Trump cúisithe as cáipéisí rúnaicmithe a choinneáil go mídhleathach

Seo an chéad uair riamh gur deineadh iaruachtarán de chuid Mheiriceá a dhíotáil i gcás feidearálach

Trump cúisithe as cáipéisí rúnaicmithe a choinneáil go mídhleathach

Tá an t-iaruachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump cúisithe as cás a bhaineann leis an tslí ar láimhseáil sé cáipéisí rúnaicmithe nuair a d’fhág sé an Teach Bán.

Seacht gcúis atá á chur ina leith agus tuairiscítear go ndéanfar an t-iaruachtarán, atá ag seasamh don uachtaránacht arís an bhliain seo chugainn, a ghabháil Dé Máirt seo chugainn nuair a thiocfaidh sé os comhair na cúirte.

Seo an chéad uair riamh gur deineadh iaruachtarán de chuid Mheiriceá a dhíotáil i gcás feidearálach.

Líomhnaítear gur thug Donald Trump cáipéisí rúnaicmithe ón Teach Bán go dtí Florida leis lena scrios nuair a tháinig deireadh lena thréimhse mar uachtarán, beart a bheadh in aghaidh an dlí.

Thug an FBI cáipéisí as teach saoire an iarUachtaráin Donald Trump in Palm Beach, Florida nuair a rinne siad ruathar air anuraidh.

Faoi Acht Thaifid an Uachtaráin, is leis an Rialtas gach ábhar oifigiúil agus ní mór é ar fad a chur ar fáil don chartlann ach a dtagann deireadh le téarma Uachtaráin.

Choinnigh an t-iarUachtarán 15 bosca d’ábhar a d’iarr oifigigh ón gCartlann Náisiúnta air a thabhairt ar ais ar feadh roinnt míonna agus níor scar sé leo go dtí gur bagraíodh an dlí air chun iad a fháil ar ais.

Níos túisce i mbliana cuireadh cúiseanna coiriúla i leith Donald Trump as baint a bheith aige le hairgead a íoc le haisteoir ionas nach sceithfeadh sí scéal faoi chaidreamh collaí.

B’in an chéad uair riamh gur tugadh cúiseanna coiriúla in aghaidh uachtaráin nó iar-uachtaráin i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá an Roinn Cirt ag cur dlús chomh maith lena fiosrú féin faoi na hiarrachtaí a rinne Trump fanacht in oifig nuair a chaill sé an toghchán in 2020.

Deir Trump nach bhfuil aon rud mícheart déanta aige agus gurb amhlaidh go bhfuil géarleanúint á déanamh air ar mhaithe le cur as don toghchán.

 

Fág freagra ar 'Trump cúisithe as cáipéisí rúnaicmithe a choinneáil go mídhleathach'