Tubaiste a bheas ann mura n-aimsíonn Éire bua le pointe bónais in aghaidh na hIodáile

Beidh an chéad cheann de trí chluiche baile ag Éirinn i gcomórtas na bliana seo amárach agus seans maith gurb é an ceann is fusa a bheas acu

Tubaiste a bheas ann mura n-aimsíonn Éire bua le pointe bónais in aghaidh na hIodáile

Dan Sheehan. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Roimh thús an chéad chluiche i gcomórtas Sé Náisiún na bliana seo seachtain ó shin, bhí imní orainn go mbeadh buntáiste ar leith ag na Francaigh agus iad ag imirt sa mbaile i Marseille. Bhí amhras orainn freisin nár leor an bhearna dhá áit a scar Éire agus an Fhrainc ar thábla rugbaí an domhain. Bhuel, faoin am ar shéid an réiteoir an fheadóg ag deireadh an t-ochtúdú nóiméad bhí na Francaigh náirithe chomh mór sin ag foireann Andy Farrell gur cheap go leor gur bearna deich n-áit ar a laghad a bhí idir na foirne.  

Léirigh foireann na hÉireann cur chuige agus uaillmhian ina gcuid imeartha nach bhfaca muid uathu ariamh. Bhí an lámh in uachtar chomh mór sin ag foireann na hÉireann gur ábhar iontais é nár chláraigh siad seacht n-úd ar a laghad seachas na cúig cinn a fuair siad. 

Ach ag deireadh an lae is cúis ollmhór cheiliúrtha cúig úd agus pointe bónais a aimsiú in aon chluiche Sé Náisiún. Go deimhin is fiú a mheabhrú gurb iad na hÉireannaigh amháin a bhuaigh cluiche le pointe bónais i mBabhta 1. 

Bhí na Francaigh chomh náirithe sin gur fhág go leor dá gcuid lucht leanúna an Staid i bhfad roimh dheireadh an chluiche agus níor spáráil lucht na meán cumarsáide sa bhFrainc lucht bainistíochta na foirne ná na himreoirí i rith na seachtaine seo caite.   

Ach caithfidh na Francaigh an greadadh sin a chur uathu inniu agus díriú ar chluiche Bhabhta 2 i gcoinne na hAlban i nDún Éideann. Tá baol mór ann go n-íocfaidh Albain go daor as an mbualadh a fuair na Francaigh i mBabhta 1 mar go mbeidh siad ar thóir díoltais agus maithiúnais óna lucht leanúna. Mar sin féin is ag Albain atá buntáiste an bhaile inniu agus má imríonn siad mar a rinne siad sa gcéad leath i gcoinne na Breataine Bige i mBabhta 1, beidh seans acu.  Ach má thiteann siad ina gcodladh mar a rinne sa dara leath, b’fhearr dóibh fanacht sa seomra feistis. 

Inniu freisin tabharfaidh an Bhreatain Bheag faoi Shasana in Twickenham. Cé nach raibh na Sasanaigh thar moladh beirte i gcoinne na hIodáile sa Róimh i mBabhta 1 is deacair tada eile seachas bua baile a thuar ag deireadh na coimhlinte seo. 

Amárach a chuirfeas foireann na hÉireann chun páirce i Staid Aviva i gcoinne na hIodáile. Seo é an chéad cheann de thrí chluiche baile a bheas á n-imirt ag Éirinn i gcomórtas na bliana seo agus seans maith gurb é an ceann is fusa a bheas acu as na cúig chluiche. An aon ábhar iontais go bhfuil Andy Farrell ag tabhairt scíthe do go leor dá chuid imreoirí chéad rogha, cuid acu siúd a thosaigh i gcoinne na Fraince agus deis á tabhairt aige do chúpla imreoir atá ar bheagán taithí idirnáisiúnta? 

Tubaiste amach agus amach a bheas ann mura n-aimsíonn foireann na Éireann bua le pointe bónais eile amárach agus leanfaidh siad orthu lena dturas ag bailiú pointí agus iad ar thóir Grand Slam eile. 

Dála an scéil, má éiríonn le hÉirinn greim a fháil ar an gCaithréim Mhór sin arís i mbliana, don dara bliain as a chéile, curiarracht a bheas ann.  Níor éirigh le haon fhoireann eile é sin a dhéanamh ariamh roimhe seo. 

Anois is fiú go cinnte dul ar thóir an ghradaim sin, ach tá ceithre chluiche fós le n-imirt agus le buachtáil againn. 

Fág freagra ar 'Tubaiste a bheas ann mura n-aimsíonn Éire bua le pointe bónais in aghaidh na hIodáile'