TUAIRISC BHEO: Daltaí meánscoile os comhair an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán

Seo tuairisc bheo ar an gcruinniú de chuid an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais. Tá daltaí scoile ó Coláiste Choilm, Gaelcholáiste an Eachréidh agus Meánscoil Chloch Chionn Fhaola i láthair an choiste

TUAIRISC BHEO: Daltaí meánscoile os comhair an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán

 

17.00 Cuireadh tugtha ag Ní Ghairbhí do na daoine óga a bhí i láthair inniu páirt ghníomhach a ghlacadh i saol na Gaeilge anois, nuair bheidh siad ar coláiste, agus i gcaitheamh a saoil. Deireadh curtha leis an gcruinniú.


16.58 Buíochas á ghabháil ag Ní Ghairbhí leis na polaiteoirí as deis a thabhairt do na daltaí teacht isteach. Buíochas á ghabháil freisin aici leis na daltaí agus na múinteoirí a tháinig ó cheann ceann na tíre le labhairt ag an gcruinniú coiste.


16.57 Tá Brenda Ní Ghairbhí ó Chonradh na Gaeilge i láthair agus cúpla focal le rá aici…


16.55 Tá “éacht” déanta ag na daltaí, a deir Catherine Connolly. Tugadh ardú meanman don Chathaoirleach maidir leis an nGaeilge inniu mar gheall ar na daoine óga a bhí ina láthair inniu.


16.50 Molly de Búrca ó Ghaelcholáiste Choilm ag freagairt ceisteanna a cuireadh faoin meabhairshláinte. “Suímid i seomra ranga lá i ndiaidh lae ag éisteacht le tuairimí daoine fásta agus le treoracha uathu. Tá sé deacair éisteacht leo, tá brón orm!”


16.43 Tharla an t-athrú ó ré na déantúsaíochta go ré na nuatheicneolaíochta thar oíche, agus ní raibh súil ag duine ar bith leis. Ba cheart infheistíocht a dhéanamh sa nuatheicneolaíocht sin le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht, a deir Conor ó Chloch Chionn Fhaola.


16.40 Ceist curtha ag Éamon Ó Cuív “céard a dhéanfadh sibh féin le dul i ngleic leis na fadhbanna atá luaite agaibh?”


16.36 “Níor cheart cosc a chur ar fhóin phóca do dhaoine atá faoi 16” a deir Eibhlín Nic Cormaic, mar is í an teicneolaíocht seo an “páipéar agus peann” atá ag an nglúin seo. Tá rudaí maithe ag baint le fóin phóca freisin, is bealach iontach iad le daoine a choinneáil i dteagmháil le chéile. Molta ag Éilís ó Thír Chonaill oiliúint a chur ar dhaoine óga faoi na contúirtí a bhaineann leo seachas iad a bhaint ó dhaoine óga.


16.26 An Seanadóir Brian Ó Domhnaill ó Thír Chonaill tar éis cúpla nóiméad cainte a thabhairt uaidh. Maíonn sé go raibh ar a laghad ceist amháin ann…


16.24 Ba cheart comhairleoir ceart a fhostú i ngach uile scoil in Éirinn, a deir toscaireacht Chorcaí.


16.20 Micheál Martin istigh anois, agus é ag cur ceisteanna maidir leis an bhféinmharú.


16.19 Tá daltaí ar an eolas faoi na seirbhísí agus áiseanna atá ar fáil do dhaoine a bhfuil an dúlagar orthu ach go mbíonn náire ar dhaoine iad a úsáid.


16.16 Freagraí anois ó Darragh ó Ghaelcholáiste Choilm maidir leis an imirce. Deir sé gur féidir tionchar mór dearfach a bheith ag an teicneolaíocht ar an gceist sa chaoi is gur féidir le daoine obair a dhéanamh in áiteanna anois nach bhféadtaí fadó.


16.11 Molta ag ionadaí Choláiste an Eachréidh nach n-athrófaí an aois vótála in Éirinn. Deir sí go mbíonn roinnt daoine réidh le páirt a ghlacadh sa chóras vótála ag 16 ach go mbeadh i bhfad níos mó daoine réidh ag 18.


16.09 Conor Ó Gallchóir ó Phobalscoil Chloch Chionn Fhaola ag labhairt faoin Ardteist. Molann sé go ndéanfadh an Roinn Oideachais athmhachnamh faoi leagan amach an scrúdaithe.


16.06 Freagraí á dtabhairt anois ag baill an Choiste Gaeilge, Gaeltachta, agus Oileán. “Mór an phribhléid é”, a deir Trevor Ó Clochartaigh, a bheith i láthair na ndaltaí. Ceist curtha aige orthu faoin aois vótála sa tír seo agus faoina dtuairimí maidir leis na scrúduithe stáit.


16.05 A mhianta nochta ag fear Thír Chonaill! “B’fhéidir go mbeidh muid ar ais anseo” ar bhonn proifisiúnta, a deir sé!


16.05 Tá tionchar ag an mbulaíocht ar líne ar an líon ard daoine óga a chuireann lámh ina mbás féin, freisin, a deir Mac Aoidh.


16.01 Baineann cuid d’fhadhb an fhéinmharaithe le fadhb an óil in Éirinn, a mhaíonn Mac Aoidh. Molann sé dlí a thabhairt isteach a chuirfeadh cosc ar phraghasanna ísle ar an ól in Éirinn agus gan cead a thabhairt do stáisiúin pheitril agus áiteanna eile deochanna alcólacha a dhíol.


