Tá colscaradh eipiciúil á fháil ag fear agus bean bhun an bhóthair

Ní túisce a mháthair curtha ag ár gcolúnaí nó tá duine gan dídean ag stopadh ina theach

Tá colscaradh eipiciúil á fháil ag fear agus bean bhun an bhóthair

Tá dul amú ar an té a cheapfadh go nglacann an saol sos, go mbeidh am agat d’anáil a tharraingt tar éis eachtra amháin agus teacht chugat féin sula dtarlóidh an chéad eachtra eile.

Níor thúisce mo mháthair curtha agam nó tá mé ag roinnt tí gan choinne le duine gan dídean.

Is é an chaoi gur caitheadh amach as a theach mo chara ilfheidhme (comharsa, gruaigeadóir, céile speárála dornálaíochta, comrádaí sauna, méit), fear bhun an bhóthair.

Tá colscaradh eipiciúil á fháil ag fear bhun an bhóthair agus ag bean bhun an bhóthair.

Ní hé ‘eipiciúil’ an focal ceart, dáiríre.

Dá scríobhfadh scríbhneoir scripte an cineál seo stuif do shobalsraith dlíodóireachta, thabharfaí bata agus bóthar dó as dul thar fóir. Bheinnse féin i dtrioblóid dá ndéanfainn cur síos anseo ar chuile shórt a tharla idir an bheirt sin ag bun an bhóthair, ach ar eagla go gceapfaí a mhalairt, níor tharla aon fhoréigean fisiciúil eatarthu riamh, rud a dheimhnítear go sonrach i gcinneadh scríofa an bhreithimh maidir lena gcás, atá léite agam.

Ach sa chinneadh céanna shocraigh an breitheamh gur ag an mbean, a d’fhág an teach ag bun an bhóthair dá rogha féin i dtús an earraigh, a bheadh an ceart feasta cónaí sa teach sin le hiníon na beirte, atá bliain go leith d’aois – agus go raibh ceithre uair an chloig ag an bhfear chun an teach a fhágáil.

Tá tú á léamh seo i gceart. Ceithre uair an chloig. Ní shamhlófá go deo go dtabharfaí fógra chomh gearr sin i dtír shibhialta, ach is cosúil gur mar sin a tharlaíonn san Ísiltír.

I mo theachsa a bhí fear bhun an bhóthair nuair a fuair sé an fógra sin agus céard eile a d’fhéadfainn a rá leis ná: fanfaidh tú anseo anocht.

Chuig an teach ag bun an bhóthair linn ansin faoi dheifir chun a dteastódh uaidh a shacadh isteach i málaí móra ollmhargaidh; eisean ar an líne lena dhlíodóir, an fón idir leathchluas agus gualainn, mise ag cur nótaí chuige agus chugam féin ar WhatsApp faoi na rudaí nach bhféadfadh sé a fhágáil ina dhiaidh.

‘Do phas!’

‘Do chuid cártaí bainc!’

‘’Bhfuil aon airgead tirim curtha i bhfolach agat?’

Tá sé seo geall le nóiméad siopadóireachta saor in aisce a bhuafá i seó teilifíse, a shíl mé agus mé ag dul trí chófraí na cistine – rísíní, púdar cócó, ola olóige agus aon rud eile a shíl mé a bheadh úsáideach sa tréimhse a chaithfeadh fear bhun an bhóthair i mo theach á chur i mála agam.

Ní hea, a shíl mé an chéad nóiméad eile, seo mar a mhothaíonn sé nuair a bhíonn Putin, Netanyahu nó ainniseoir éigin eile ar tí ionradh a dhéanamh ar do bhaile.

Agus go deimhin bhí arm an namhad ar an taobh eile den bhóthar, ag taifeadadh chuile shórt lena gcuid guthán póca.

A leithéid de dhrochscannán, a shíl mé, agus an chéad rud eile stop veain taobh amuigh de mo theach féin. Deartháir céile bhean bhun an bhóthair, i mbun misean recon.

Ó mo thaobhsa de, ní fhéadfadh an scéal seo tarlú ag am ní ba mheasa. Níl ach sé seachtaine ann ó chuir mé mo mham. An lá sular caitheadh fear bhun an bhóthair amach as a theach, bhí triúr ceantálaithe tí ar cuairt agam féin agus ag mo dheartháir óg; tá cinntí móra le déanamh maidir le teach ár máthar agus maidir le cá mbeidh cónaí orm féin.

Ach arbh fhiú cac an diabhail mé mar dhuine mura dtiocfainn i gcabhair ar chara in am an ghátair? Cairdeas – seachas teach, carr breá nó céard a cheapann na comharsana fút – sin é an rud is tábhachtaí sa saol.

Mhúin an eachtra seo ceacht tábhachtach eile dom lena chois. Téann an saol ar aghaidh ar luas bagrach, beag beann ar bhás, ar bhreith, ar chasphointí agus ar chlocha míle. An sos a cheapann tú a bheadh tuillte agat tar éis mórchor i do shaol, am chun d’anáil a tharraingt agus teacht chugat féin, ní ann dó, ní bheidh sé agat.

Rud maith is ea é sin.

Cén mhaith a bheadh i moilleadóireacht in umar na haimléise?

Fág freagra ar 'Tá colscaradh eipiciúil á fháil ag fear agus bean bhun an bhóthair'