Triúr eile básaithe, 474 cás nua den víreas fógartha

Ní raibh aon bhás nua de dheasca an víris le fógairt ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann tráthnóna

Triúr eile básaithe, 474 cás nua den víreas fógartha

Tá triúr eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 474 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

155 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus 44 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,041,284 duine agus an dara dáileog faighte ag 411,150 duine.

Bhain 37 den 474 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le Corcaigh.

36 cás a bhain le Dún na nGall, 29 cás a bhí i gcontae na Mí agus 28 cás a bhí i nGaillimh.

Ocht gcás a bhí i Maigh Eo, níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirge agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí chomh maith.

Meánráta 126 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 296 atá i nDún na nGall, an ráta is airde sa tír, agus tá an ráta i gcontae na Mí, 164, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 87 atá i nGaillimh, 70 atá i Maigh Eo agus 58 atá i bPort Láirge. Ráta 48 atá i gCorcaigh agus 19 atá i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 95 cás nua a deimhníodh ansin.

61 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá ochtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 935,589 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 377,302.

7,041 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,144 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,899 duine ó dheas di.

368,413 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 248,326 cás ó dheas den teorainn agus 120,087 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Triúr eile básaithe, 474 cás nua den víreas fógartha'