Is iad an láithreoir spóirt as Muineachán Gráinne McElwaine, an t-imreoir rugbaí as contae an Chláir Eimear Considine agus an tionchaire aitheanta ar líne James Kavanagh ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2020.
Beidh an triúr ambasadóirí ag glacadh páirt i bpainéal cainte a bheas ar siúl i MoLi, Músaem Litríochta na hÉireann, ar an 18 Feabhra, tráth a seolfar féile Sheachtain na Gaeilge go hoifigiúil.
Fógraíodh an tseachtain seo fosta go bhfuil síneadh trí bliana curtha leis an urraíocht a chuireann an comhlacht Energia ar fáil do mhórfhéile na Gaeilge.
Dúirt Amy O’Shaughnessey, Bainisteoir Urraíochta Energia roimhe seo gur údar “bróid” ag an chomhlacht é a bheith ag déanamh urraíochta ar an fhéile.
Fág freagra ar 'Triúr ainmnithe mar Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2020'