16.00 Rónán Mac Aoidh ó Phobalscoil Chloch Chionn Fhaola ag labhairt faoin bhféinmharú anois freisin. “Faigheann i bhfad níos mó daoine bás mar gheall ar an bhféinmharú ná mar a fhaigheann bás i dtimpistí bóthair,” a deir sé.


15.56 Tá easpa acmhainní agus tuisceana ann sa tír seo maidir leis an tsláinte intinne, a deir Ní Icí.


15.54 Ciara Ní Icí ó Ghaelcholáiste Choilm ag labhairt anois faoin bhféinmharú, go háirithe líon na bhfear óg a bhíonn i gceist. “Cloistear an scéal céanna i bhfad rómhinic,” a deir sí.


15.50 Ionadaí ó Choláiste an Eachréidh ag filleadh ar cheist na himirce anois. “Cén fáth a bhfuil na daoine is cliste sa tír ag fágáil?”


15.48 Iarrtha ag Ní Ruiséil ar na polaiteoirí “dul de réir a gcoinsias féin” ar an gceist seo.


15.46 Scéalta eile a cheanglaítear leis an Ochtú Leasú, Cás X agus Cás Savita ina measc, á lua anois ag Ní Ruiséil. “Caithfear réiteach fóirsteanach a fháil” ar an gceist chonspóideach, a deir sí.


15.44 Scéal Anne Lovett á inseacht anois ag Ní Ruiséil, cailín a bhí “dhá bhliain níos óige ná [Ní Ruiséil] féin”. Tugadh an tOchtú Leasú i bhfeidhm leis an mbeatha a choinneáil, a deir sí, ach is léir gur a mhalairt a tharla.


15.43 Eilís Ní Ruiséil ó Phobalscoil Chloich Chionn Fhaola ag labhairt faoin Ochtú Leasú ar an mBunreacht.


15.41 Ní mór do shuíomhanna sóisialta ar nós Twitter agus Facebook níos mó a dhéanamh faoin mbulaíocht ar líne. Caithfear reachtaíocht a thabhairt isteach le dul i ngleic leis an bhfadhb sin freisin.


15.38 Rachel Lingwood ó Ghaelcholáiste Choilm ag labhairt anois faoin bhféinmharú agus an t-aos óg. “Glacann an dúlagar smacht iomlán ar shaol an duine,” a deir sí. Chaill sí féin cara léi cúpla bliain ó shin – “níor oscail sé a bhéal le cabhair a lorg, agus roghnaigh sé an tslí is measa ar domhan le críoch a chur lena fhadhb”. Caithfimid jab níos fearr a dhéanamh aire a thabhairt do dhaoine óga.


15.36 Ó Gríofa ag tagairt don scéal seo faoi fhostaithe le Gaeilge sa Státseirbhís. Is mór an náire é, a deir sé, agus ba cheart i bhfad níos mó a dhéanamh don fhostaíocht sa Ghaeltacht go háirithe. “Is í an Ghaeilge bunchloch ár gcultúr,” a deir sé. Tagraíonn sé do Shleacht Néill i dTír Eoghain, ceantar a bhfuil pobal láidir ann agus an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach ina mbunchlocha fúithi.


15.34 Mícheál Ó Gríofa ó Choláiste an Eachréidh ag labhairt anois. “Is dócha mbeidh orm an tír seo a fhágáil nuair a bheidh mé críochnaithe sa choláiste,” a deir sé. Tá an nós seanbhunaithe ann imeacht ar an mbád bán sa tír seo, dar leis.


15.32 “Tá an t-uaigneas agus an briseadh croí céanna le feiceáil sna calafoirt agus sna haerfoirt is a bhíodh le feiceáil ar Dhroichead na nDeor i mo cheantar féin”.


15.30 “Mar a dúirt an scríbhneoir cáiliúil, Mac Grianna, níl an fhírinne searbh, ach garbh”.


15.26 Conor ó Phobalscoil Chloich Chionn Fhaola ag labhairt anois faoi “bhánú na tuaithe”, ní hiontas ar bith go bhfuiltear ag fágáil na tuaithe. “Ní bheidh muid ábalta mairstin sna ceantracha seo” a deirtear. “Is oileán í Tír Chonaill i súile an Rialtais seo”.


15.24 “Ní mór dúinn na daoine a d’imigh ar imirce a mhealladh thar n-ais” a deir Lankford. Deir sé gur mór an chailliúint iad na daoine a d’imigh agus a thug leo a gcuid scileanna agus a gcuid buanna, agus gur mór an dúshlán atá roimh an rialtas iad a mhealladh abhaile


15.22 “Níor stop an bád bán fós” a deir Lankford, agus é ag tagairt do na mílte Éireannach atá imithe thar lear le céad bliain anuas.


15.20 Bualadh bos d’óráid Nic Chormaic. Darragh Lankford ó Ghaelcholáiste Choilm ag labhairt anois faoin eisimirce.


15.18 Eibhlín Nic Chormaic, ó Choláiste an Eachréidh, ag labhairt faoin imní atá ar an nglúin lena mbaineann sí roimh an todhchaí agus roimh an mbád bán.


15.15 Tús curtha leis an gcruinniú ag an gcathaoirleach Catherine Connolly. Fáilte curtha roimh na daltaí. Leithscéal gafa ag Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil – beidh air an cruinniú a fhágáil go luath le “ceisteanna crua” a chur ar an Aire Gaeltachta.