Tuilleadh cúiseanna curtha i leith tiománaí a cúisíodh cheana i dtaobh timpiste buille is teitheadh i gConamara

Bhí bean os comhair Chúirt Dúiche na Gaillimhe inné, áit ar tugadh fianaise don chúirt faoi na cúiseanna nua atá curtha ina leith i dtaobh timpiste mharfach a tharla sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara

Tuilleadh cúiseanna curtha i leith tiománaí a cúisíodh cheana i dtaobh timpiste buille is teitheadh i gConamara

Cuireadh a thuilleadh cúiseanna inné i leith tiománaí a cúisíodh cheana as cúis a bhain le timpiste buille is teitheadh a tharla sna Forbacha i gConamara mí na Nollag seo caite.

Cúisíodh an bhean inné as cúiseanna eile a bhain leis an timpiste buille is teitheadh agus as a bheith ag tiomáint feithicil a bhí lochtach agus contúirteach.

Bhí Silvia Dube, 55, as Teach Buí, Cluain Bú, Cor an Dola, os comhair Chúirt Dúiche na Gaillimhe inné, mar ar thug an Garda Micheál Ó Ráinne fianaise don chúirt faoi na cúiseanna eile a cuireadh ina leith an mhaidin sin.

Ní dúirt sí aon rud nuair a cuireadh na cúiseanna nua ina leith, a dúirt Micheál Ó Ráinne.

Gabhadh Silvia Dube ar dtús ar an 27 Nollaig 2020 agus tugadh os comhair na cúirte í an lá dár gcionn, an 28 Nollaig.

Cuireadh cúis ina leith an uair sin a bhain le timpiste buille is teitheadh inar maraíodh Rita Dirrane sa tSaoirsin sna Forbacha ar an 16 Nollaig 2020. Cúisíodh  Silvia Dube as gan tacú le Rita Dirrane ag láthair na timpiste agus as imeacht ón láthair d’fhonn an dlí coiriúil nó an dlí sibhialta a sheachaint.

Dúradh go raibh a fhios aici gur maraíodh nó gur gortaíodh Rita Dirrane sa timpiste agus go raibh sí neamhchúramach ar fad faoi cad a bhí tarlaithe do Rita Dirrane agus faoi cé acu ar bhásaigh sí sa timpiste nó nár bhásaigh. Bhí an easpa cúraim sin in aghaidh Alt 106 (1), (aa) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961.

Cúisíodh Silvia Dube an tseachtain seo as a bheith ag tiomáint feithicil a bhí lochtach, locht a d’fhág go raibh contúirt ag baint leis an bhfeithicil agus í á tiomáint sa tSaoirsin ar an 16 Nollaig 2020.

Dúradh go raibh a fhios aici go raibh an fheithicil lochtach nó mura raibh a fhios sin aici go mbeadh ach gnáthchúram a dhéanamh di. Bhain contúirt don phobal leis an bhfeithicil a thiomáint, rud a bhí in aghaidh alt 54(i) agus (4) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961.

Chúisigh an Garda Ó Ráinne í chomh maith an tseachtain seo as gan fanacht ag láthair na timpiste agus as imeacht ón láthair chun dliteanas coiriúil nó dliteanas sibhialta a sheachaint.

Chúisigh sé chomh maith í as gan eolas cuí a thabhairt do na Gardaí nuair a lorgaíodh a leithéid agus as gan an timpiste a thuairisciú ar mhaithe le dliteanas coiriúil nó dliteanas sibhialta a sheachaint.

Dúirt an Sáirsint Christy Browne go raibh treoir faighte ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go gcuirfí cás Silvia Dube ar aghaidh go dtí an Chúirt Chuarda Choiriúil. Dúirt sé nach raibh aon rud ag an Stát in aghaidh fad a chur le bannaí Silvia Dube chun na cúiseanna nua a chur san áireamh.

Dúirt an Breitheamh Mary Fahy gur ag suí speisialta den chúirt ar an 28 Nollaig anuraidh a coinníodh an cúisí faoi choimeád ar dtús le cead bannaí.

Rinneadh é sin nuair a chuaigh Silvia Dube i mbannaí €5,000 uirthi féin agus nuair a chuaigh duine eile i mbannaí €10,000 uirthi.

Ligeadh amach ar bannaí í, a dúirt an Breitheamh, ar an gcoinníoll go dtabharfadh sí ar láimh uaithi a pas Éireannach agus a pas de chuid na Siombáibe.

Chaithfeadh sí chomh maith uimhir fón póca a thabhairt do na Gardaí agus an fón sin a fhreagairt aon uair a ghlaofaidís uirthi. Bhí uirthi a hainm a shíniú ag Stáisiún na nGardaí sa Ghaillimh gach lá, fanacht ag an seoladh a bhí aici, gan an dlínse a fhágáil agus gan aon iarratas a dhéanamh ar aon cháipéisí a bhain le cúrsaí taistil.

Dúirt an Sáirsint Christy Browne go ndeachaigh Silvia Dube amach ar bannaí ar an 18 Eanáir.

Chuir an Breitheamh Mary Fahy síneadh leis an tréimhse bannaí chun go mbeadh na cúiseanna nua  san áireamh. Beidh Sylvia Dube os comhair na cúirte arís ar an 5 Iúil nuair a dhéanfar leabhar na fianaise a sheirbheáil.

 

 

Fág freagra ar 'Tuilleadh cúiseanna curtha i leith tiománaí a cúisíodh cheana i dtaobh timpiste buille is teitheadh i gConamara'