Trí cinn as a chéile d’imreoirí óga Chiarraí agus Gaillimh cloíte ag cúil

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: I gcoimhlint nach raibh mórán spréiche ann, ba é cumas na gCiarraíoch cúil a aimsiú a d’fhág go raibh siad chun tosaigh ó thús go deireadh

Trí cinn as a chéile d’imreoirí óga Chiarraí agus Gaillimh cloíte ag cúil

Tá éacht ar leith déanta ag peileadóirí óga Chiarraí agus Craobh Mhionúr na hÉireann buaite acu don tríú huair as a chéile. Cé nach raibh a dtaispeántas chomh slachtmhar agus a bhí an bua a bhí acu ar Chill Dara sa chluiche leathcheannais, fós rinne siad a ndóthain chun an Ghaillimh a chur de dhroim seoil tráthnóna.

Seacht bpointe a bhí eatarthu ar deireadh, 3-7 in aghaidh 0-9, agus a mbua tuillte go maith ag na Muimhnigh.

Cé nach bhfuil sé ach seacht mbliana déag d’aois ó mhí Iúil, tá clú agus cáil bainte amach ag David Clifford cheana féin agus ba é a chúl iontach agus deich nóiméad fágtha sa chluiche a chinntigh an bua do Chiarraí. Chaill Gaillimh seilbh na liathróide agus iad ar an ionsaí, fuair Clifford í ar an gcliatháin deas, ghearr sé isteach agus chuir sé críoch ghleoite lena ruathar nuair a bháigh sé an liathróid i mbarr na heangaí.

D’fhág sé sin cúig phointe idir na foirne, 3-4 in aghaidh 0-8, agus bhí an chuma ar an scéal go raibh a rás rite ag Gaillimh. Bhí obair mhaith déanta acu go dtí sin sa dara leath agus an bhearna de sé phointe a bhí ann ag leath-am laghdaithe acu go dtí péire. Dála an chéad-leatha, áfach, ní dhearna siad dóthain scórála sna tréimhsí sin go raibh an lámh in uachtar acu.

Dhá iarracht déag ar fad a chuir siad amú, agus ní raibh sé sin sách maith agus an baol ann i gcónaí go n-aimseoidh Ciarraí tuilleadh cúl.

I gcoimhlint nach raibh mórán spréiche ann, ba é cumas na gCiarraíoch cúil a aimsiú a d’fhág go raibh siad chun tosaigh ó thús go deireadh.

 

 

Marc Ó Riain, Ciarraí le Céin Ó Dorchaidhe sa tóir air
Marc Ó Riain, Ciarraí, le Céin Ó Dorchaidhe, Gaillimh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín, Tuairisc.ie

Ní raibh ach scór amháin ann sa chéad 18 nóiméad den chluiche, é sin aimsithe ag an gCiarraíoch Seán O’Shea. Ba é fear Neidín a d’aimsigh an chéad chúl do Chiarraí chomh maith.

Is iarracht ar phointe a bhí i gceist aige agus é 40m amach ón gcúl ach thit an liathróid i mbéal an chúil. Cé go raibh Diarmuid O’Connor ag iarraidh lámh a leagadh uirthi, bhí an chuma air go ndeachaigh an liathróid díreach isteach sa chúl.

Fuair Gaillimh a gcéad scór den chluiche cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, ach chuir Ciarraí an liathróid san eangach arís agus 22 nóiméad imeartha. Thug Dara Moynihan pas ard trasna an chúil agus, le lámh amháin, rug David Clifford air. Thug seisean pas don lántosach David Shaw agus sheol sé a iarracht thar Cormac Haslam sa chúl.

Chuir Gaillimh tús maith leis an dara leath le pointí ó Adam Quirke agus Robert Finnerty a laghdaigh an bhearna go dtí ceithre phointe agus lean siad orthu leis an dea-obair nó gur fhág Clifford a mharc ar an gcluiche.

D’aimsigh Ciarraí trí phointe agus an t-am beagnach caite chun barr smaise a chur ar chlár na scór, rud a bhí beagáinín chrua ar Gaillimh, ach ní raibh aon amhras ann gurb iad an fhoireann is fearr a bhuaigh.

Ciarraí: B Courtney; D Naughten, N Collins (0-1), G O’Sullivan; M Potts, D O’Brien, M Foley; M Breen, M Ryan; D Moynihan (0-2), S O’Shea (1-2), D O’Connor; D Clifford (1-0), D Shaw (1-1), B Friel. Ionadaithe: C Linnane (0-1) in áit B Friel (47), C Tehan in áit N Collins (54), B Sweeney in áit D Shaw (59), K Dwyer in áit M Foley (61), S Okunbor in áit D O’Connor (63).

Gaillimh: C Haslam, L Boyle, S Mulkerrin, E McFadden; A Quirke (0-1), E McDonagh, F Garvey; C Darcy (0-1), J Maher; F Ó Laoi, E Murphy, R Forde (0-1); R Finnerty (0-3), S Raftery, D Conneely (0-2). Ionadaithe: B Goldrick in áit E Murphy (37), R Murphy in áit S Raftery (49), R Cunningham (0-1) in áit R Finnerty (55), E Deely in áit F Garvey (56).

GAA All-Ireland Minor Football Championship Final, Croke Park, Dublin 18/9/2016 Galway vs Kerry Daniel O'Brien of Kerry with Finian O'Laoi of Galway Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

 

GAA All-Ireland Minor Football Championship Final, Croke Park, Dublin 18/9/2016 Galway vs Kerry Evan Murray of Galway with Michael Foley of Kerry Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

 

Scoráileann Daithí Ó Clúmháin cúl do Chiarraí. Pic: Seán Ó Mainnín, Tuairisc.ie
Scoráileann David Clifford cúl do Chiarraí. Pic: Seán Ó Mainnín, Tuairisc.ie

 

GAA All-Ireland Minor Football Championship Final, Croke Park, Dublin 18/9/2016 Galway vs Kerry Galway's Ernan McDonagh tackles Sean O’Shea of Kerry Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

 

GAA All-Ireland Minor Football Championship Final, Croke Park, Dublin 18/9/2016 Galway vs Kerry David Naughten of Kerry with Finian O'Laoi of Galway Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Fág freagra ar 'Trí cinn as a chéile d’imreoirí óga Chiarraí agus Gaillimh cloíte ag cúil'