Ní fios don Roinn Oideachais cé mhéad naíonra lán-Ghaeilge atá sa stát agus níl aon sainmhíniú acu ar céard is naíonra Gaeilge ann.
Dheimhnigh an tAire Leanaí Norma Foley an méad sin i bhfreagra ar cheist Dála le déanaí.
Deir an eagraíocht Gaeloideachas gur léir ó chur chuige an Stáit mar a bhaineann le naíonraí go bhfuiltear “ag teip ar leanaí agus a dtuismitheoirí”.
Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta oideachais le Tuairisc nach bhfuil “aitheantas” ann don mhúnla tumoideachais ag leibhéal na naíscolaíochta agus nach bhfuil “aon spreagadh ná tacaíocht” ann do naíonraí ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge.
“Mar a sheasann sé, tá cur chuige reatha an Stáit mar a bhaineann le naíonraí ag teip ar leanaí agus ar a dtuismitheoirí. Níl aitheantas ann don mhúnla tumoideachais, mar go bhfuil ‘Irish-medium setting’ in úsáid ag an Roinn Leanaí le cur síos a dhéanamh ar raon seirbhísí a thuairiscíonn go bhfuil Gaeilge in úsáid acu.
“Níl aitheantas á fháil ag na seirbhísí a chuireann luath-thumoideachas ar fáil. Faoi láthair, níl aon spreagadh ná tacaíocht dóibhsean ón Stát i leith cur chun cinn na Gaeilge, ainneoin go bhfuil obair sa bhreis ar bun acu leis an tumoideachas a chur i bhfeidhm,” a dúirt an t-urlabhraí.
Dheimhnigh an tAire Leanaí Norma Foley i bhfreagra ar cheist ón Teachta Dála Claire Kerrane le déanaí nach bhfuil aon sainmhíniú ag an Roinn ar céard is “naíonra” [lán-Ghaeilge] ann agus nach bhfuil aon bhunachar ag an Stát de na naíonraí atá ag feidhmiú i nGaeilge.
Dúirt Gaeloideachas le Tuairisc gur thug 53 naíonra lasmuigh den Ghaeltacht le fios don Roinn in 2023 go raibh siad “ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge agus go raibh an figiúr sin “an-íseal” i gcomparáid le líon na mbunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht sa stát.
“Cé nach raibh sé éigeantach do sheirbhísí an suirbhé a fhreagairt, measann Gaeloideachas go bhfuil na torthaí a léirítear ann réasúnta cruinn mar thomhas. Tuigeann Gaeloideachas ó bheith ag plé go díreach le seirbhísí go bhfuil ar a laghad 17 naíonra lasmuigh den Ghaeltacht a dhún le deich mbliana anuas.
“Briseadh croí a bhíonn ann do gach seirbhís a dhúnann – a bhformhór toisc nach féidir foireann a earcú nó a choinneáil toisc coinníollacha pá san earnáil – agus deiseanna caillte do na céadta páiste Gaeilge a shealbhú agus iad ag tús a n-aistear oideachais,” a dúirt urlabhraí ó Gaeloideachas.
Tá plean á fhorbairt ag an Roinn Leanaí ó bhí 2023 ann don Ghaeilge sa luathoideachas. Bhíothas ag súil leis an bplean faoi dheireadh na bliana 2024 ach níor foilsíodh fós é. Dúirt Gaeloideachas go mbeadh “bunús maith” faoin bplean dá dtabharfadh an Roinn aird ar na moltaí “a tháinig chun cinn ón bpobal” le linn an phróisis comhairliúcháin.
“Má thugtar feidhm do na moltaí a tháinig chun cinn ón bpobal [le linn an phróisis] – a chuimsigh sainmhíniú ar naíonra mar sheirbhís luath-thumoideachais, scéim aitheantais le tacaíochtaí cuí, córas meantóireachta agus go leor eile a thacódh le seirbhísí lán-Ghaeilge inmharthana agus ionchuimsitheacha do leanaí óga – beidh bunús maith ann,” a dúradh le Tuairisc.
Léirigh Gaeloideachas imní freisin nár thug an tAire Foley aon ghealltanais ina freagra ar an Teachta Kerrane ach go ndúirt sí go bhfiosrófaí na moltaí sin.
“Tugaimid faoi deara, áfach, nach bhfuil aon ghealltanais i ráiteas an Aire seachas go mbreithneofar na nithe thuasluaite. Tá Gaeloideachas ag éileamh go bhfoilseofaí dréacht den phlean le haghaidh comhairliúcháin roimh dheireadh an téarma, le go mbeidh deis ag an bpobal aiseolas a thabhairt air sula bhfoilseofar an leagan deiridh.
“Tá sé tábhachtach go mbraithfeadh an pobal úinéireacht ar an bplean,” a dúradh.
I measc na n-eagraíochtaí agus ranna a bhí páirteach sa phróiseas comhairliúcháin bhí Comhar na Naíonraí Gaeltachta, An tAonad Gaeilge do Scoileanna Béarla (Roinn Oideachais), an tAonad Oideachais Gaeltachta (Roinn Oideachais), Rannán na Gaeltachta agus na Gaeilge (Roinn na Gaeltachta), Foras na Gaeilge, Gaeloideachas, Glór na nGael, Tuismitheoirí na Gaeltachta, agus Údarás na Gaeltachta.
Dúirt an tAire Foley go bhfuil súil ag a Roinn go bhfoilseofar an plean don luathoideachas lán-Ghaeilge roimh dheireadh na bliana seo.
Cluain Sceach
Cé an mhaith an Ghaelscolaíocht má’s Béarla a labhraíonn na daltaí le chéile chomh luath agus a fhágann siad geata na scoile?
Pól Ó Braoin
Tabharfaidh mé sampla beag duit, a Chluain. Tá grúpa de lucht labhartha na Gaeilge sa mbaile mór a bhfuil cónaí agam féin ann, a thagann le chéile uair amháin sa tseachtain i mbialann áitiúil. Tháinig bean óg ag obair go páirtaimseartha ann agus chuala sí a labhairt i nGaeilge muid. Bhí sí breá sásta páirt bheag a ghlacadh sa gcomhrá linn á rá go raibh sí tar éis freastal ar an ngaelscoil áitiúil. Níor casadh éinne riamh orm a chuaigh go scoil bhéarla ar bith a bhí in ann Gaeilge a labhairt ar bhealach nádúrtha mar sin.