Tugtar cabhair don réiteoir, tugtar an dara réiteoir dó

Is fiú triail a bhaint as dhá réiteoir sna cluichí réamhshéasúir in 2020 nuair a bheadh dóthain réiteoirí ar ardchaighdeán oilte

Tugtar cabhair don réiteoir, tugtar an dara réiteoir dó

An réiteoir, James Owens, a bhí i gceannas ar an gcluiche idir Luimneach agus An Chlár níos luaithe i mbliana. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Le déanaí fógraíodh go bhfuil CLG ag moladh go ndéanfaí athruithe ar chuid des na rialacha sa pheil. Baineann ceann amháin des na hathruithe leis an méid pasanna láimhe a bheadh ceadaithe.

Moltar go gcaithfear ‘rud’ éigin eile a dhéanamh leis an liathróid tar éis trí phas láimhe. Tá ceithre mholadh eile le plé sula mbeidh aon chaint faoin iad a thástáil.

An chéad smaoineamh a rith chugam nuair a chuala faoi na moltaí ná gur dúshlán eile iad don réiteoir bocht.

Bhí alt suimiúil ar chlár an lae ag cluiche ceannais na hÉireann i mbliana faoi luas na maor líne agus na réiteoirí agus an méid reatha a dhéanann siad, ar an meán, sna cluichí craoibhe. Maidir leis an  réiteoir rinne sé idir 9.8 agus 10.8 ciliméadar i ngach cluiche idir a bheith ag rith go mall, sách tapa agus an-tapa. Meánluas 8.34 ciliméadar san uair a bhí i gceist agus 26.9 cm an uasmhéid. Rinne sé idir caoga agus ochtó ráib ar an meán freisin. Chuala freisin ó réiteoir a bhí ina réiteoir craoibhe tráth go bhfuil an tástáil a chuirtear ar ábhar réiteoirí idirchontae chomh dian nach mbaineann mórán an caighdeán amach.

Dar ndóigh tá an cluiche iomána athraithe go mór le deich mbliana anuas. Tá luas na himeartha chomh hard anois go dtéann sé deacair ar na réiteoirí bochta coinneáil léi. 

Níl an brú céanna ar na réiteoirí  sa  rugbaí ná sa sacar mar go bhfuil na páirceanna i bhfad níos lú ná an pháirc iomána atá 145m ar fhad agus 90m ar leithead. Ag an leibhéal is airde de na spóirt eile sin úsáidtear an TMO (an teilifís) chun cinneadh a dhéanamh faoi eachtraí. Sa sacar, tugadh isteach an córas nua VAR ag Corn an Domhain mar a raibh cúnamh ag an réiteoir agus cinntí móra á ndéanamh aige le cabhair na teilifíse. Dar ndóigh tá córas Hawk-Eye á úsáid ag CLG ag an leibhéal is airde sa dá chód.

Tá díospóireachtaí ar siúl faoi úsáid a bhaint as an teilifís chun breithiúnas a dhéanamh ar eachtraí. Dar ndóigh tá córas mar sin á úsáid sna cluichí idir Éirinn agus an Astráil ó 2008. Chomh maith leis sin úsáidtear dhá réiteoir sna cluichí sin agus níl aon dabht i mblianta nua na gcluichí sin ach go raibh ar a laghad dhá réiteoir ag teastáil.

B’fhéidir go bhfuil an t-am tagtha chun díospóireacht eile a thosnú anseo faoi úsáid a bhaint as dhá réiteoir sna cluichí idirchontae. Is minic cloiste againn, imreoirí agus go háirithe leantóirí, ag caitheamh anuas ar réiteoirí. Minic go leor ní bhíonn ciall ná réasún le cáineadh na leantóirí ar an réiteoir.

Ach tarlaíonn eachtraí conspóideacha gach séasúr agus tá ualach na ndualgas ar an réiteoir ag dul i méid. Chomh maith leis sin tá mionscrúdú a dhéanamh ar na réiteoirí ar leithéidí The Sunday Game agus Sky. Caithfidh go bhfuil sé in am cabhair a thabhairt don réiteoir,  go háirithe agus luas na himeartha imithe chomh tapa san. I mo thuairimse b’fhiú triail a bhaint as dhá réiteoir sna cluichí réamhshéasúir in 2020 nuair a bheadh dóthain réiteoirí ar ardchaighdeán oilte.

Is dócha gurb é ceann de na fadhbanna is mó a bhainfeadh le beirt réiteoirí ná an léirmhíniú a bheadh acu ar na rialacha. Cé gur mar a chéile na rialacha do gach réiteoir,  tá a fhios againn go mbíonn difríochtaí ann idir réiteoirí maidir leis an léirmhíniú a dhéanann siad ar na rialacha céanna. 

Ach chun cothrom na Féinne  a thabhairt do na himreoirí caithfear rud éigin a dhéanamh go luath.

Fág freagra ar 'Tugtar cabhair don réiteoir, tugtar an dara réiteoir dó'

  • Carraig

    Tugtar íocaíocht le dealramh dóibh!