Trasna na dtonnta leis na hairí stáit agus scéalta móra (agus measartha mór) eile ón mbliain 2018…

Sa chéad alt de dhá cheann, caitear súil siar ar chuid de na scéalta is mó agus na scéalta is tromchúisí ó shaol na Gaeilge aguSs na Gaeltachta in 2018

Trasna na dtonnta leis na hairí stáit agus scéalta móra (agus measartha mór) eile ón mbliain 2018…

Trasna na dTonnta ag baint siar (agus aniar) as Aire na Gaeltachta:

Is cinnte nuair a d’fhág Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, slán lena chúram i mí Dheireadh Fómhair gur lig sé osna mhór faoisimh nach mbeadh sé ag plé le córas iompair chuig na hoileáin go deo arís.  Óir bhí an chosúlacht ar an scéal le bliain anuas nach raibh aon ní eile ar bun ag a Roinn ach a bheith ag plé le conarthaí na gcóras iompair chuig na hoileáin Ghaeltachta.

Tharraing an bád farantóireachta nua go Toraigh a oiread sin aighnis go ndeachaigh cúigear Gardaí isteach ar an oileán le linn deireadh seachtaine na Cásca tráth ar chuir an bád an ‘Queen of Aran’ tús lena seirbhís. Mhaígh muintir Thoraí nach raibh an bád nua feiliúnach don turas garbh idir an t-oileán agus Machaire Rabhartaigh mar go raibh sí róshean. Reáchtáladh agóidí taobh amuigh den Dáil agus éilíodh go gcuirfí ar ceal an conradh seirbhíse farantóireachta cúig bliana a bronnadh ar an chomhlacht Réalt na Maidne, úinéirí an bháid. Mhaígh  Roinn na Gaeltachta, áfach, gur faoi Oifig an tSuirbhéara Mhuirí atá sé a rá an raibh an ‘Queen of Aran’ sábháilte nó nach raibh.

Chaith na hoileánaigh vóta ar mholtaí Phóil Uí Ghallchóir (an t-idirghabhálaí a ceapadh chun an t-aighneas a réiteach) ag deireadh mhí an Mhárta agus fógraíodh go raibh móramh de naonúr ina bhfabhar – 112 duine a vótáil i bhfabhar na moltaí agus 103 ina n-aghaidh. Ach ní raibh deireadh leis an gconspóid ná baol air. Bhí daoine áirithe míshásta agus feargach faoin bpróiseas vótála a chuir an Comharchumann ar bun. Maíodh nár cuireadh rialacha mar is ceart i bhfeidhm. I ndeireadh ama, áfach, ní raibh aon achrann ann nuair a thug an Queen of Aran a céad chuairt ar an oileán.

A luaithe is a bhí conspóid amháin socraithe, áfach, cuireadh tús le ceann nua.  I mí an Mheithimh thug Aer Arann fógra oifigiúil do Roinn na Gaeltachta go raibh siad ag tarraingt amach as an chonradh don tseirbhís aeir go hOileáin Árann. Chuir an fógra seo díomá, fearg agus imní ar mhuintir na dtrí oileán. Bhain an t-aighneas le téarmaí an chonartha atá ag Aer Arann. Bíonn ar an gcomhlacht táillí cúpla céad euro a íoc gach uair a thuirlingíonn eitleán in Árainn taobh amuigh d’uaireanta Oibleagáide Seirbhíse Poiblí. Ach is le húinéir Aer Arann, Pádraig Ó Céidigh, Aerfort na Mine agus mhol an Teachta Dála Catherine Connolly agus daoine eile gur cheart don Rialtas seilbh a ghlacadh ar an aerfort. Thug an tAire Stáit Joe McHugh le fios go raibh sé mar phríomhsprioc aige teacht ar láthair úr d’aerfort i gConamara agus go raibh dhá shuíomh á meas ag an Roinn na Gaeltachta. Thug an tAire Gaeltachta nua, Seán Kyne, le fios go bhféadfadh go mbainfí leas as Aerfort na Sionainne le freastal ar thrí oileán Árann fad is a bheifí ag iarraidh an t-aighneas faoin chonradh stáit le hAer Arann a réiteach.

Ar deireadh, dúirt an Roinn go raibh siad ag iarraidh an tAerfort sna Mine a cheannach ó Aer Árann ar an gcoinníoll go dtarraingeodh an comhlacht siar an fógra go gcuirfí deireadh lena gconradh don tseirbhís aeir i mí na Nollag. Faoin am sin, bhí achainí Joe McHugh – ‘I’m an Aire Stáit, get me out of here’ – cloiste ag an Taoiseach agus Seán Kyne curtha ina áit.  

D’fhógair an tAire Stáit nua ag deireadh mhí na Samhna go raibh ‘Ceannteidil Chomhaontaithe’ sínithe ag a roinn agus Aer Arann Islands a fhágann go leanfaidh an comhlacht sin lena sheirbhís aeir go dtí an 20 Nollaig, go mbeidh Aerfort na Mine ar fáil don tseirbhís go dtí Meán Fómhair 2021 agus go gcuirfear tús le próiseas idirbheartaíochta faoi phlean na Roinne Aerfort na Mine a cheannach ón Seanadóir Pádraig Ó Céidigh.

