Trump sáinnithe idir dhá thine Bhealtaine sa Chaolas Hormuz

Tá roinnt rásaí ag tarlú i gcogadh an Mhéanoirthir agus beidh tionchar ag toradh na rásaí seo ar thoradh an chogaidh féin

Trump sáinnithe idir dhá thine Bhealtaine sa Chaolas Hormuz

Sular sheol na Meiriceánaigh agus na hIosraelaigh ionsaithe ar an Iaráin níos mó ná coicís ó shín, bhí plé sna meáin idirnáisiúnta gur chuir na Meiriceánaigh fórsa ionsaithe cabhlaigh chuig an Mhuir Arabach mar sheift chun brú a chur na hIaránaigh a n-acmhainní núicléacha a ghéilleadh go luath.

Dúradh freisin, dá ndéanfadh siad an cinneadh ionsaí a sheoladh, go mbeadh rogha acu, idir athrú réimis a bheith mar sprioc an chogaidh nó sprioc níos teoranta a bheith acu agus ionsaí a dhéanamh ar an mbonneagar saibhrithe núicléach amháin.

Ba léir ón ráiteas a thug an tUachtarán Donald Trump maidin na chéad ionsaithe go raibh na Meiriceánaigh i bhfabhar athraithe réimis, rud a deimhníodh tar éis dóibh iarracht a dhéanamh lucht déanta cinntí na hIaráine, lena n-áirítear an Ayatollah Khamenei, a mharú.

D’éirigh lena n-iarrachtaí na ceannairí a mharú ach go gairid ina dhiaidh sin thosaigh siad ag tarraingt siar ón sprioc uaillmhianach maidir le hathrú réimis agus leag siad síos roinnt spriocanna éagsúla eile; scrios iomlán a dhéanamh ar chumas na nIaránach diúracán agus drón a sheoladh agus a mhonarú; deireadh a chur lena gclár saibhrithe núicléach; agus a gcabhlach a scriosadh. Ní raibh mórán cainte eile ar athrú réimis a chur i gcrích.

Cé nach bhfuil an cogadh ar siúl ach le trí seachtaine anois tá roinnt rásaí ag tarlú agus beidh tionchar ag toradh na rásaí seo ar thoradh an chogaidh féin.

Diúracáin v. Idircheapóirí

Ar an gcéad dul síos, tá rás ann idir cé chomh fada agus a mhairfidh líon na ndiúracán agus na ndrón ag an Iaráin agus cé chomh fada a mhairfidh líon na ndiúracán frith-dhiúracáin, ar a dtugtar idircheapóirí orthu, atá á n-úsáid ag na Meiriceánaigh, na hIosraelaigh agus tíortha Mhurascaill na Peirse.

Is léir go bhfuil líon na ndiúracán atá á seoladh ag na hIaránaigh ag titim lá i ndiaidh lae. Is léir freisin go bhfuil líon mór idircheapóirí ídithe ag na tíortha eile, go háirithe tíortha Mhurascaill na Peirse.

Tuairiscítear go bhfuil líon mór drón ag na hIaránaigh ach tá an líon a sheolann siad ag titim lá i ndiaidh lae chomh maith.

Má úsáideann na Meiriceánaigh agus na tíortha eile na hidircheapóirí costasacha i gcoinne diúracáin bhalaistíocha na hIaráine amháin, seans go mairfidh na hidircheapóirí níos faide ná ionsaithe diúracán na hIaráine.

Cinnte, tá seans ann go mbeidh na hIaránaigh in ann targaidí tábhachtacha a aimsiú anois agus arís, ach mairfidh acmhainní na Meiriceánach níos faide ná acmhainní na nIaránach.

Réimeas v. Na hagóideoirí

Ar an dara dul síos, tá sórt rás inmheánach ann idir cé chomh tapa agus is féidir le lucht agóide na hIaráine éirí amach i gcoinne an rialtais, nó an mbeidh siad in ann é a dhéanamh ar chor ar bith, agus cé chomh tapa agus a bheidh na húdaráis in ann a ngreim ar an gcumhacht a dheimhniú.

Tá roinnt míbhuntáistí ag na hagóideoirí. Níl aon cheannaire ann faoinar féidir leo aontú, níl siad eagraithe agus fad is a leanann na hionsaithe ón aer ar aghaidh beidh drogall orthu teacht amach ar na sráideanna. Anuas air seo, má leantar leis na hionsaithe beidh an scrios níos feiceálaí agus tá seans ann go gcuirfidh sé seo lagmhisneach orthu tráth a bhfuil an tír faoi ionsaí.

Cé nach féidir a thuar cad a tharlóidh i ndiaidh na n-ionsaithe, tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil greim docht ag na húdaráis ar an gcumhacht, tar éis dóibh Ayatollah nua a cheapadh, agus go bhfuil an rás seo á bhuachan acu faoi láthair.

Réimeas v. Tionchar an chogaidh ar mhuintir na Stát Aontaithe

Ar an tríú dul síos, tá rás eile ann, an ceann is tábhachtaí, idir cé chomh fada agus a sheasfaidh an rialtas i gcoinne na n-ionsaithe sula ngéillfidh siad don bhrú inmheánach teacht ar shocrú chun an scrios a stopadh. An chuid eile den cheist tábhachtach seo ná cé chomh luath agus a chruthóidh praghas na hola deacrachtaí eacnamaíochta agus polaitíochta suntasacha don Uachtarán Donald Trump.

Cé go bhfuil sé deacair an brú inmheánach atá ar Údaráis na hIaráine a mheas faoi láthair, níl na comharthaí rómhaith do na Meiriceánaigh sa rás seo. Má leantar leis na deacrachtaí agus tancaeir ola ag iarraidh taisteal trí Chaolas Hormuz ar feadh i bhfad, beidh orthu rud éigin ar leith a dhéanamh chun é a choimeád ar oscailt.

Gan dabht beidh siad in ann srian a chur ar chumas na nIaránach mianaigh a leagan, ach ní bheidh siad in ann srian iomlán a chur i gcrích. Cinnte, beidh siad in ann ionsaithe dróin ar longa sa chaolas a mhaolú ach ní bheidh siad in ann gach ionsaí a stopadh.

Mura n-éiríonn leo tancaeir a thionlacan tríd an gCaolas, rud nach bhfuil éirithe acu a dhéanamh go fóill, tá baol ann go mbeidh orthu trúpaí a chur ar thalamh na hIaráine gar don chaolas chun é a choimeád ar oscailt.

Cé nach bhfuil sé soiléir go bhfuil an cumas seo acu sa réigiún faoi láthair ach oiread, má chuireann siad trúpaí ar an talamh caillfidh siad i bhfad níos mó saighdiúirí ná mar atá caillte acu cheana féin, rud a chruthóidh deacrachtaí eile don Uachtarán agus toghcháin an mheántéarma ag teannadh linn.

Tá Trump tar éis a rá go mbeidh bua a fhógairt aige i gceann tamall gairid ach má fhanann Caolas Hormuz dúnta ní bheidh mórán céille leis an maíomh sin.

De réir mar a théann an cogadh ar aghaidh, braithfidh toradh an chogaidh níos mó ar thionchar an chogaidh, lena n-áirítear praghas na hola, ar mhuintir na Stát Aontaithe agus an chaoi a rachaidh sé i bhfeidhm ar pholaiteoirí na tíre, ná ar chumas na nIaránach iad féin a chosaint.

Fág freagra ar 'Trump sáinnithe idir dhá thine Bhealtaine sa Chaolas Hormuz'