Ollamh Cúnta leis an tSíceolaíocht Forbartha

Tá Scoil na Síceolaíochta ag féachaint le hOllamh Cúnta leis an tSíceolaíocht Forbartha a cheapadh le bheith mar chuid dár bhfoireann chomhoibríoch atá gníomhach i mbun taighde.

Teideal an Phoist: Ollamh Cúnta leis an tSíceolaíocht Forbartha
Dáta deiridh: 28 Meán Fómhair ag 12 meán lae

Achoimre ar an bPost:
Tá Scoil na Síceolaíochta ag féachaint le hOllamh Cúnta leis an tSíceolaíocht Forbartha a cheapadh le bheith mar chuid dár bhfoireann chomhoibríoch atá gníomhach i mbun taighde. Cuirfidh an té a cheapfar teagasc agus maoirseacht tionscadail ar ardchaighdeán ar fáil do mhic léinn ar ár gcláir fochéime agus iarchéime. Cuideoidh sé freisin linn chun cur leis an méid atá bainte amach againn mar Ollscoil diantaighde a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aici, trí thaighde den scoth a dhéanamh agus grúpa taighde a fhorbairt chun tacú leis an obair sin.

Cuirimid fáilte ar leith roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil próifíl láidir teagaisc agus taighde acu agus atá in ann cur le réimsí láidreachta taighde na Scoile agus iad a fhorbairt tuilleadh. Maidir leis an tSíceolaíocht Forbartha, áirítear orthu sin tuismitheoireacht agus próisis teaghlaigh, luathfhorbairt chognaíoch agus teanga, forbairt leanaí néara-éagsúla agus néara-thipiciúla, agus meabhairshláinte daoine óga.

Beidh coinne leis go rachaidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis i mbun an phoist a luaithe is féidir.
Tabhair faoi deara go lorgófar grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána i gcás daoine a bheidh á mbreithniú don phost.

Stádas an Phoist: Conair Tionachta
Tá tuilleadh eolais ar fáil ANSEO