Triúr coimisinéirí pléite i gcainteanna Stormont ach trácht ar bith go fóill ar acht Gaeilge neamhspleách

Níl ceist an achta teanga don Ghaeilge amháin á plé ag an tráth seo de réir an eolais is déanaí atá sceite faoi na cainteanna

Triúr coimisinéirí pléite i gcainteanna Stormont ach trácht ar bith go fóill ar acht Gaeilge neamhspleách

Tá an rogha go gceapfaí beirt choimisinéirí teanga agus coimisinéir a bheadh freagrach as cúrsaí ‘féiniúlachta’ i measc na n-ábhar atá á bplé i gcainteanna faoi athbhunú an fheidhmeannais i Stormont faoi láthair.

De réir an eolais is déanaí atá sceite faoi na cainteanna, níl ceist an achta teanga don Ghaeilge amháin á plé ag an tráth seo.

Tá ceist an achta fós á seachaint, de réir foinsí a thug eolas do shuíomh idirlín an iriseora Éamonn Mallie.

Tuairiscíodh ar an suíomh céanna cheana go raibh ceist an achta Ghaeilge curtha ar an méar fhada ar mhaithe le teacht ar réiteach.

De réir an eolais sin is é a mbeadh sa reachtaíocht teanga, don Ghaeilge agus don Ultais, seachas cruth na reachtaíochta féin a bhí á phlé sna cainteanna.

Is léir anois go bhfuiltear ag caint faoin infreastruchtúr a bhainfeadh leis an reachtaíocht sin – coimisinéir Gaeilge, coimisinéir Ultaise agus coimisinéir féiniúlachta – agus gan aghaidh á tabhairt ar chor ar bith ar cheist an achta féin.

Tá acht teanga don Ghaeilge amháin á éileamh ag Sinn Féin ach tá an DUP glan ina choinne sin.

Deirtear i gceann de na plécháipéisí a ullmhaíodh do na páirtithe atá i mbun cainte go bpléifear an cheist sin amach anseo.

“Mar chuid de chomhaontú iomlán, leagtar amach i gCuid a Dó, Teangacha, na socruithe reachtúla is dócha a dhéanfaí chun cultúr agus oidhreacht na Gaeilge agus na hUltaise a chosaint agus a chur chun cinn. Is d’aon ghnó a leagtar béim sa cháipéis seo ar a mbeidh sa reachtaíocht, seachas ar chruth na reachtaíochta a d’fhéadfaí a aontú mar chuid de chomhaontú iomlán. Glactar leis go mbeadh cainteanna ann faoi chruth na reachtaíochta dá dtiocfaí ar chomhaontú ar a mbeidh inti.”

Luaitear sa phlécháipéis a ullmhaíodh chun cuidiú leis na cainteanna moltaí éagsúla maidir lena mbeadh i gceist ó thaobh ábhar na reachtaíochta.

Ina measc na moltaí sin, tá Coimisinéir Teanga don Ghaeilge agus Coimisinéir don Ultais; tuairiscí bliantúla don chomhthionól; stádas oifigiúil don Ghaeilge agus don Ultais ó thuaidh; go gcuirfí caighdeáin i bhfeidhm maidir le seirbhísí; agus láraonad aistriúcháin a chuirfeadh seirbhís ar fáil don fheidhmeannas agus d’eagrais eile.

Tá rabhadh tugtha ag lucht an fheachtais ar son an achta Ghaeilge ó thuaidh do Shinn Féin nach aon réiteach ar an scéal reachtaíocht ‘lagagus gur acht as féin don Ghaeilge amháin an t-aon rud a bheadh inghlactha.

 

 

Fág freagra ar 'Triúr coimisinéirí pléite i gcainteanna Stormont ach trácht ar bith go fóill ar acht Gaeilge neamhspleách'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Bheadh sé go hálainn ar fad dá mbeadh coimisinéar Ultaise ann mar aon leis an gcoimisinéar Gaeilge ach amháin an bheirt acu bheith tréan agus dualgas i bhfad níos mó bheith ar an Stát ná mar atá sa bpoblacht. Dá mbeadh dualgas ar chomhlachtaí príobháideacha a gcomharthaí ar fad bheith trítheangach tá sé sin i bhfad Éirinn níos fearr ná an t-aonteangachas atá le feiceáil anois ar fud an oileáin. Níl mórán suime agam san Ultais ach ní fheictear dom go bhfuil fadhb ar bith lena cur chun cinn ach amháin gan an Ghaeilge bheith lagaithe dá barr.
    Tá pobal trítheangacha níos fearr fiú ná pobal dátheangach agus an dá rud míle uair níos fearr ná pobal aonteangacha Béarla.