Áthas…eagla…fearg…brón – bíonn a rithim féin ag gach mothúchán

Ní go dtí gur bhuail fíor-imní mé, an cineál sin imní a mhothaíonn cosúil le cloch throm ar do chliabhrach, gur thuig mé go raibh an nasc le m’anáil caillte agam…

Áthas…eagla…fearg…brón – bíonn a rithim féin ag gach mothúchán

Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh muid an nasc idir análú agus na mothúcháin? Is minic nach dtuigeann muid chomh mór is a chónaíonn ár mothúcháin inár gcolainn agus san análú go háirithe. Áthas, eagla, fearg, brón — bíonn a rithim féin ag gach mothúchán, agus léirítear é sa gcaoi a ndéanaimid análú.

Ar feadh i bhfad, níor thug mé faoi deara é seo. Chaith mé blianta ag rith thart, ag iarraidh brú ar aghaidh tríd an strus, ag smaoineamh dá mbeinn gnóthach go leor, go n-imeodh an brú uaidh féin. Ní go dtí gur bhuail fíor-imní mé, an cineál sin imní a mhothaíonn cosúil le cloch throm ar do chliabhrach, gur thuig mé go raibh an nasc le m’anáil caillte agam.

Thosaigh mé ag foghlaim faoin nasc idir an t-análú agus na mothúcháin agus ba í an anáil a thug ar ais mé agus a thug suaimhneas dom. Sin é an fáth go bhfuil mé ag iarraidh an méid seo a roinnt le léitheoirí Tuairisc inniu.

Cén ceangal atá idir an anáil agus na mothúcháin?

Nuair atáimid faoi strus, éiríonn an anáil éadrom agus sciobtha. Nuair atáimid suaimhneach, éiríonn sí mall agus domhain. Fiú nuair a bhímid ar bís nó ag súil le rud éigin maith, éiríonn an anáil níos sciobtha agus níos éadroime. Bíonn do mhothúcháin le feiceáil i gcónaí i do chuid anála.

An rud álainn a bhaineann leis ná gur féidir leat an riocht ina bhfuil tú ó thaobh na mothúchán a athrú trí do chuid anála a athrú. Nuair a bhíonn tú ag análú go feasach, seolann tú teachtaireachtaí chuig do cholainn agus chuig d’intinn a deir, ‘Tá mé slán agus sábháilte. Is féidir liom scíth a ligean’.

Bealach simplí le haird a thabhairt ar an análú

Ní gá aon athrú mór a dhéanamh ar do shaol. Ní theastaíonn ach cúpla nóiméad, fiú nóiméad amháin leis an gcleachtadh seo a dhéanamh.

Seo cleachtadh simplí gur féidir leat triail a bhaint as aon uair a mbraitheann tú trína chéile nó faoi bhrú.

Stad agus tabhair faoi deara d’anáil

Cá mbraitheann tú d’anáil — sa gcliabhrach, sa scornach nó sa mbolg?

An bhfuil sí sciobtha nó mall? Éadrom nó domhain?

Níl aon bhreithiúnas i gceist. Níl ort ach í a thabhairt faoi deara.

Análaigh go séimh

Análaigh isteach trí do shrón go mall ar chomhaireamh a ceathair.

Lig do do bholg leathnú amach. Samhlaigh go bhfuil tú á líonadh le solas.

Easanálaigh go séimh

Análaigh amach trí do bhéal go mall ar chomhaireamh a sé.

Samhlaigh go bhfuil an teannas á scaoileadh amach uait.

Déan arís é idir trí agus cúig bhabhta

Tabhair faoi deara an t-athrú i do cholainn agus i d’intinn.

Ní bhaineann sé le bheith gan locht, is éard atá i gceist leis ná spás beag a chruthú duit féin.

Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach duit?

Sa saol gnóthach a bhíonn againn, is éasca an nasc lenár gcolainn agus lenár mothúcháin a chailliúint.

Is uirlis é an t-análú a bhíonn agat i gcónaí – ní theastaíonn aon trealamh breise uait ná ní gá duit a bheith aon áit speisialta.

Le cleachtadh rialta, tabharfaidh tú faoi deara:

  • Níos mó suaimhnis in amanna a bhfuil dúshlán ag baint leo
  • Níos mó soiléireachta agus tú ag déanamh cinntí
  • Níos mó ceangail leat féin agus le daoine eile.

Bíonn do chuid anála ag caint leat i gcónaí.

Tugann sí le fios duit céard atá á iompar agat — agus céard atá réidh le scaoileadh agat. Nuair a éisteann tú, ní hamháin go bhfaigheann tú suaimhneas, ach bíonn nasc níos doimhne agat leat féin — agus leis an saol atá romhat.

Agus cuimhnigh: tosaíonn sé le hanáil amháin. Le nóiméad amháin den fheasacht. Le rogha amháin filleadh ort féin.

– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com nó glaoch ar 086 8533397

Fág freagra ar 'Áthas…eagla…fearg…brón – bíonn a rithim féin ag gach mothúchán'