Bás Tony Dunne an tseachtain seo caite a mheabhraigh dom gur cosantóirí Éireannacha is fearr a dhéanann sna ranna is airde sraithe i gcomórtais sacair Shasana.
D’imir Dunne, nach raibh ach 5’6” (1.67m) ar airde do Manchester United 535 uair idir 1963 agus 1973 agus ba mhinic a dúirt a chomhghleacaithe agus a chéilí comhraic nach raibh imreoir níos scafánta ná é sa timpeall.
Anois agus arís tagann sé sa gcomhaireamh go mbíonn Éireannaigh ar chuid de na himreoirí lár páirce is fearr – Liam Brady, Johnny Giles, Ronnie Whelan, Roy Keane – ach tearc to leor atá lucht scórála na gcúl. Is é Robbie Keane an duine as an tír seo atá ar a liosta siúd a bhfuil níos mó ná 100 cúl scóráilte acu sa bPríomhroinn. Is Tuaisceartach, Derek Dougan (1967-1975) an t-aon duine atá ar an liosta a thugann an 50 peileadóir is mó a d’aimsigh cúil i Roinn 1, mar a bhíodh roimh theacht na Príomhroinne.
Sea, ba iad Dougan agus George Best na heisceachtaí. Déarfaidh stair sacair Shasana leat go mb’oilte an tÉireannach ar an liathróid a choinneáil as an eangach ná í a chur ann – sin an fáth go bhfuil dealbh Charlie Hurley taobh amuigh de pháirc Sunderland agus go bhfuil Corcaíoch eile, Noel Cantwell ar liosta na gcaptaen a thug Corn an FA go Old Trafford.
Chuir bás Dunne i gcuimhne dom freisin go mba bheirt Éireannach a bhí mar lánchúlaithe ar fhoireann Manchester Untied a bhuaigh Corn na hEorpa i 1968 – Shay Brennan mar chomrádaí aige sa mbua ar Benfica, a d’fhág go mba iadsan agus Best na hÉireannaigh ba thúisce a thug bonn leo sa gcomórtas sin.
Ba é an Braonánach freisin an chéad Éireannach a bhain tairbhe as an athrú rialach a d’fhág go raibh cead imeartha ag peileadóir do thír dhúchais a thuismitheoirí. D’fhág Jim agus Mary Brennnan contae Cheatharlach agus chuaigh ar imirce go Manchain, áit ar saolaíodh Shay i 1937.
Scór bliain d’aois a bhí sé agus é ag imirt do United den chéad uair – i gcluiche in aghaidh Sheffield Wednesday, 13 lá tar éis bháis do sheachtar dá chuid comrádaithe sa timpiste aeir in Munich agus dhá lá sular bhásaigh duine eile acu Duncan Edwards.
Bhí Brennan ar dhuine de dhá scór imreoir a ainmníodh agus Sasana ag ullmhú do Chorn an Domhain sa tSile i 1962 ach ní raibh sé ar an mbuíon a thaistil.
Trí bliana dár gcionn d’imir sé d’Éirinn den chéad uair (in aghaidh na Spáinne) agus chuir tús le nós a neartaigh ina dhiaidh.
Bhí sé le rá aige freisin go raibh sé ar an duine ba thúisce ar thug Manchester United pinsean dó nuair a d’fhág sé an club i 1970 – £20 in aghaidh na seachtaine.
Chaith sé ceithre bliana ina dhiaidh sin ag imirt agus mar bhainisteoir ar Phort Láirge Aontaithe i Sraith na hÉireann agus bhásaigh ar chúrsa gailf i mBaile na Cúirte i mbliain na Mílaoise.
Eatarthu d’imir Tony Dunne agus Shay Brennan beagnach 900 cluiche do Manchester United.
Agus iadsan ag drannadh le deireadh a gcuid imeartha in Old Trafford bhí tús á chur in Highbury le comhpháirtíocht idir beirt Éireannach eile a bhí ar na lánchúlaithe ab fhearr i Sasana sna 1970idí agus a d’imir 900 cluiche eatarthu freisin.
I mBéal Feirste a rugadh Pat Rice agus Sammy Nelson. Rice ba thúisce a bhain cáil amach agus ní raibh imeartha aige ach dornán cluichí do Arsenal nuair a roghnaíodh ar fhoireann an Tuaiscirt é i 1970. Bhí sé ar fhoireann a chlub a bhuaigh an tSraith agus an Corn i 1971/72 agus d’imir sé i gCluiche Ceannais an Choirn cúig uaire – ’71, ’72, ’78, ’79, ’80.
Nuair a d’fhág sé Arsenal i 1980 chaith sé ceithre bliana in Watford sular fhill sé ar Highbury, áit a raibh sé mar bhainisteoir cúnta ag Arsène Wenger.
Béal Feirsteach eile ab ea Sammy Nelson a thug aghaidh ar Thuaisceart Londan in aois a 16 bliain i 1965.
An bhliain dár gcionn bhí sé féin agus Pat Rice ar an bhfoireann a bhuaigh Corn Ógánaigh an FA, ach thóg sé i bhfad níos faide ar Nelson áit bhuan a bhaint amach ar an bpríomhfhoireann ná a thóg sé ar an Ríseach – imreoir idirnáisiúnta de chuid Shasana darbh ainm Bob McNab a bhí i seilbh gheansaí uimhir 3 ag an am.
D’imir Sammy roinnt cluichí i séasúr an ‘bhua dúbailte’ ach a luaithe agus a bhuail McNab bóthar neadaigh Nelson agus Rice sa líne lánchúil agus d’imir le hais a chéile i bhformhór Chluichí Ceannais an FA.
Bhí an-ghean ag lucht leanta Arsenal ar Nelson mar nár spáráil sé é féin ariamh.
Níorbh in le rá nach raibh corrbhabhta speárála eatarthu.
I gcluiche in aghaidh Coventry in Highbury i 1979 bhí sé de mhaíomh ar Sammy gur chuir sé an liathróid ina eangach féin luath go maith san imirt agus ní raibh uair ina dhiaidh sin ar theangmhaigh sé léi nach raibh an slua ag tabhairt íde na muc agus na madraí dó.
Faoi dheireadh fuair Arsenal an cúl comhscóir.
Leis sin thug Nelson a chúl leis an North Bank agus lig síos a bhrístíní.
Thuill sin fionraíocht coicíse dó ón FA.
An slua ar an North Bank? Mholadar go haer é chuile uair a dtáinig an máilín gaoithe ina bhealach as sin go deireadh.
Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile
Agus ná déanaimís dearmad ar Johnny Carey, Con Martin, Paul McGrath agus John O’Neill.