Tost faoi cheist na Gaeilge sa toghchán ó thuaidh ach níl sí bailithe ar shiúl, bíodh a fhios agat

Níl oiread cainte á déanamh faoin nGaeilge i dtoghchán Stormont is a síleadh a bheadh ach an mbeidh tionchar ag cás na reachtaíochta teanga ar an vótáil?

Tost faoi cheist na Gaeilge sa toghchán ó thuaidh ach níl sí bailithe ar shiúl, bíodh a fhios agat

Agus toghchán Stormont ar siúl Déardaoin seo chugainn, tá forógraí toghcháin na bpáirtithe ó thuaidh á scagadh i gcónaí. 

Ach cé go bhfuil an Ghaeilge ina ceist san fheachtas níl sí a lua chomh minic b’fhéidir is cheap daoine a bheadh. Go deimhin níl an Ghaeilge luaite ar chor ar bith i bhforógraí cuid de na páirtithe aontachtacha is mó a bhfuil sí ag déanamh imní dóibh.

An reachtaíocht Gaeilge a gealladh arís agus arís eile is cúis leis an nGaeilge a bheith ina cnámh spairne arís le tamall. 

Nuair a d’iarr Tuairisc ar an DUP agus an UUP cén polasaí oifigiúil atá acu i leith reachtaíocht na Gaeilge, níor tugadh freagra orainn. Tá a naimhdeas don reachtaíocht léirithe go minic ag an DUP. 

Maidir leis an TUV, a bhíonn níos binbí in aghaidh na Gaeilge ná an DUP fiú, deir siad ina bhforógra nár cheart na milliúin punt a chur amú ar an reachtaíocht. Tá Sinn Féin, an SDLP, An Comhaontas Glas, Páirtí na Comhghuaillíochta agus Pobal Seachas Brabús ar son na reachtaíochta Gaeilge atá geallta mar chuid den reachtaíocht chultúir agus teanga.

Ach tost den chuid is mó a bhí ann faoi cheist na teanga go dtí seo san fheachtas, go poiblí ar aon nós.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ian Malcolm, tráchtaire agus Gaeilgeoir ó chúlra aontachtach, nach bhfuil an Ghaeilge chomh mór sin i lár an aonaigh sa toghchán is a cheap daoine a bheadh.

“I bhfírinne, níl an Ghaeilge mar pháirt lárnach den toghchán seo agus ní athróidh ceist na teanga an dóigh ina mbeidh daoine ag vótáil,” a deir sé.

“An uair seo, is iad ábhair amhail costas maireachtála, staid na seirbhísí sláinte is araile atá i mbéal an phobail – ach ina dteannta, ar ndóigh, tá na seancheisteanna faoi stádas Thuaisceart Éireann agus an seanaighneas idir glas is oráisteach go mór chun tosaigh.”

Deir Gráinne Ní Ghilín, stiúrthóir na Cultúrlainne i mBéal Feirste, go bhfuil dhá ghéarchéim ann atá mar “chúis mhór imní” ag gach vótóir. “

Sin iad an t-ardú mór ar an chostas maireachtála agus an drochbhail atá ar an NHS,” a deir sí. 

“Tá daoine ag streachailt le billí agus tá sé thar a bheith deacair fiú coinne a fháil leis an dochtúir teaghlaigh, gan a bheith ag trácht ar speisialtóir a fheiceáil san ospidéal. Tá cúpla duine i ndiaidh bás a fháil ag fanacht le hotharcharr le tamall beag anuas. Seo na ceisteanna a bheidh chun tosaigh in aigne an phobail agus iad sna bothanna vótála.”

Deir Gráinne Ní Ghilín go bhfuil ceist na gceart teanga go fóill “millteanach tábhachtach”.

“Tá Rialtas na Breataine agus na páirtithe aontachtacha ag tarraingt na gcos i gcónaí,” a deir sí. 

“Tá An Dream Dearg ag beartú Lá Dearg mór ar an 20 Bealtaine, i ndiaidh an toghcháin, agus beidh na mílte ag dul chun sráide lena gcearta a éileamh. Beifear i mbun stocaireachta lena chinntiú go mbeidh ceist Acht na Gaeilge chun tosaigh san idirbheartaíocht a dhéanfaidh na páirtithe agus rialtas Stormont a chur le chéile.”

Creideann Ian Malcolm freisin go mbeidh ceist na Gaeilge “thar a bheith tábhachtach” tar éis an toghcháin, agus an cur is cúiteamh faoin reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga “go hard ar an chlár ama polaitiúil arís”.

