Tugann stair an truaillithe san atmaisféar eolas dúinn faoi gheilleagar an domhain ársa

D’fhág na Rómhánaigh a rian in oighear na Graonlainne, rud a thaispeánann go raibh borradh faoin gheilleagar 2000 bliain ó shin

Tugann stair an truaillithe san atmaisféar eolas dúinn faoi gheilleagar an domhain ársa

Tá taifead d’atmaisféar an domhain caomhnaithe in oighear sna poil.  Dé réir tuairisce a foilsíodh an tseachtain seo thart tá fianaise in oighear na Graonlainne a thaispeánann go raibh baint ag truailliú aeir le forbairt gheilleagar ársa na hEorpa.

Bailítear an sneachta a thiteann ar an Ghraonlainn gach bliain.  Ní leánn sé ach luíonn sé ar an sean-sneachta agus de réir a chéile bíonn sraitheanna oighir ann.  Leagtar sraith amháin síos gach bliain, díreach cosúil leis na fáinní crainn a fhorbraíonn gach bliain.

Ní hamháin go mbíonn sneachta i ngach sraith, bíonn ábhair eile ann chomh maith a thiteann leis an sneachta ón atmaisféar.

Tuigtear go bhfuil baint idir an méid luaidhe in oighear na Graonlainne agus an méid luaidhe a eisíonn  tionscail éagsúla sa lá atá inniu ann.  Tá an méid luaidhe san atmaisféar ag méadú ó bhí an réabhlóid thionsclaíoch ann agus mhéadaigh an méid luaidhe in oighear na Graonlainne ag an am céanna.

Chun a fháil amach an raibh baint idir an méid luaidhe atá caomhnaithe i leac oighir na Graonlainne agus an borradh a tháinig faoi gheilleagar ársa na hEorpa, rinneadh anailís ar an mhéid luaidhe atá san oighear a leagadh síos idir 1100 Roimh Chríost agus 800 AD.

Chuathas i mbun tochailte in dhá chroíleacán ina raibh oighear ársa caomhnaithe.  Rinneadh tomhas ar an mhéid luaidhe a bhí i ngach sraith sna croíleain. Bunaithe ar na huimhreacha sin rinneadh meastacháin ar na hastaíochtaí luaidhe bliantúla idir 1100 RCh agus 800 AD.

Bhí na hastaíochtaí an-íseal thart ar 1100 RCh, ach go luath ina dhiaidh sin d’ardaigh na hastaíochtaí díreach nuair a bhí na Féinícigh ag scaipeadh ó oirthear na Meánmhara.  Meastar go raibh borradh faoin tráth seo faoi gheilleagar na gcultúr éagsúil – na Gréagaigh agus na Rómhánaigh san áireamh.

D’ardaigh na hastaíochtaí luaidhe beagán ar bheagán go dtí gur thit siad go tobann thart ar 264-241 RCh, aimsir an chéad chogaidh Phúnaigh. Meastar gur ardaigh na hastaíochtaí go luath ina dhiaidh sin nuair a thosaigh na Cartagaigh ag mianadóireacht arís chun saighdiúirí a íoc. 

Thit astaíochtaí luaidhe arís le linn an dara cogadh Púnach ach d’ardaigh siad athuair nuair a ghlac na Rómhánaigh seilbh ar na ceantair ina raibh na mianaigh i ndeisceart na Spáinne thart ar 201 RCh.

Bhí na hastaíochtaí níos airde idir 17 AD agus thart ar 160 AD nuair a bhí Pax Romana ann – an tréimhse ina raibh Impireacht na Róimhe i mbarr a réime. 

Thit na hastaíochtaí go tobann in 165 AD agus bhí siad an-íseal go dtí 195 AD.  Measann na taighdeoirí gurbh í an phlá a bhí taobh thiar den athrú seo.  Tuigtear go raibh Plá Antoninus go forleathan faoin am sin. Ach níl scoláirí ar aon intinn faoi thionchar na plá; síleann cuid acu gur chuir an phlá isteach go mór ar gheilleagar na Rómhánach ach tá scoláirí eile den tuairim nach raibh tionchar ag an phlá ar chúrsaí eacnamaíochta. De réir na fianaise nua, is léir gur chuir an phlá isteach ar gheilleagar na Rómhánach. 

Thit leibhéal na n-astaíochtaí arís idir 235 agus 284 AD agus de réir cáipéisí stairiúla tá a fhios againn gur idir 249 agus 270 AD a bhí plá Cyprianus ann. Bunaithe ar na cáipéisí sin is léir go raibh an-tionchar ag an phlá ar gheilleagar na Rómhánach agus tá a chruthúnas sin le feiceáil sa taifead ar an luaidhe san oighear.

Mar sin, meastar go bhfuil patrún ann.  Bhíodh astaíochtaí luaidhe ard nuair a bhíodh síocháin ann agus borradh faoin ngeilleagar. Bhíodh astaíochtaí íseal aon uair a thiteadh an tóin as an ngeilleagar ar chúis amháin nó cúis eile.

Taispeánann na torthaí seo go dtugann stair an truaillithe san atmaisféar eolas dúinn faoi gheilleagar an domhain ársa.

Fág freagra ar 'Tugann stair an truaillithe san atmaisféar eolas dúinn faoi gheilleagar an domhain ársa'