Trí ‘bhillboard’ crochta taobh amuigh de Leitir Mealláin, Conamara, in ómós do Martin Johnny Mhichael Choilm

Tá aithne mhaith ar Mhartin McDonagh, a rugadh agus a tógadh i Londain, i Leitir Mealláin, baile dúchais a athar Johnny Mhichael Choilm Mac Donncha

Trí ‘bhillboard’ crochta taobh amuigh de Leitir Mealláin, Conamara, in ómós do Martin Johnny Mhichael Choilm

Pictiúr: Róisín Nic Leoid/Twitter.com

Tá trí ‘bhillbord’ crochta taobh amuigh de Leitir Mealláin, Conamara, in ómós don fhear scannáin Martin McDonagh, ar de bhunadh an cheantair sin é, agus a bhfuil seacht n-ainmniúchán Oscar faighte ag an scannán is déanaí uaidh, Three Billboards Outside Ebbing, Missouri.

Dúirt John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, stiúrthóir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin, le Tuairisc.ie go raibh sé ag caint ar maidin le Martin McDonagh, ar thug a scannán cúig ghradam BAFTA leis i Londain aréir, agus go raibh an stiúrthóir agus scríbhneoir “an-bhródúil” as an scéal go bhfuil aitheantas á fháil aige i gceantar dúchais a athar.

Tá aithne mhaith ar Mhartin McDonagh, a rugadh agus a tógadh i Londain, i Leitir Mealláin, baile dúchais a athar Johnny Mhichael Choilm Mac Donncha. Ón uair a bhíodar óg chaitheadh McDonagh agus a dheartháir John Michael, ar scannánóir é freisin, cuid mhaith ama sa cheantar Gaeltachta agus chuaigh Conamara i bhfeidhm go mór ar a gcuid scríbhneoireachta.

Is as contae Shligigh dá máthair, Mary.

Dúirt John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, stiúrthóir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin gur údar mór bróid do mhuintir an cheantair gaisce McDonagh agus gur ghasúir ó scoil náisiúnta Leitir Mealláin a chroch na trí chlár fógraí ar an mbealach go Leitir Mealláin.

Is é atá scríofa ar na cláir fógraíochta ná ‘Comhghairdeas Martin McDonagh’, ‘Réalt Mór Leitir Mealláin’ agus ‘Réalt Mór Hollywood’.

Dúirt John Bhaba Jeaic Ó Conghaile le Tuairisc.ie inniu go raibh go leor suime á chur sna cláir fógraíochta agus daoine tagtha ar cuairt go dtí an ceantar cheana chun iad a fheiceáil.

Ba é Three Billboards Outside Ebbing, Missouri a bhuaigh an gradam BAFTA aréir don scannán is fearr, agus bronnadh an gradam don script scannáin is fearr ar McDonagh féin. Thug Frances McDormand, a bhfuil an phríomhpháirt aici sa scannán, léi an gradam don bhanaisteoir is fearr agus bhuaigh Sam Rockwell an duais don aisteoir tánaisteach is fearr dá ról sa saothar a scríobh agus a stiúir McDonagh. Bhuaigh an saothar an gradam don scannán Briotanach is fearr chomh maith.

Dúirt John Bhaba Jeaic Ó Conghaile le Tuairisc.ie cheana nach aon údar iontais é fear de bhunadh Leitir Mealláin a bheith coitianta ar an bpeann.

“Caithfidh tú cuimhneamh, ceantar beag bídeach cosúil le Leitir Mealláin, is iontach an méid scríbhneoirí a tháinig amach as an áit – Martin McDonagh féin, Antoine Ó Flatharta, Colm de Bhailís, Peadar Ó Direáin, agus seanPháraic Ó Conaire fhéin ba as Leitir Mealláin a mháthair.

“Tá rud éigin ann. Bhí file ar chuile choirnéal i Leitir Mealláin uair amháin.”

Fág freagra ar 'Trí ‘bhillboard’ crochta taobh amuigh de Leitir Mealláin, Conamara, in ómós do Martin Johnny Mhichael Choilm'

  • Aine Ni Fhiannusa

    Fair play dhuit a Mháirtin – agus muintir Leitir Mealláin – an cliste ar fad. Tobar iontach scríobhnóirí an áit seo, beimíd ag súil le tuille uait . Beidh an tOscar ag teacht id’ threo le cúnamh Dé.

  • Treasa Ní Chonaola

    Tá aitheantas agus gradaim idirnáisiúnta buaite agus tuillte ag Martin McDonagh ó Broadway go Hollywood. Agus anois tá omós a mhuintire feiceálach i Leitirmealláin. An-bhródúil as Martin agus muintir na háite.