillí agus an chailliúint trí shúile an phríomhcharachtair óig, Cáit (Catherine Clinch).

Bhuaigh An Cailín Ciúin Grand Prix sa rannóg Glúin/Generation  ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín an mhí seo caite agus roghnaíodh é chun tús a chur le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Insítear i Róise & Frank scéal Róise (Bríd Ní Neachtain) ar bhásaigh a fear céile  dhá bhliain roimh ré.   Tagann madra chuici agus taibhsítear do Róise gurb é Frank atá ann agus é tagtha chun beatha arís. Ceapann a mac (Cillian Ó Gairbhí) go bhfuil sí imithe as a meabhair ar fad,.

Rachael Moriarty agus Peter Murphy a stiúir Róise & Frank, agus Cúán Mac Conghail ó Macalla Teo a léirigh.

Rinneadh An Cailín Ciúin agus Róise & Frank  faoin scéim Cine4 a fhaigheann maoiniú ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Seo an dara bliain as a chéile ag scannán Gaeilge de chuid Cine4 an duais don Scannán is Fearr as Éirinn a bhuachan ag an bhféile i mBaile Átha Cliath. Arracht a bhuaigh an gradam sin anuraidh.

Fág freagra ar 'Tuilleadh gleo faoi ‘An Cailín Ciúin’ agus Gradam an Lucht Féachana buaite aici ag féile scannán Bhaile Átha Cliath'