‘Peace in our time’ i gcogadh na mbó maol…

Bhí rósanna agus suaitheantais rómánsúla á gcrochadh i mBaile na hAbhann agus i nDomhnach Broc san earrach nuair a thángthas ar chomhréiteach faoin aighneas brandála eatarthu. Bhí a gcumann i ndiaidh fuarú orthu ag deireadh na bliana anuraidh nuair a d’fhógair RTÉ nach raibh siad sásta dul ar aghaidh leis an socrú ‘Nuacht TG4’ a chur mar bhranda ar fheasacháin teilifíse RTÉ. Bhíothas ag bagairt nach gceadódh TG4 do RTÉ a bhfeasachán Gaeilge a chraoladh óna gcuid stiúideonna. Ach i mí Márta fógraíodh gur thángthas ar chomhréiteach agus go mbeadh branda úr –  ‘Nuacht RTE le TG4’ – le feiceáil ar na scáileáin feasta.

Ach níor mhair mí na meala rófhada. Tuairiscíodh ar an suíomh seo go raibh ag teip ar an gcraoltóir náisiúnta a dhualgas reachtúil maidir le cláracha a sholáthar do TG4 a chomhlíonadh. De réir an Achta Chraolacháin 2009, tá dualgas ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a sholáthar do TG4 in aghaidh na bliana.

Cé gur chuir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont fáilte roimh an socrú nua le RTÉ faoi sholáthar nuachta an dá stáisiún agus cé go ndúirt sé gur mór aige an chomhpháirtíocht idir RTÉ agus TG4, thug sé le fios gur dóigh leis nach bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i dtaobh an stáisiúin Ghaeilge.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Catherine Connolly, nach féidir glacadh leis go mbeadh an dlí á shárú ag RTÉ i dtaobh a ndualgas i leith TG4 agus na Gaeilge. Ach mhaígh tuarascáil de chuid an European Broadcasting Union i mí na Samhna go raibh RTÉ ag dul thar fóir maidir lena chuspóirí ó thaobh na Gaeilge, maíomh a chuir iontas ar mhórán. 

Leanaí faoi agallamh agus pobal faoi ionsaí – scéalta sna meáin a chuir olc ar Ghaeil

Bhí daoine áirithe i gConamara míshásta faoin gcaoi a ndearnadh cur síos orthu i gclár a craoladh ar TG4 i mí Aibreáin inar labhair an ceoltóir Noel Hill faoin droch-ionsaí a rinneadh air a d’fhág gortaithe go dona é ina chorp agus ina intinn. Dúirt an ceoltóir go mbraitheann sé doicheall roimhe i nGaeltacht Chonamara agus go gcuireann daoine an locht airsean as duine “dá gcuid féin” a bheith curtha go príosún. In 2015, gearradh téarma príosúin seacht mbliana ar thógálaí as Conamara – Michael Folan as Leitir Mealláin – as ionsaí tromchúiseach a dhéanamh ar Hill i leithreas i dteach tábhairne ar oíche Lá Fhéile Stiofáin 2008. Bhraith daoine áirithe i gConamara gur tharraing an clár droch-chlú ar an gceantar. Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, gurbh é “fírinne” Noel Hill a bhí sa chlár agus gurbh fhíor “dó” an scéal a d’inis sé.

Bhí an eagraíocht Gaeloideachas thar a bheith míshásta faoi thuairiscí a bhí sna meáin i mí Feabhra go rabhthas ag cur scrúduithe cainte ar naíonáin chun áiteanna a fháil i nGaelscoileanna na tíre. Dúirt an eagraíocht nach raibh na meáin ag tabhairt léiriú cruinn ar chur chuige scoileanna lán-Ghaeilge – go háirithe scoileanna a mbíonn ró-éileamh orthu. De réir leasú a rinneadh ar an reachtaíocht iontrála, ní bheidh Gaelscoileanna ag iarraidh ar leanbh freastal ar agallamh nó ar chruinniú chun a líofacht sa teanga a mheas, ach beidh cead ag tuismitheoirí fianaise eile a chur faoi bhráid na scoile mar chruthúnas ar líofacht an linbh. Luadh físeán mar shampla den fhianaise eile seo.

Chothaigh díospóireacht teilifíse faoin nGaeilge a bheith ina ábhar riachtanach sa chóras oideachais fearg mhór i measc lucht na Gaeilge ar líne mí an Mheithimh.

Ba é Matt Cooper a chuir tús leis an díospóireacht ar The Tonight Show ar TV3 nuair a thug sé le fios go ndúirt a chomhláithreoir Ivan Yates le linn bhriseadh na bhfógraí go raibh sé ar son fáil réidh leis an nGaeilge ar fad.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Yates ‘I’ll let the cultural terrorists get on with it’ agus é ag tagairt do Bhláthnaid Ní Chofaigh, an craoltóir aitheanta Gaeltachta a bhí tagtha ar an gclár chun díospóireacht a dhéanamh faoin nGaeilge ‘éigeantach’ le Niall Boylan ó 4fm.

Nuair a chuir Ní Chofaigh in iúl do Yates gur chuir a ráiteas faoi ‘cultural terrorists’ iontas uirthi, dúirt an láithreoir go raibh sé ag tagairt do “these zealots who believe their way of life should be inflicted on us all”.

Fág freagra ar 'Trasna na dtonnta leis na hairí stáit agus scéalta móra (agus measartha mór) eile ón mbliain 2018…'