“Mar gheall ar an moill ar an reachtaíocht agus an easpa aicsin ina taobh in Stormont agus Westminster, beifear ag iarraidh a chinntiú go bhfuil acht in áit go luath, ag teacht leis an socrú a aontaíodh i gComhaontú Chill Rímhinn,” a dúirt sé.

Gheall Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht don Ghaeilge isteach tríd Westminster roimh Dheireadh Fómhair 2021 mura mbeadh an beart déanta in Stormont faoin am sin. Nuair nach ndearna an Rialtas beart de réir a mbriathair gheall siad go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Wesminster roimh thoghchán na seachtaine seo, rud nár tharla ach oiread. 

Bhí leithscéalta éagsúla ag Rialtas na Breataine gan an reachtaíocht a thabhairt isteach mar a gealladh. Luadh cúrsaí san Úcráin ag pointe amháin agus dúradh chomh maith nach mbeadh sé stuama reachtaíocht chonspóideach a thabhairt isteach i mbéal an toghcháin.

Is léir mar sin go mbeidh ceist na teanga fós le socrú tar éis an toghcháin.

“Ar ndóigh, ní dhearna Rialtas na Breataine beart de réir briathair agus níl aon rud a insíonn dúinn go ndéanfaidh siad sin amach anseo,” a deir Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge.

“Feictear dom go mbeidh sí ina ceist leanúnach anseo i gcónaí, ach go háirithe sa tréimhse comhchainteanna agus idirbheartaíochta a thiocfaidh díreach i ndiaidh na toghchána chun Feidhmeannas úr a chur ar bun,” a deir Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge.

“Bealach amháin nó bealach eile, bíodh sé fríd Westminster nó anseo, caithfidh páirtithe áitiúla an reachtaíocht sin a fheidhmiú agus a chur i bhfeidhm.”

Ach an gceapann fear Chonradh na Gaeilge  go mbeidh tionchar ag ceist na Gaeilge ar an tslí a vótálfaidh daoine.

“Tá go leor ábhar á bplé mar mhór-cheisteanna toghchánaíochta i láthair na huaire. Ach siocair nár socraíodh ceist na teanga riamh, agus go bhfuil gach páirtí aontachtach ag diúltú plé leis an cheist agus ag diúltú reachtaíocht agus straitéis don Ghaeilge a chur i bhfeidhm, cothaítear fearg agus díomá i measc an phobail sin ar mhian leo an Ghaeilge a fheiceáil agus a úsáid,” a dúirt sé. 

Luann sé “ionsaithe suaracha” i gcoinne phobal na Gaeilge, rud a tharlaíonn “go minic” ó thuaidh.

“Spreagann sin tuilleadh tacaíochta ó ghnáth-dhaoine nár chuir mórán suime sa teanga riamh. Níl aon amhras orm ach go bhfuil próifíl na Gaeilge ardaithe go mór mór anseo le tamall de bhlianta anuas mar gheall ar an fheachtas Dearg agus ar an obair chlaochlaitheach atá ag dul ar aghaidh ar an talamh i measc an phobail féin,” a deir Ó Tiarnaigh.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar na páirtithe agus ar na hiarrthóirí neamhspleácha ar fad tacú lena bhfeachtas #Gaelvóta sa toghchán. 

“Arís eile, tá tromlach na bpáirtithe ó thuaidh ag tacú le soláthar reachtúil don teanga agus leis na héilimh eile,” arsa Ó Tiarnaigh.

Deir Pádraig Ó Tiarnaigh go mbíonn an Ghaeilge “i gcónaí mar cheist bheo” ó tharla gur tugadh oireadh gealltanas ina leith nár cuireadh i bhfeidhm riamh. 

“Glactar leis gur tháinig Cnoc an Anfa ar ais, an Tionól agus an Feidhmeannas, in Eanáir 2020 mar gur éirigh le Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann reachtaíocht teanga a aontú leis na páirtithe. Aithníodh na coimitmintí don Ghaeilge mar bhunchloch lárnach sa chomhaontú sin trí chéile; ba í an mhórcheist a bhí le réiteach idir 2017 agus 2020.”

Fág freagra ar 'Tost faoi cheist na Gaeilge sa toghchán ó thuaidh ach níl sí bailithe ar shiúl, bíodh a fhios agat'

  • Bréanann Ó Catháin

    Chun na hÉireannaigh fhlannbhuí a mhealladh ar ais go Gaeilge, beidh gá orainn an sonóg a athrú ó dhorn dearg feargach go craobh olóige shíochánta.