Ollamh Cúnta leis an nGaeloideachas

Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis ina speisialtóir ar theagasc, foghlaim agus measúnú Gaeilge atá ailínithe le CEFR agus/nó in oideachas tumtha agus Gaeltachta agus in oideolaíocht na Gaeilge.

Teideal an Phoist: Ollamh Cúnta leis an nGaeloideachas
Dáta deiridh: 15 Bealtaine 2026 ag meán lae

Achoimre ar an bPost:
Is tosaíocht fhollasach bheartais in Éirinn é Oideachas trí mheán na Gaeilge agus Oideachas sa Ghaeltacht a fhorbairt, mar aon leis an nGaeloideachas ar bhonn níos leithne. Bíonn dúshláin roimh an earnáil maidir leis an gcomhthéacs sochtheangeolaíoch atá ag athrú sa Ghaeltacht, déimeagrafaic atá ag athrú ar bhonn náisiúnta, soláthar agus coinneáil múinteoirí, agus soláthar deiseanna chun cleachtas oideoirí a fhorbairt mar speisialtóirí ina réimse. Tá na saincheisteanna seo ina bhfócas méadaitheach i dtaighde, i dteagasc agus i gcleachtas i Scoil an Oideachais i gColáiste na Tríonóide.
Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis ina speisialtóir ar theagasc, foghlaim agus measúnú Gaeilge atá ailínithe le CEFR agus/nó in oideachas tumtha agus Gaeltachta agus in oideolaíocht na Gaeilge. Beidh eolas críochnúil aige ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha agus ar bheartas Eorpach agus náisiúnta maidir leis an nGaeilge.
Déanfaidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis teagasc agus maoirseacht ar na cláir Ghaeloideachais sa Scoil, lena n-áirítear maoirseacht ar thaighde mac léinn iarchéime. Déanfaidh sealbhóir an phoist taighde, giniúint agus scaipeadh eolais i réimse an Ghaeloideachais.

Stádas an Phoist: Conradh Sainchuspóra
Is é is cuspóir don phost seo tacú le seachadadh an chláir M.Oid., atá maoinithe ag an Roinn Oideachais. Ní thairgtear fostaíocht ar bhonn tréimhse éiginnte, mar tá an post seo nasctha le cuspóir ar leith an chláir. Nuair a thiocfaidh seachadadh an chláir M.Oid. chun deiridh, ní bheidh gá leis an ról a thuilleadh.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ANSEO