Cuirtear fimíneacht i leith gach polaiteoir a athraíonn a intinn. Mar a chuirtear ina leith freisin má chlistear ar gheallúint, nó tar éis tuairim a nochtadh lá amháin agus a mhalairt lá eile.
Ní thuilleann gach contrárthacht idir ráitis éagsúla ón mbéal céanna fonóid ghéar, áfach. Go deimhin is dlúthchuid de cheird an pholaiteora é polasaí a mholadh nó a fhógairt ar bhealaí éagsúla.
Mar a dúirt Teachtaí Dála ó pháirtithe éagsúla go príobháideach leis an scríbhneoir seo ó am go ham, ní foláir a bheith tofa chun gníomh conspóideach a dhéanamh ar léir a riachtanas.
Cuimhnigh, a dúirt siad, nár dheimhnigh lán-chur síos lom ar ghníomh riachtanach toghadh iarrthóra riamh. Dheimhneodh a leithéid a mhalairt de ghnáth, dar leo, ainneoin an riachtanais. Nó dá bharr b’fhéidir.
Mhol scata iriseoirí ón tír seo an stuaim agus an discréid a léirigh an Taoiseach nuair a d’fhan sé ina thost le linn cuid mhór dá chruinniú sa Teach Bán leis an Uachtarán Trump.
Ní raibh briathra moltacha le cloisteáil sa Dáil Dé Céadaoin áfach agus Micheál Martin á cheistiú ag Mary Lou McDonald.
Chuaigh sí thar fóir nuair a thagair sí do gháire neirbhíseach an Taoisigh tar éis don uachtarán a rá gur fadhb mhaith í géarchéim tithíochta na hÉireann toisc gur léirigh sé neart an gheilleagair.
Gáire meatacháin a bhí ann, dar le ceannaire Shinn Féin, arb ionann é agus a bheith ag magadh faoi dhaoine atá gan dídean mar gheall ar an ngéarchéim.
Chuir Micheál Martin i gcuimhne di agus an t-achasán á fhreagairt aige gur thug sé le fios sa Teach Bán gur tábhachtaí tithíocht ná fadhb ar bith eile. Ní raibh freagra ró-éifeachtach aige, áfach, ar a ndúirt Mary Lou leis faoin deis nár thapaigh sé “easaontú go hómósach” le dearcadh Donald Trump ar chinedhíothú Iosrael i nGaza.
Dúirt an Taoiseach léi go ndearna sé cur síos gonta ar dhearcadh na hÉireann ar an scéal. Is ríléir ó thaifead an chruinnithe, áfach, gur sheachain sé ráiteas ar bith a léireodh aon amhras maidir le lántacaíocht na Stát Aontaithe do chinedhíothú Iosrael.
Ní foláir a rá go ndúirt an Taoiseach go raibh sos comhraic riachtanach, chomh maith le saoradh na ngialla a ghabh Hamas agus méadú ar chabhair dhaonnúil. Níor thagair sé, áfach, do chosc Iosrael ar gach soláthar daonnúil a bhí i bhfeidhm ar feadh deich lá nuair a labhair sé (agus atá i bhfeidhm fós).
Is ina dhiaidh sin a chuaigh Micheál Martin thar fóir sa Teach Bán. Mhol sé “díograis gan staonadh” agus saothar “uasal” an uachtaráin ar son na síochána in Gaza agus san Úcráin gan oiread agus focal a chur leis an moladh a léireodh imní maidir le polasaí a cheadaíonn cogaíocht mhíthrócaireach na nIosraelach agus na Rúiseach.
Gan dabht, déarfar mar chosaint ar an gcontrárthacht idir cáineadh láidir an Taoisigh ar Iosrael agus an Rúis (a bhí le cloisteáil arís sa Dáil Dé Céadaoin) go gcuirfeadh caint dá leithéid olc gan tairbhe ar an Uachtarán Trump.
Is léir mar sin féin an fáth gur féidir cur ina leith gur fimíneacht is cúis leis an difríocht chomh follasach sin idir an chaint bhog thall agus an chaint ghéar a dhéantar i mBaile Átha Cliath ar na hábhair chéanna.
Ós ag caint ar fhimíneacht atáimid, is fiú tagairt don ardmholadh a thug an Taoiseach agus na hairí eile a thug cuairt na Féile Pádraig ar 42 tír d’imircigh agus do shliocht na hÉireann ar fud an domhain. “Ambasadóirí neamhoifigiúla na hÉireann,” a thug an Taoiseach orthu.
Dá mhéid meas an rialtais ar ár muintir i gcéin, níor thug sé orthu geallúint go reáchtálfaí reifreann chun vótaí i dtoghcháin uachtaránachta a thabhairt do shaoránaigh lasmuigh den stát (a tugadh i gclár rialtais 2020) a choinneáil i leataobh i gclár rialtais na bliana seo.
Bhí méadú iomarcach ar chearta vótála i gceist, dar leis an scríbhneoir seo, ach sin scéal eile. Níl an focal fimíneacht róghéar mar chur síos ar an mbearna idir síormholadh an diaspóra agus cliseadh ar ghealltanas a tugadh cúig bliana ó shin.
Is soiléire agus is mínáirí, áfach, an fhimíneacht a léirigh an trodaí teanntásach Conor McGregor agus é ag maíomh tar éis dó bualadh le Trump Lá Fhéile Pádraig go raibh Baile Átha Cliath ar cheann de na cathracha is contúirtí san Eoraip.
Gan dabht bheadh an phríomhchathair níos sábháilte gan eachtraí amhail McGregor a bheith ciontaithe in ionsaí ar fhear i dteach tábhairne sa chathair in 2019, é a bheith ciontaithe i dtiomáint chontúirteach in 2024 agus é a bheith ciontaithe roimhe sin i scór sárú eile ar dhlíthe tiomána.
Ba mhaith le McGregor a bheith ina iarrthóir sa toghchán uachtaránachta i mí Dheireadh Fómhair. Dá dtoghfaí é, a dúirt sé Déardaoin, reáchtálfadh sé reifreann ar chúrsaí inimirce.
Ní fimíneacht ach aineolas a thug air reifreann a ghealladh. Níl aon chumhacht ag uachtaráin reifreann a ghairm am ar bith ar ábhar ar bith.
Fág freagra ar 'Trí bhabhta fimíneachta a náirigh an Taoiseach, an rialtas agus Conor McGregor'