Tá mí an tromluí caite – an mhí is measa i mo shaol. Níl á mhothú agam le mí ach an t-uafás, an eagla agus an t-anbhá go bhféadfadh a leithéid tarlú ag an tráth seo. Táimid go léir sa tír seo i ‘meaisín ama’ atá ár dtabhairt siar go dtí an 20ú haois. Chreid mise i gcónaí i stuaim agus ciall an duine, i ngnáthchiall an duine, ach anois is oth liom a fheiceáil go raibh mé mícheart.
Tá muintir na hÚcráine ag fulaingt anois, agus is deacair méid na fulaingthe sin a shamhlú. Ar a laghad, níl na buamaí ag pléascadh anseo sa Rúis, agus nílimid i mbaol ár mbáis gach nóiméad. Ach níor mhaith liom go mbeadh aon duine i m’áitse anois. Mar a dúirt duine éigin de mo leithéid: “Cuir i gcás – tá tú sa Ghearmáin ag tús na 1940idí, agus tusa an Gearmánach agus an Giúdach ag an am céanna.”
Is ‘ionsaitheoir’ gach Rúiseach i súile an domhain, beag beann ar ár ndearcadh, ár smaointe agus ár mothúcháin. Ar an dtaobh eile, is ‘bligeard’ agus ‘fealltóir in aghaidh an stáit’ gach éinne nach dtacaíonn le gníomh na Rúise san Úcráin (mar a dúirt an tUachtarán). Dá dtarlódh rud éigin mícheart domsa tar éis an ailt seo – ní dóigh liom go mbeadh duine ar bith san Iarthar imníoch faoi sin. Ní rabhamar inár laochra – sin an locht atá curtha ar gach Rúiseach anois.
Is iontach go bhfaigheann teifigh Úcránacha lántacaíocht agus cabhair ar fud na hEorpa, in Éirinn san áireamh. Ach cad mar gheall ar theifigh as an Rúis? De réir figiúirí difriúla, idir cúpla céad míle agus milliún duine atá imithe nó le himeacht as an tír anois. Is daoine gníomhacha formhór acu. Daoine atá in ann leas a dtíre a dhéanamh, nó leas na tíre ina bhfuil siad ag fanacht. Daoine nach dtacaíonn le polasaí ár stáit, gan amhras.
An bhfuil tacaíocht éigin do na daoine sin san Eoraip? Níl, go bhfios dom, mar ‘náisiún mícheart’ atá acu. Níor fhógair aon tír go bhfuil fáilte roimh theifigh Rúiseacha. Níor chuir tír ar bith in iúl go bhfuil sí sásta glacadh le gnóthaí móra agus beaga (go háirithe beaga!) as an Rúis. Tá beagnach gach teorainn dúnta orainn – ní féidir linn teitheadh ach go dtí (nó tríd) an tSeorsia, an Airméin agus an Tuirc.
Agus maidir le smachtbhannaí in aghaidh na Rúise – tá na daoine is gníomhaí thíos leis níos mó ná daoine eile. Is iriseoir gnó mise agus bím ag caint le lucht gnó go minic. An féidir leat a shamhlú cé chomh bródúil a bhí gnóthaí beaga na Rúise nuair a d’éirigh leo a gcuid táirgí nó seirbhísí a dhíol thar lear? Anois tá a gcuid oibre, a sárobair, curtha ar ceal. Chomh maith le hobair na ndaoine eile a bhí bainteach le hábhair iompórtála. Chomh maith le breis is 100,000 post sna comhlachtaí iasachta agus Rúiseacha atá imithe as an Rúis. Tá sin go léir imithe in éineacht leis an dóchas a bhí againn don todhchaí agus na mionrudaí ar nós deis taistil. An gcabhraíonn na smachtbhannaí le fáil réidh leis an deachtóir? Féach ar an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh – sin an freagra.
