CEOL
Ómós do Mhícheál D. Ó hUigínn eisithe ag Kíla
Tá EP nua, Ómós, eisithe ag an mbanna Kíla agus é tiomnaithe don Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn as a ‘ómós, misneach agus tiomantas do na healaíona, an ceol, an cultúr agus go háirithe don Ghaeilge’. Seoladh an saothar nua ag ócáid in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin, áit a raibh an tUachtarán i láthair, agus chuir Kíla an saothar nua ceoil i láthair.
Is é an chéad mhír atá le cloisteáil ar an gceirnín leathfhada ná an dán le Mícheál D. ‘Stardust’ agus é á aithris ag Stephen Rea agus ceol le Kíla sa gcúlra.
Ina dhiaidh sin cloistear an t-amhrán ‘I Mo Chroí is Mo Cheann’, a scríobh Kíla in ómós do Mhícheál D. agus an t-amhrán ‘Bog Bog’. Is iad Muintir Chrónáin a rinne coimisiúnú ar an EP agus is iad Colm Ó Snodaigh, Brian Hogan agus Brian Ó Gaibhín a chum an ceol.
Tá an t-albam Ómós ar fáil ó Crashed Records.
Aoife Nic Dhomhnaill, Liam Lonergan agus Niamh O’Brien in Amharclann Chois Fharraige
Beidh ceolchoirm ar siúl in Amharclann Chois Fharraige ar an Aoine seo chugainn, an 24 Deireadh Fómhair, leis na ceoltóirí Gaelacha Aoife Nic Dhomhnaill, Liam Lonergan, agus Niamh O’Brien. Beidh Aoife agus Liam ag seoladh a n-albaim nua Mullach a’ tSí.
Is as Baile Átha Cliath don fhidléir Aoife Nic Dhomhnaill agus don seinnteoir consairtín Liam Lonergan, a d’fhás aníos ag seinm ceoil i dtobar ceoil na hardchathrach. Is dlúthchairde iad a bhfuil seanaithne acu ar cheol a chéile, agus dá bharr sin, thug siad faoin albam ‘Mullach a’ tSí’ a chur le chéile. Tugann an t-albam seo léargas ar an meas atá ag an mbeirt ar thraidisiún an cheoil Ghaelaigh agus ar na seanmháistirí ó gach cearn den tír, agus foinn acu ó áiteanna fud fad na tíre ar an albam.
Is cruitire, cumadóir, ealaíontóir fuaime agus amhránaí í Niamh. Thar na blianta sheinn sí in Éirinn, san Eoraip agus i Meiriceá mar aonréadaí, agus le grúpaí ar nós The Chieftains, AnTara agus Hoodman Blind. Eiseofar a céad albam aonair ar lipéad Farpoint Recordings in 2026.
Osclófar na doirse óna 7.30i.n agus cuirfear tús leis an gceol ag a 8i.n. Tá an cheolchoirm seo á cur i láthair ag an gcompántas ealaíne Gliogar. Tá ticéid ar fáil ó Ghliogar anseo.
Éist le traic ón albam ‘Mullach a’ tSí’ ar YouTube anseo.
Cuimhneachán
Saothar Nua Ceoil agus Damhsa ag comóradh Lá Cuimhneacháin Chaillteanas Toirchis agus Linbh
Bhí Lá Cuimhneacháin againn an tseachtain seo le cuimhneamh agus le cuidiú leis na daoine ar fad ar bhásaigh a bpáistín sa mbroinn, go hóg nó nach bhfaca solas an tsaoil ar a saolú agus tá saothar nua eisithe ag an gcláirseoir Gaillimheach Úna Ní Fhlannagáin agus an damhsóir as Québéc, Mélissandre T-B, mar chomóradh ar an lá agus ar na páistí nach bhfaca solas an tsaoil seo. Foilsíodh an saothar nua An Bhreith Anabaí ar líne agus cuireadh ceolchoirm ar bun an tráthnóna céanna. Bíonn an Lá Cuimhneacháin ann gach bliain ar an 15 Deireadh Fómhair, tá tuilleadh eolais anseo.
Is cláirseoir aitheanta í Úna, agus sa mbliain 2019, spreagadh í leis an bpíosa ceoil ‘An Bhreith Anabaí’ a chumadh nuair a chaill dlúthchara léi páistín agus í sa dara ráithe den toircheas. Roinnt blianta ina dhiaidh sin tharla gur chaill an damhsóir Mélissandre T-B páistín sa mbroinn freisin, agus nuair a bhí sí ag déileáil leis an gcailliúint sin, chum sí damhsa a chuaigh leis an bpíosa ceoil a bhí cumtha ag Úna. D’oibrigh an bheirt acu leis an stiúrthóir físe Florent Sabarros agus thaifead siad físeán den saothar nua.
