Bua eile nó údar trioblóide do Kneecap?

Bíonn rapálaithe trodach maslach mar a bhí punc-racairí rompu, iad ag tabhairt faoin mbunaíocht agus lucht na cumhachta

Bua eile nó údar trioblóide do Kneecap?

Póilíní frithsceimhle na Breataine ag déanamh measúnú ar dhá fhístéip de choirmeacha an ghrúpa Kneecap féachaint an gá fiosrú coiriúil a thionscnamh. Tháinig imscrúdú na bpóilíní maille le cáineadh ar an rapghrúpa ó pholaiteoirí in Westminster, in Albain, i Stormont agus i mBaile Átha Cliath sna sála ar chonspóid i Meiriceá de bharr lochtú an ghrúpa ar Iosrael as cinedhíothú in Gaza.

Bhí freasúra na gceoltóirí d’ionsaithe Iosrael ar Phalaistínigh ag bailiú nirt le breis is bliain, iad ar a ndícheall ag tarraingt airde ar an ngéarchéim in Gaza agus ról rialtais san iarthar maidir le comhpháirteachas san uafás. Chothaigh an seasamh sin fearg agus drochmheas i measc na ndaoine a shéanann aon mhilleán ar rialtas Binyamin Netanyahu agus a chaomhnóirí.

I ndiaidh na conspóide i Meiriceá an tseachtain seo caite díoladh na mílte ticéad le haghaidh coirm de chuid Kneecap i mBéal Feirste sa samhradh. Bhí gach cosúlacht ar an scéal go raibh an pobal ag tabhairt an chluas bhodhar do lucht tacaíochta Netanyahu nó fiú gur ghríos an cáineadh daoine chun tacú le Kneecap.

Tá cor eile curtha sa scéal ó shin, áfach, ó táthar ag cur tiomsú fuatha i leith Kneecap.

Díríodh aird na bpóilíní i dtosach ar thaifead ó choirm i Londain i mí na Samhna seo caite. Líomhnaíodh go dtaispeánann sé duine den triúr ag léiriú tacaíochta do Hamas agus Hezbollah, dhá eagraíocht atá toirmiscthe sa mBreatain mar eagraíochtaí sceimhlitheoirí. Tá sé in aghaidh an dlí tacaíocht dóibh a mholadh. Ina theannta sin tá fístéip curtha faoina mbráid ó choirm bliain roimhe sin. Líomhnaíodh go gcloistear duine den ghrúpa ag gríosú an lucht éisteachta chun feisire Parlaiminte a mharú.

Chuala mé taifead fuaime ar an raidió inar dhúirt duine ag coirm de chuid Kneecap sa Bhreatain ‘The only good Tory is a dead Tory’. Maítear gur dhúirt duine den ghrúpa ‘Kill your local MP’ díreach ina dhiaidh sin. Níor seinneadh é sin ar an raidió. Is iad an dá abairt sin agus ‘Up Hamas agus up Hezbollah’ atá á scrúdú ag na póilíní ón Met i Londain.

Níl aon cheist ach gur dual don ghrúpa a bheith béalscaoilte bladhmannach chomh maith le bheith tugtha do mhionnaí móra. An bhfuil sé soiléir an siamsaíocht nó feachtasaíocht a bhíonn ar siúl acu? Bíonn rapálaithe trodach maslach mar a bhí punc-racairí rompu, iad ag tabhairt faoin mbunaíocht agus lucht na cumhachta. Ar an mórgóir ní cheileann lucht na cumhachta an ceart chun tráchtaireachta nó agóide ar cheoltóirí.

Bhain na líomhaintí gur moladh go marófaí feisire Parlaiminte croitheadh as polaiteoirí agus daoine nach iad. Cáineadh an ráiteas in Westminster mar ar dhúirt an Príomh-Aire Keir Starmer go raibh sé doghlactha amach is amach. Dúirt ceannaire na gCaomhach, Kemi Badenoch gur cheart iad a chúiseamh. I bhfianaise mharú na bhfeisirí Jo Cox, Páirtí an Lucht Oibre agus David Amess, Caomhach, mhaígh iar-aire gur ghríosú chun dúnmharaithe ab ea an ráiteas. D’achainigh iníon David Amess, Katie, orthu leithscéal a ghabháil agus an moladh uafásach a tharraingt siar.

Cáineadh an ráiteas in Stormont freisin. Dúirt Caoimhe Archibald gur easaontaigh sí as éadan leis ach gur faoi Kneecap a bhí sé soiléiriú a dhéanamh. D’aontaigh sí lena seasamh in aghaidh iompar Iosrael in Gaza mar a rinne Sian Mulholland ó Alliance a dúirt go raibh an grúpa ag baint dá dteachtaireacht faoin sléacht in Gaza le ráiteas ‘a thrasnaigh an líne ón ealaín agóide chuig an gríosú [chun fuatha]’. Chinn ceannaire an DUP, Gavin Robinson, gur sa chúirt seachas ar stáitse ba cheart Kneecap a bheith.

I mBaile Atha Cliath d’iarr an Taoiseach Micheál Martin soiléire ó Kneecap maidir lena leagan amach i leith Hezbollah a mharaigh an saighdiúir Éireannach Seán Rooney sa Liobáin in 2022, dar le Martin. Ní raibh na taifid cloiste ag an Taoiseach ach theastaigh freagra uaidh ón ngrúpa maidir le Hamas agus Hezbollah chomh maith le ráiteas uathu faoi chosaint a thabhairt d’ionadaithe polaitiúla is cuma an aontaíonn tú lena bpolasaithe nó nach ndéanann. Tá saoirse cainte tábhachtach ach ní sháraíonn sé slándáil an duine, ar sé.