Bhí mé féin i gcónaí ar son ‘luachanna an daonlathais’. Ina measc – meas a bheith agat ar dhaoine as gach náisiún, agus meas a bheith agat ar dhaoine, beag beann ar a náisiún. Agus freagracht phearsanta a ghlacadh, freagracht as na rudaí a dhéanann an duine féin nó a dtacaíonn an duine féin leo, ní as na rudaí a dhéanann daoine eile in aghaidh do thola. Anois deir an saol mór go bhfuilimse agus mo leithéidse freagrach agus ciontach mar go mbainimid le ‘náisiún mícheart’. Dála an scéil, úsáideann lucht bolscaireachta na Rúise gach cás den ‘fhrith-Rúiseachas’ san Eoraip ar son na bolscaireachta – ‘Bhí fealltóirí an stáit ag moladh an Iarthair, agus thréig an tIarthar iad.’
Tuigim cé chomh deacair atá sé gan milleán a chur ar gach Rúiseach nuair a fhéachann duine ar scéalta na hÚcráine. Ach má tá duine ag iarraidh go mbeadh a chuid daonnachta slán ní an dara rogha aige ach seasamh lena luachanna agus gan gráin a bheith aige do dhaoine de bharr a náisiúin. Agus an rud is tábhachtaí anois – deis a thabhairt do gach teifeach atá i mbaol fanacht slán agus beo, pé náisiún atá aige.
Iriseoir gnó agus taistil é Vitaly Kovalchuk atá lonnaithe i Moscó
Aonghus Ó hAlmhain
Treise leat, Vitaly.
Go dtaga tú agus do leithéid slán!
Indrek Ois
A Vitaly, bhí fáilte roimh na Rúisigh san Eoraip riamh agus níl sé ar intinn ag éinne an doras a dhúnadh ar dhaoine atá ag iarraidh tearmainn. Is iomaí easaontóir de chuid na Rúise agus na Bealarúise a fuair cosaint sa bPolainn agus sna tíortha Baltacha le blianta beaga anuas, cuir i gcás. Maidir le cás na Rúise agus ceist na freagrachta náisiúnta, molaim duit an t-alt ionraic seo le comhthíreach leat, Mikhail Shishkin a léamh. https://www.theguardian.com/commentisfree/2022/mar/28/nato-ukraine-vladimir-putin-russia-democratic-national-guilt
Vitaly
Do leigh mé an t-alt a mhol tú, a Indrek. Alt ana-dheas le focail ana-chearta. Ó dhuine atá ina chónaí slán sabháilte san Eilvéis ó 2014. Tá sé suimiúil cén fáth nach maith leis teacht go dtí An Rúis chun í a “de-putinize”, mar a scríobh sé féin? An gcaithfidh muid é a dhéanamh ina áit, dar leis an duine ceart sin?))
Derry
A Vótála, is trua liom do chás. Beidh breacadh an lae ann, lá éigin.
Indrek Ois
Faraor, sibhse amháin a d’fhéadfadh é sin a dhéanamh, a Vitaly. Tá súil agam go n-éireoidh libh lá eicínt. Idir an dá linn, seans go gcuideoidh na smachtbhannaí cumhacht Putin a lagú de réir a chéile.
Pádraic
Maith thú, Vitaly! Is deas léargas a fháil ó dhuine atá ag cur faoi sa Rúis (agus nach dtacaíonn le Putin!). Beidh fáilte romhat i gcónaí sa taobh seo den Eoraip.
Vitaly
Go raibh míle maith agaibh, a chairde, as bhur dtacaíocht agus dea-fhocail. Ba bhreá liom filleadh ar ais go hÉireann lá eigin. Ní mar theifeach, tá súil agam, ach mar thurasóir, mar a rinne mé gach bliain idir 2011 agus 2020.
Dónal
Nocht tú taobh den scéil nach rabhas tar éis aon mhachnaimh a dhéanamh air. Tuigim an chúis go mbraithfeá, mar Rúiseach, go bhfuil an domhan ‘s a mháthair ag cur an mhilleáin oraibh go léir. Seans maith gur mar sin atá, ach, is daoine dod leithéid a chabhróidh le deireadh s chur leis an meon sin. Lean ort ag scaipeadh an soiscéil, táimid ag éisteacht. Mo cheol thú.