Meastar gur caillteanas agus buille é seo a tharlaíonn do bhean as gach seisear in Éirinn i gcaitheamh a saoil. Tá na healaíontóirí ag súil go dtabharfaidh an saothar cúnamh do dhaoine atá ag déileáil le bás a bpáistíní.
Is féidir breathnú ar an saothar An Bhreith Anabaí anseo.
PODCHRAOLADH
What the Focal!? sraith nua le Ciara Ní É
Seoladh an dara sraith den phodchraoladh What the Focal? le Ciara Ní É an tseachtain seo. Tabharfaidh an tsraith nua deis eile do chainteoirí Gaeilge idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa éisteacht le comhráite idir Ciara agus saineolaithe teanga.
Gach seachtain, beidh Ciara i mbun cainte go neamhfhoirmiúil le scoláirí, léachtóirí, aistritheoirí agus scríbhneoirí. Pléifear ceisteanna faoin nGaeilge a bhíonn i mbéal an phobail, idir shean-nathanna cainte agus téarmaí nuachumtha.
Bíonn an podchraoladh á thaifeadadh i Raidió na Life agus é á chur ar fáil le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ó An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge. Deich n-eipeasóid a bheidh sa dara sraith agus cuirfear eagrán nua ar fáil ar na príomhardáin phodchraolta gach seachtain. Beidh an tsraith le cloisteáil ar Raidió na Life freisin gach Luan ó 6 i.n. go 7 i.n.
Tá an chéad eagrán ar fáil anois agus Ciara ag caint leis an Dr Eoin Mac Cárthaigh.
TEILIFÍS
Ag Lorg Hy-Brasil fadchlár faisnéise
Craolfar fadchlár nua faisnéise Ag Lorg Hy-Brasil ar TG4 a dhéanann machnamh ar an oileán miotasach amach ó chósta Chonamara agus ar na cúiseanna gur spreag sé taispeántas na hÉireann ag Architecture Biennale 2023 sa Veinéis. Rinneadh scannánú ar an bhfadchlár faisnéise ar Inis Meáin agus sa Veinéis san Iodáil go príomha, agus déantar machnamh ann ar rithimí saoil an oileáin agus ar an dua a bhaineann leis an saol sin sa lá atá inniu ann. I measc na gcainteoirí sa gclár tá Peadar Mór Ó Conghaile, Micilín agus Ferdia Ó Coneannainn, agus Úna Ní Fhlannagáin as Inis Meáin. Breathnaítear ar chultúr agus ar thraidisiúin agus ar an gceangal atá eatarthu agus déanfar machnamh ar na téamaí sin i gcomhthéacs shaothar na n-ailtirí Peter Carroll, Mary Laheen, Peter Cody, Elizabeth Hatz agus Joseph Mackey, a léirigh a dtuiscintí ar shaol an oileáin i dtaispeántas na hÉireann 2023 sa Veinéis.
SCANNÁIN
Féile Scannán Idirnáisiúnta Chiarraí
Beidh rogha scannán i nGaeilge á dtaispeáint ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Chiarraí, a thosaigh Déardaoin agus a bheidh ar bun go dtí Dé Domhnaigh, 19 Deireadh Fómhair. Beidh an scannán nua, Aontas, á thaispeáint tráthnóna inniu ag 6:00 i.n. i bpictiúrlann Chill Airne, agus beidh taispeáint speisialta Samhna den scannán uafáis Fréwaka | Fréamhacha i St. Mary’s Church ag 19:30 i.n. I measc na scannán eile a bheidh le feiceáil i rith na féile, beidh In Time, saothar faoi shaol Donall Lunny [seiceáil na sonraí]. Beidh rogha gearrscannán trí Ghaeilge á dtaispeáint freisin ar an Satharn an 18 Deireadh Fómhair ag 2:30 i St Mary’s Church. Cuirfear Preab-Ghaeltacht ar bun ar an Satharn ag 4:00 i.n. i Courtney’s.
Clár na féile agus ticéid ar fáil anseo
Fág freagra ar 'Ómós ag Kíla do Mhicheál D., ‘Mullach a’ tSí’ i gCois Fharraige, ‘What the Focal?’ le Ciara Ní É, ‘Ag Lorg Hy-Brasil’ ar TG4, Féile Scannán Chiarraí '