Ar an mbonn nach bhfuil a leithéid de rud agus drochphoiblíocht ann do dhaoine ar gá dóibh a bheith i mbéal an phobail, ní mór a rá gur éirigh thar cionn le Kneecap le tamall anuas. Bhí siad ar bhéal gach éinne agus nuair a bhí an-ráchairt ar thicéid i mBéal Feirste ceapadh gur amhlaidh go mbeadh in áiteacha eile freisin d’ainneoin cúlú i Meiriceá.

I Sasana, áfach, cuireadh brú ar Glastonbury chun an cuireadh dóibh a tharraingt siar. In Albain theastaigh ón gCéad-Aire John Swinney go gcuirfí coirm i nGlaschú ar ceal agus tá an áit a bhí pleanáilte ag dhá fhéile sa Ghearmáin cealaithe, dar le tionscnóir imeachtaí sa tír sin.

Ní fios cén fhad a thógfaidh sé ar na póilíní i Londain cinneadh a dhéanamh an gá fiosrú coiriúil a chur ar bun. Tá go leor le cinntiú sular féidir breith a thabhairt. Céard go díreach a dúradh? Cé a dúirt?

Dúirt Kneecap féin i ráiteas nach dtacaíonn siad le Hamas ná Hezbollah agus nach spreagfadh siad go deo foréigean in aghaidh feisire parlaiminte nó aon duine eile. Ghabh siad leithscéal le muintir David Amess agus Jo Cox, beirt fheisirí parlaiminte a dúnmharaíodh.

Mháigh an banna go raibh an histéire mhoráltachta á cothú d’aon gnó ag daoine.

Dúirt siad gur iarracht shoiléir bhí ann “an fíorphlé” faoi chás Gaza a chur ó mhaith agus go rabhthas ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine “gur mó dochar a dhéanann an chaint ná an cinedhíothú”.

“Tá Iosrael á ligean don dá mhilliún Palaistíneach atá in Gaza faoi láthair bás a fháil den ocras. Maraíodh ar a laghad 20,000 páiste in Gaza.

“…In áit cosaint a thabhairt do dhaoine neamhchiontacha agus do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, tá lucht na cumhachta ag tacú leis an ár agus an gorta. Is cóir go go gcuirfeadh sin fíordhéistin agus fearg orainn.”

Níl aon chúis curtha i leith éinne den triúr agus ní léir go gcuirfear. Mairfidh an chonspóid ach cá bhfios an bua nó trioblóid í do Kneecap?

Fág freagra ar 'Bua eile nó údar trioblóide do Kneecap?'

  • Gabriel Rosenstock

    Ní mór dúinn cuimhneamh go bhfuil go leor leor Giúdach, raibithe ina measc, a gcuireann
    arm Iosrael idir náire agus masmas orthu. Duine acu sin is ea an Raibí Irwin Keller a thug cead dom dánta leis a thiontú go Gaeilge, ina measc an dán Mionn Mídhílseachta:

    Mionn Mídhílseachta

    Is Giúdach mídhílis mé.

    Nílimse dílis do pháirtí polaitíochta ar bith.

    Ná ní bheidh mé dílis do dheachtóirí agus do ríthe buile.

    Nílimse dílis do bhallaí ná do chliabháin.

    Nílimse dílis don achasán ná don tvuít.

    Nílimse dílis don fhuath, do shaighdeadh Giúdach,

    do mhustar ná do chleasaíocht fhorlámhas na ndaoine geala.

    Is Giúdach mídhílis mé.

    Nílimse dílis do chumhacht eachtrannach ar bith.

    Ná do mhí-úsáid cumhachta ag baile.

    Nílimse dílis d’oidhreacht an choncais, do ghlanadh eitneach

    nílimse dílis do dhúshaothrú ar dhaoine.

    Nílimse dílis do na scéalta a insíonn dom

    cé hiad mo naimhde.

    Is Giúdach dílis mé

    Táim dílis do mhíchaoithiúlacht na cineáltachta.

    Táim dílis d’aisling an chirt.

    Táim dílis do ghleann seo na ndeor

    agus don bheatha go léir.

    Nílimse dílis do na seanfhondúirí.

    Ach táim dílis do na páistí a thiocfaidh inár ndiaidh

    agus do cháilíocht an domhain a bheidh fágtha mar uacht againn.

    Nílimse dílis don leagan de Mheiriceá atá anois ann.

    Ach táim dílis don leagan de Mheiriceá a d’fhéadfadh a bheith ann.

    Táim dílis d’Emma Lazarus.

    Do na sluaite atá teanntaithe le chéile go dlúth.

    Don tsaoirse agus don fháilte,

    don naofacht, don dóchas agus don ghrá.

    An Raibí Irwin Keller
    (Raibí, oide, mangaire dóchais agus draig-ríon ar scor)

  • F.Ó Snodaigh

    Sea an fód ina coinne. Níl Auntie Smithwick i gceist.
    Tá trí abairt sa Béarla atá mar bun-chloch na saoirse:
    Freedom of Opinion – Freedom of Expression – Freedom of Speech
    Saoirse Tuairim – Saoirse Mothúcháin – Saoirse Labhairt