Ar an 14 Márta tharla cruinniú faoi shocrú tras-Atlantach atá níos tábhachtaí do gheilleagar na hÉireann ná rud ar bith a d’fhéadfadh tarlú do thionscal cógaisíochta na tíre mar thoradh ar pholasaithe Donald Trump.
Ní heol dom go raibh smid faoi sna meáin ach bhí fógra gairid faoi ar shuíomh fhoras Meiriceánach ar dócha nár chuala tú trácht air cheana – an US Civil Liberties and Privacy Oversight Board.
Is cruinniú a bhí ann idir Coimisinéir Eorpach na hÉireann Michael McGrath agus ball de bhord an PCLOB Beth A Williams chun plé a dhéanamh ar ról an fhorais sin ‘under Executive Order 14086 in ensuring safeguards for cross-border data flows under the Trans-Atlantic Data Privacy Framework’. Is é McGrath, an Coimsinéir Eorpach atá freagrach as cúrsaí dlí agus cirt, riail an dlí agus cosaint tomhaltóirí. Bhí griangraf de féin agus Beth A Williams taobh leis an bhfógra ar shuíomh an PCLOB, iad ag croitheadh lámh.
Ach bíodh is go raibh meangadh gáire ar an mbeirt tá géarchéim ag teacht chun cinn maidir leis an socrú a rialaíonn gluaiseacht tras-Atlantach sonraí, agus d’fhéadfadh go mbualfadh an ghéarchéim seo buille an bháis ar thionscal teic Mheiriceá in Éirinn.
Cinnte tá a fhios ag a lán daoine go bhfuil baol mór ann go ngearrfear cáin ar sheirbhísí digiteacha comhlachtaí Meiriceánacha mar chuid den chogadh trádála idir Meiriceá agus an Eoraip. Dhéanfadh sin dochar mór don earnáil teic Mheiriceánach in Éirinn. Ach ní scriosfadh sé go hiomlán é.
Is é an príomhbhaol ná go gcaillfeadh na comhlachtaí teic Meiriceánacha a rochtain ar mhargadh na hEorpa scun scan mar gheall ar pholasaithe Trump agus mar gheall ar chinneadh úinéirí na gcomhlachtaí teic an ghlúin a fheacadh ag altóir an Trumpachais. Cheap siad go bhféadfadh siad a gcomhghuaillíocht le Trump a úsáid chun brú a chur ar an Aontas Eorpach gearradh siar ar rialacháin na hearnála agus cead a gcinn a thabhairt dóibh san Eoraip. Ach mar gheall ar drochmheas follasach Donald Trump ar an Eoraip tá Eorpaigh ag breathnú go géar ar spleáchas na hEorpa ar soláthróirí seirbhísí teicneolaíochta agus digiteacha Meiriceánacha.
Ní ceist iomaíochta agus gnó amháin atá i gceist leis an athmhachnamh seo ach imní gur laige chriticiúil straitéiseach é seo a bhféadfadh Meiriceá teacht i dtír air chun dochar a dhéanamh don Eoraip. Go deimhin tá sé ag tarlú cheana féin – Elon Musk ag úsáid X chun tionchar a imirt ar thoghcháin san Eoraip, agus Meiriceá ag bagairt ar an Úcráin go múchfaí Starlink orthu muna síneodh siad conradh mianraí.
Ní ábhar imní nua é seo. In 2013 thug Edward Snowden le fios dúinn go raibh rochtain ag áisinteachtaí faisnéise Mheiriceá ar shonraí ó mheáin shóisialta agus cuardaigh idirlín san Eoraip. Bhagair an tAontas Eorpach an t-am sin go gcuirfí stop le seachadadh sonraí pearsanta go dtí na Stáit Aontaithe. Thángthas ar réiteach inar gheall Meiriceá beartais chun cearta príobháideachais shaoránaigh na hEorpa a chosaint.
