Tuilleadh srianta Covid-19 á scaoileadh sa Bhreatain agus sa Tuaisceart inniu

Tholg 22 milliún duine an víreas sa Bhreatan go dtí seo agus fuair 60,000 duine bás dá bharr

Tuilleadh srianta Covid-19 á scaoileadh sa Bhreatain agus sa Tuaisceart inniu

Tiocfaidh athrú suntasach ar chur chuige na Breataine maidir le déileáil le Covid-19 i bhfeidhm inniu agus tuilleadh de na srianta a bhí ar an bpobal le dul i ngleic le scaipeadh an víris á scaoileadh. Ní bheidh ar dhuine a bhfuil an dá dháileog den vacsaín faighte aige, agus a measadh a bheith ina ghartheagmhálaí ag duine a bhfuil an galar air, féin-aonrú feasta.

In áit sin, iarrfar orthu tástáil saor in aisce PCR a dhéanamh a luaithe agus is féidir, ach ní bheidh orthu féin-aonrú mura mbeidh toradh dearfach ar an tástáil sin.

Chinn Feidhmeannas Stormont an cur chuige céanna a leanúint.

Dúirt urlabhraí ó Roinn Sláinte na Breataine go raibh an bhéim á bogadh ón bhféin-aonrú de bhrí go bhfuil an vacsaín faighte anois ag céatadán suntasach den phobal ansin. Tá an dara snáthaid den vacsaín faighte ag breis agus 75% de dhaoine fásta na Breataine.

Beidh ar dhaoine a bhfuil comharthaí sóirt an víris orthu tástáil PCR a fháil agus fanacht amach ó chuile dhuine go mbeidh toradh faighte acu a dheimhníonn nach bhfuil an víreas tolgtha acu.

Dúirt na húdaráis sláinte go raibh tábhacht ollmhór leis an bhféin-aonrú go dtí seo le smacht a fháil ar scaipeadh an ghalair ach go bhfuil cúrsaí athraithe a bhuíochas den vacsaín.  Dúradh freisin gur féidir an chéim eile seo a ghlacadh go sábháilte agus filleadh ar an ngnáthshaol agus “ar an tsaoirse a cailleadh roimhe seo”.

“Is iad na vacsaíní a chuirfidh deireadh leis an phaindéim” a dúirt Aire Sláinte na Breataine, Sajid Javid.

Dúirt na húdaráis sláinte go mbeadh tástáil rialta ríthábhachtach le dul i ngleic le scaipeadh an víris de réir mar a scaoiltear na srianta a bhí i bhfeidhm go dtí seo. Tá tástáil shimplí agus sciobtha ar a dtugtar ‘tástáil sreafa chliathánaigh’ á cur ar fáil saor in aisce don phobal agus moltar do dhaoine iad féin a thástáil faoi dhó sa tseachtain le deimhniú nach bhfuil an galar tolgtha acu, cé go mb’fhéidir nach mbeadh aon chomharthaí sóirt den ghalar orthu.

Dúradh freisin go raibh cosaint mhaith le fáil ag duine ó dhá dháileog den vacsaín ach nach raibh aon bharántas leis nach bhfaigheadh duine an galar agus é a scaipeadh ar dhaoine eile.

Léiríonn na staitisticí is deireanaí ón mBreatain gur tholg 22 milliún duine an víreas ansin agus go bhfuair 60,000 duine bás dá bharr.

Fág freagra ar 'Tuilleadh srianta Covid-19 á scaoileadh sa Bhreatain agus sa Tuaisceart inniu'