TUAIRISC Ó WASHINGTON: Glactar le síorchontúirt ghunnaí mar ghnáthchuid de shaol na tíre seo…

D’fhill Steve Scalise ar Theach na nIonadaithe an tseachtain seo den chéad uair ó goineadh go dona é in eachtra lámhaigh

TUAIRISC Ó WASHINGTON: Glactar le síorchontúirt ghunnaí mar ghnáthchuid de shaol na tíre seo…

Chuir comhaltaí Theach na nIonadaithe an gnáthachrann i leataobh nuair a d’fhill Steve Scalise ar an Teach an tseachtain seo.

Bhí Scalise ag imirt baseball le scata ionadaithe eile agus a lucht cúnta ar pháirc imeartha in aice le Washington nuair a scaoileadh urchair leo ar an 14 Meitheamh. Goineadh Scalise agus triúr eile sular mharaigh na póilíní an t-antoisceach ón eite chlé a bhí ag scaoileadh leo.

Gortaíodh Scalise go dona sa chromán, agus síleadh ar feadh tamaill nach mbeadh sé ábalta siúl arís. Dar leis go raibh foireann an ospidéil inar cuireadh cóir leighis air ag cur ‘Humpty Dumpty’ le chéile. 

Bhí  sé ar mhaidí croise nuair a shiúil sé go mall isteach i seomra na nIonadaithe. Sheasadar go léir chun fáilte ar ais a chur roimhe d’aon ghuth agus bualadh bos fada a thabhairt dó.

Bhí deora ina shúile agus tocht ina ghlór agus crógacht na bpóilíní á moladh aige:

‘You have no idea how great this feels, to be back here at work in the people’s House.’

Dúirt an cathaoirleach Paul Ryan leis an Teach gur údar buíochais agus totadh ar phaidreacha é filleadh Scalise. Níl ann ach sé bliana ó gortaíodh ionadaí eile, Grace Giffords, in ionsaí armtha eile.

Níor thagair Ryan, Scalise ná ionadaí ar bith a labhair ina ndiaidh don chuntas oifigiúil ar dhúnmharú sna Stáit a d’fhoilsigh an FBI cúpla lá ó shin. Cuntas a thug le fios gur tháinig méadú 8% ar líon na ndaoine (17,250) a dúnmharaíodh sna Stáit Aontaithe in 2016.

Níor thagair dhuine ar bith a chuir fáilte ar ais roimh Scalise ach oiread d’ardú 12% na bliana roimhe sin, ná do threocht na bhfigiúirí. Tá méadú níos mó tagtha ar an ráta oifigiúil dúnmharuithe in imeacht dhá bhliain ná mar a tháinig le 25 bliain.

De ghnáth ní phléitear srian ar dhíol ná ar iompar gunnaí sa tír seo ach amháin nuair a chuireann sladmharú as cuimse (i scoileanna, go háirithe) alltacht ar an bpobal. Dála an scéil, is ionsaí ina maraítear ceathrar nó níos mó an sainmhíniú oifigiúil ar shladmharú.

Tugann pobalbhreitheanna le fios go bhfuil móramh I bhfabhar srianta ar úinéireacht ghunnaí – mar shampla, i gcás daoine a bhfuil nó a raibh meabhairghalar orthu.

Ach géilleann móramh sa Chomhthionól do stocaireacht an Chumainn Náisiúnta Raidhfilí (NRA) agus a leithéid in aghaidh gach srian. Agus tagann meath ar imní an phobail le himeacht aimsire.

Is ar an 8 Meitheamh a tharla an sladmharú deireanach sna Stáit. Mharaigh oibrí siopa in Pennsylvania triúr dá chomhghleacaithe sular chuir sé lámh ina bhás féin.

Tá sé trí mhí go leith mar sin (agus an colún seo á scríobh) ó bhí móruafás sa tír seo sna ceannlínte nuachta. Ach léirigh filleadh Steve Scalise ar a phost polaitiúil arís eile go nglactar le síorchontúirt ghunnaí mar ghnáthchuid de shaol na tíre seo. 

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó WASHINGTON: Glactar le síorchontúirt ghunnaí mar ghnáthchuid de shaol na tíre seo…'