Agus tugann sé seo ar ais go dtí Michael McGrath agus an PCLOB muid. Mar is ar an PCLOB, foras Meiriceánach a raibh meas ar a neamhspleáchas, a tugadh an cúram súil a choimeád ar na háisíneachtaí faisnéise le cinntiú go mbeadh muinín ag na hEorpaigh nach dtarlódh a leithéid arís.
Ach dár ndóigh tá Donald Trump ar a dhícheall ag cur deireadh le haon fhoras neamhspleách a d’fhéadfadh bac nó srian a chur ar a chuid cumhachta. Ní hamháin go bhfuil formhór na gcomhaltaí ar Bhord an PCLOB briste as oifig ag Donald Trump, ach tá a rialtas i mbun athbhreithnithe ar an ordú rialtais a chuir an socrú maoirseoireachta ar bun. Fiú má choimeádtar an t-ordú go hoifigúil, tá sé léirithe arís agus arís eile ag rialtas Trump nach gcloífidh siad le dlíthe nach bhfuil oiriúnach dóibh. Agus ní chreideann duine ar bith gur féidir muinín a chur iontu cloí lena bhfocal.
Dár ndóigh tuigeann McGrath tábhacht an tsocruithe thras-Atlantaigh seo do gheilleagar na hÉireann agus mar sin beidh sé ag déanamh a dhíchill oibriú leis an dá thaobh chun é a shábháil. Ach má thiteann an socrú seo as a chéile is i gcúirteanna na Eorpa a tharlóidh sé sin agus ní bheidh McGrath ábalta tada a dhéanamh faoi.
Seans gur chuala sibh faoi Max Schrem, an gníomhaí príobháideachais ón Ostair ar éirigh leis i gcásanna cúirte roimhe seo ag baint le próiseáil agus stóráil sonraí pearsanta ag na comhlachtaí teic. Tá leideanna á dtabhairt cheana féin ag Schrem go mbeidh sé ar ais sna cúirteanna go luath ag maíomh nach féidir muinín a chur a thuilleadh i Meiriceá mar gheall ar na hathruithe atá tarlaithe.
Bí ag súil leis go dtabharfar cluas éisteachta dó agus go mbeidh breithiúna neamhspleácha Eorpacha in amhras go mór faoi gheallúintí ar bith ó rialtas Trump. An toradh a d’fhéadfadh a bheith air seo ná go mbeidh sé mídhleathúil go luath d’eagraíocht nó comhlacht ar bith san Eoraip seirbhísí scamaill Meiriceánacha a úsáid chun sonraí pearsanta a stóráil agus go mbeidh sé mídhleathúil do chomhlachtaí ar nós Meta sonraí faoi shaoránaigh Eorpacha a bhogadh siar is aniar trasna an Atlantaigh. Scriosfadh sé seo múnla gnó na gcomhlachtaí seo san Eoraip.
Tá polaiteoirí, gníomhaithe agus saineolaithe Eorpacha ag teacht ar an tuairim gur gá don Eoraip a neamhspleáchas a bhaint amach ó Mheiriceá sna réimsí seo. D’fhéadfadh breithiúnas cúirte a chuirfeadh cosc ar aistriú sonraí idir an Eoraip agus Meiriceá luas mór a chur faoin bpróiseas seo. Scriosfaí cuid mhór de gheilleagar na hÉireann sa chás sin. Cinnte tá an t-uafás saineolais agus talann teicneolaíochta sa tír seo agus bheadh muid ag iomaíocht go láidir le ról a bheith againn i dtógáil infrastruchtúr teic neamhspléach Eorpach. Ach bheadh 27 ballstát eile san iomaíocht linn, boic mhóra na Fraince agus na Gearmáine ina measc. Is cinnte nach mbeadh an earnáil teic nua Eorpach chomh lárnaithe in Éirinn is atá na comhlachtaí móra Meiriceánacha faoi láthair.
Fág freagra ar 'Socrú tras-Atlantach eile a bhfuil geilleagar na hÉireann ag brath go mór air'