Tuarascáil ‘fostaíochta’ do Ghaoth Dobhair le foilsiú i mí an Mhárta

Bhunaigh Údarás na Gaeltachta an grúpa oibre, Fóram Forbartha Fiontraíochta, i mí Aibreáin seo caite chun tograí fiontraíochta nua a mhealladh le lonnú in iarthuaisceart Chontae Dhún na nGall

08/10/2013. Sinn Fein - Sinn Fein launch Alternati
Piaras Ó Dochartaigh, a cheistigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin bplean gníomhaíochta do Ghaoth Dobhair. Pictiúr: Photocall Ireland

 

Is i mí an Mhárta a fhoilseofar tuarascáil an ghrúpa oibre a bunaíodh anuraidh chun plean gníomhaíochta a ullmhú a thabharfadh aghaidh ar fhadhb na dífhostaíochta in iarthuaisceart Chontae Dhún na nGall.

Tá ionadaíocht ar an ngrúpa oibre ag Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann, an tÚdarás Forbartha Tionscail, SOLAS, Comhairle Contae Dhún na nGall, Institiúid Theicneolaíochta Leitir Ceanainn, an Roinn Coimirce Sóisialaí, agus an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.

Bhunaigh Údarás na Gaeltachta an grúpa oibre, Fóram Forbartha Fiontraíochta, i mí Aibreáin seo caite chun tograí fiontraíochta nua a aimsiú agus a mhealladh le lonnú in iarthuaisceart Chontae Dhún na nGall, ceantar atá buailte go dona ag easpa fostaíochta.

Bhí fadhbanna fostaíochta an cheantair i mbéal an phobail arís le déanaí nuair a dúnadh an t-óstán cáiliúil an Seaview (Óstán Radharc na Mara) i nGaoth Dobhair. 40 duine a bhí ag obair sa Seaview. Cailleadh 150 post eile i nGaoth Dobhair le bliain anuas.

Thug an tAire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphrys, le fios an tseachtain seo don Teachta Dála ó Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh,  go bhfoilseofaí tuarascáil an ghrúpa oibre i mí an Mhárta.

Fág freagra ar 'Tuarascáil ‘fostaíochta’ do Ghaoth Dobhair le foilsiú i mí an Mhárta'