Macallaí 2008 ann agus Éire i ladhar an chasúir

Ta an dochar a dhéanfaidh cur chuige Trump don gheilleagar domhanda deacair a mheas

Macallaí 2008 ann agus Éire i ladhar an chasúir

Bhí a fhios againn nuair a tharla turas bliantúil na bpolaiteoirí chuig Meiriceá an mhí seo caite gur gearr go mbeadh brú ag teacht ó pholasaithe an Tí Bháin agus go gcaithfeadh an rialtas a bheith faoi réir. Tá na fógraí ag teacht go tiubh le seachtain. Sos taraifí 90 lá ar ráta 10% d’fhormhór tíortha seachas an tSín an fógra is déanaí ó Trump. Bhí faoiseamh áirithe ag baint leis sin  thug Trump le fios freisin an tseachtain seo go bhfuil sé le fógra a dhéanamh go luath faoin tionscail cógaisíochta. An cheist – cén chaoi an dtéann tú i ngleic lena leithéid agus do chuid polasaithe féin a chur in oiriúint nuair nach bhfuil tuairim agat ó lá go lá céard é an chéad rud eile a fhógrófar?

Is gearr go gcaithfidh an rialtas tús a chur le próiseas buiséid na tíre don bhliain. Beidh cáipéis le hullmhú faoi dheireadh na míosa seo leis an gcéad sraith figiúirí do bhuiséad an fhómhair. Tráthúil go leor is coinníoll í ullmhú na cáipéise cobhsaíochta seo a cuireadh i bhfeidhm le linn na géarchéime in 2008 an t-am deireadh a chonaic muid polaiteoirí chomh cúramach agus tomhaiste faoina gcuid cainte í dtaobh chúrsaí eacnamaíochta na tíre. Faoi láthair, ar ndóigh,  tá cúrsaí go maith agus an t-airgead ag teacht isteach go flúirseach ach tá an fhlúirse bunaithe ar cháin chorparáide a íocann comhlachtaí ilnáisiúnta as na Stát Aontaithe – airgead a theastaíonn  ó Donald Trump a thabhairt ar ais go Meiriceá. Tá sé soiléir ó chaint na n-airí sa Roinn Airgeadais le seachtain nó dhó go bhfuil siad ag iarraidh a bheith stuama mar nach bhfuil tuairim acu céard atá romhainn.

Ní bheidh aon phacáiste cúitimh mar a bhí le linn Covid do dhaoine a chailleann poist a dúirt Pascal Donohue le gairid. Tá sé tugtha le fios aige féin agus ag an Taoiseach nach mbeidh liúntais le costas fuinnimh a mhaolú ar fáil i mbliana. Shamhlófá ag éisteacht leo go bhfuil siad ar ais in 2008 agus ag iarraidh a mheas cén tionchar a bheidh ag tubaiste mhór dhomhanda orainn. Sin go díreach atá ag tarlú, ar ndóigh.

Tá Éire i ladhar an chasúir sa scéal seo ar fad. Tá Trump ag iarraidh na comhlachtaí Meiriceánacha atá ag baint leas as ár ráta cáin chorparáideach a mhealladh ar ais. Cé go dtógfadh sé tamall ar na comhlachtaí aslonnú chuirfeadh sé cúrsaí trína chéile. Idir an dá linn, níl mórán trua ag go leor san Eoraip dúinn. Tá roinnt mhaith ballstát den tuairim go bhfuil sé sách maith ag Éirinn atá le blianta ag baint tairbhe as ‘camscéim’, mar a fheictear do leithéid Howard Lutnick an scéal.

Tá an dochar a dhéanfaidh cur chuige Trump don gheilleagar domhanda deacair a mheas. Tá tráchtairí den tuairim go mbeidh sé roinnt míonna sula mbeidh léargas soiléir againn ar an dochar atá ag tarlú. Idir an dá linn beidh an rialtas ag iarraidh a chinntiú go gcoinníonn siad na Meiriceánaigh, an Eoraip agus an pobal leo. Ní gan dua a éireoidh leo freastal ar an uile thrá.

Fág freagra ar 'Macallaí 2008 ann agus Éire i ladhar an chasúir'