Tá súil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe go mbeidh Coill Bhearna i nGaeltacht na Gaillimhe ar oscailt arís i gceann cúig seachtaine nó mar sin.
Tá an choill Ghaeltachta dúnta don phobal ó bhí an Stoirm Éowyn ann ar an 24 Eanáir mar gheall ar na crainn a leagadh ar na cosáin.
Dúirt urlabhraí ón gcomhairle cathrach le Tuairisc nach fios dóibh go fóill cén costas a bhainfidh leis na hoibreacha glantacháin sa choill “mar go bhfuil siad fós ar siúl”.
Dúradh gur tugadh tús áite do na crainn a leagadh ar na bóithre agus cosáin sa chathair agus gur ar na heastáit tithíochta atá faoi chúram na comhairle cathrach a díríodh ina dhiaidh sin. Is le seachtain anuas nó mar sin atáthar ag tabhairt faoi choillte na cathrach.
“Rinne an Stoirm Éowyn damáiste do thart ar 4,000 crann ar fud na cathrach agus do choillearnacha atá faoi fhreagracht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Ba iad tosaíochtaí na comhairle bóithre agus cosáin a ghlanadh díreach tar éis na stoirme ar an bpríomhghréasán bóithre.
“Ansin bhog muid isteach sna heastáit tithíochta chun an dochar a ghlanadh. Tá 100 eastát tithíochta ann a thagann faoinár sainchúram. Le seachtain anuas atáimid tar éis tosú ag déileáil lenár gcoillearnacha,” a dúirt an t-urlabhraí.
Dúradh go bhfuil “líon suntasach crann” leagtha i gCoill Bhearna agus gur “crainn aibí iad an chuid is mó”. Thug an chomhairle cathrach le fios go bhfuil “speisialtóir” tugtha isteach acu le déileáil leis na crainn aibí mar gheall go bhfuil “trealamh an-sonrach” ag teastáil le hiad a ghearradh, a ardú, agus a bhogadh.
Tá sé i gceist ag an gcomhairle na crainn atá leagtha a fhágáil mar a bhfuil siad an oiread agus is féidir le “adhmad marbh” a sholáthar, rud a chabhróidh le bithéagsúlacht na coille agus le “hathghiniúint na foraoise”, a dúirt an t-urlabhraí.
“Nuair atá crann leagtha agus gan bac á chur ar chosán aige nó gan é ag claonadh in aghaidh aon rud eile, fágfar é san áit ina bhfuil sé. Gearrfar cuid eile i gcodanna níos lú nuair atá siad tite ar an gcosán nó i riocht contúirteach. Úsáidfear codanna chun bacainní a chruthú chun ligean do thalamh na foraoise athghiniúint.
“Le brainsí níos lú, déanfar ‘sceallóga’ agus cuirfear na sceallóga timpeall ar bhonn na gcrann chun cosaint bhreise a thabhairt do na fréamhacha. Fágann muid adhmad tite ar an talamh nuair is féidir chun ‘adhmad marbh’ a sholáthar – rud atá riachtanach d’aon choillearnach,” a dúirt an t-urlabhraí.
Mhínigh an t-urlabhraí an tábhacht a bhíonn leis an adhmad a bheith fágtha ar an talamh sa gcoill mar go gcruthaítear “gnáthóga nua d’éagsúlacht mhór orgánach” agus go mbaineann “inveirteabraigh, fungais, agus cothaithigh” tairbhe ar leith astu.
“Tabharfaidh sé cosaint nádúrtha do thalamh na coillearnaí agus tabharfaidh sé deis do chrainn dúchais a fhaightear go nádúrtha sa cheantar (an dair, an cuileann, agus an bheith) teacht chun cinn.
“Ba chóir go bhfeicfí plandaí coillearnaí ar nós lus na gaoithe, coinnle corra, agus gairleog fhiáin go flúirseach ansin sna blianta amach romhainn freisin,” a dúradh.
Fág freagra ar 'Coill Bhearna le hoscailt arís i ndiaidh na stoirme'