Ollamh Cúnta le Stair, Cultúr agus Sochaí na Róimhe

Is mian le Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath Ollamh Cúnta le Stair, Cultúr agus Sochaí na Róimhe a cheapadh.

 

Is mian le Scoil na Staire agus na nDaonnachtaí i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath Ollamh Cúnta le Stair, Cultúr agus Sochaí na Róimhe a cheapadh. Is é príomhaidhm an phoist seo an soláthar teagaisc a fhorbairt agus a neartú agus scóip an taighde a leathnú i réimsí stair, cultúr agus sochaí na Róimhe le gné nua taighde ar an tuiscint pholaitiúil chomhaimseartha ar sheanstair na Róimhe. Ní mór d’iarratasóirí speisialtóireacht taighde a bheith acu i ngné éigin de stair, cultúr agus sochaí na Róimhe, agus a bheith ábalta a suim a léiriú go soiléir in oidhreacht chultúrtha agus staire impireacht na Róimhe. Ar na réimsí speisialtóireachta a léireodh na haidhmeanna sin go speisialta (ach gan a bheith teoranta dóibh) tá stair chosmhuintir na bpobal áitiúil agus imeallach ar fud impireacht choilíneach na Róimhe, stair shóisialta maidir leis an tslí a ndearnadh oiriúnú, imeascadh nó imeallú orthu nó an imirce laistigh agus lasmuigh den impireacht, idirbheartaíocht áitiúil faoin údarás agus an rialú, impiriúlachas na Róimhe agus a oidhreacht shóisialta, pholaitiúil agus chultúrtha, an eitic agus eolaíocht pholaitiúil (ársa agus nua-aimseartha), geilleagar, trádáil agus soghluaisteacht ársa. Beifear ag súil go gcuideoidh an té a cheapfar leis na bunriachtanais teagaisc ar thrí cinn dár gcláir chomhchéime onóracha sa Léann Clasaiceach (Stair Ársa agus Seandálaíocht (AHA); Sibhialtacht Chlasaiceach (CC); Comhchéim Onóracha (JH) Teangacha Clasaiceacha (Laidin) agus ár gcomhchlár iontrála, Na Clasaicí, Stair Ársa agus Seandálaíocht (CLAHA), agus ar chéim ildisciplíneach na scoile i Stair agus Cultúr na Meánaoise Ársa (AMHC). Cuirfidh an té a cheapfar ardmhodúil ina réimsí taighde féin ar fáil chomh maith d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe (MPhil). 

Teideal an Phoist: Ollamh Cúnta le Stair, Cultúr agus Sochaí na Róimhe   

Stádas an Phoist: Téarma seasta 5 bliana, Conradh Lorg Tionachta

Uaireanta an Phoist: Cloíonn uaireanta oibre na foirne acadúla lena bhfuil leagtha síos faoi Chomhaontuithe na Seirbhíse Poiblí. Tuilleadh eolais ar fáil ag: http://www.tcd.ie/hr/assets/pdf/academic-hours-public-service-agreement.pdf

Tuarastal: Déanfar an ceapachán ar Scála Tuarastail Ollamh Cúnta (109BN) de réir cáilíochtaí/taithí agus Polasaí Pá na Seirbhíse Poiblí [€39,469 go €95,441 sa bhliain] https://www.tcd.ie/hr/assets/pdf/monthly-academic.pdf

Dáta Deiridh: 12.00pm, 13 Bealtaine 2024

 

Tuilleadh Eolais:  Nasc Anseo