Cuirfidh Babhta 1 den URC atá á imirt an deireadh seachtaine seo tús le séasúr nua rugbaí agus tús freisin le hiarracht chuile chúige a stádas ón séasúr seo caite a fheabhsú.
Beidh Cúigí Mumhan, Uladh agus Connacht ag iarraidh greim a fháil ar chraobh an URC agus i gcás Chúige Laighean, curaidh an tséasúir seo caite, beidh siadsan ag iarraidh greim a choinneáil air.
Is cinnte freisin go mbeidh na cúigí ar fad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go barr an dá chomórtas Eorpacha a bhfuil siad páirteach iontu, Corn na gCuradh i gcás Chúige Laighean agus na Mumhan agus Corn an Dúshláin sa gcomórtas sóisearach, i gcás Chúige Uladh agus Chonnacht.
Tá séasúr fada rugbaí amach romhainn sula mbeidh a fhios againn ar éirigh le haon chúige an sprioc sin a bhaint amach.
Ach tosaíonn chuile aistear leis an gcéad choisméig, díreach mar atá ag tarlú i gCape Town anocht agus na Stormers, foireann a chríochnaigh sa gcúigiú háit ar thábla an URC an séasúr seo caite, ag cur fáilte roimh Chúige Laighean, foireann a bhí ar bharr an tábla chéanna.
Fiú agus lipéad churaidh reatha an chomórtais á iompar ag Cúige Laighean, ní dóigh gur mórán tairbhe dóibh é gus iad ag imirt san Afraic Theas, áit a bhíonn dúshlánach do chuile fhoireann ón limistéar seo.
Is ionann an cás arís ag Cúige Laighean anocht, go háirithe agus iad d’uireasa na n-imreoirí a d’imir le foireann na Leon. Fós féin, ní féidir cáil agus doimhneacht imreoirí Chúige Laighean a chur as an áireamh ariamh. Mar sin tá drogall orm toradh a thuar.
Anocht freisin beidh Cúige Uladh, foireann a shleamhnaigh go dtí an ceathrú háit déag ar thábla URC an tséasúir seo caite, sa mbaile i mBéal Feirste i gcoinne na nDragons ón mBreatain Bheag, dream a chríochnaigh ar íochtar an tábla. Tá mise, agus an domhan mór go deimhin, ag tuar bua d’fhoireann an bhaile. Ná dearmad go bhfuil caint go gcuirfidh an WRU, feidhmeannas an chluiche sa mBreatain Bheag, deireadh leis na Dragons.
Dé hAoine, 26 Meán Fómhair
Stormers v Cúige Laighean – Staid DHL, 18:00
Cúige Uladh v Dragons – Staid Kingspan, 20:05
Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair
Scarlets v Cúige Mumhan – Parc y Scarlets, 17:30
Connacht v Benetton – Staid Dexcom, 19:45
Amárach beidh na Muimhnigh, foireann a bhí sa séú háit ar an tábla, sa mBreatain Bheag agus iadsan ag tabhairt faoi na Scarlets, foireann a chríochnaigh san ochtú háit ar an tábla. Is cinnte go gcuirfear suim mhór i Clayton McMillan, príomhchóitseálaí nua na Mumhan, agus ina chur chuige sa gcéad chluiche aige i gceannas. Beidh Cúige Mumhan ag iarraidh teacht i dtír ar dheacrachtaí rugbaí na Breataine Bige le bua maith as baile a chlárú.
Ach is cinnte gur ar chluiche Chonnacht ar an mBóthar Beag i gcoinne Benetton agus ar Stuart Lancaster, agus é i gceannas fhoireann an Iarthair den chéad uair in aon chomórtas, a bheas aird lucht rugbaí an domhain. Tá cúlra iontach rugbaí ag Lancaster. Bhí sé i gceannas ar fhoireann idirnáisiúnta rugbaí Shasana roimhe seo agus mar chóitseálaí cúnta ag Cúige Laighean agus seal i gceannas ar Racing 92 freisin. Beidh le feiceáil an mbeidh sé in ann an taithí sin a aistriú thar Sionainn.
Is cinnte go bhfuil dúshlán mór roimh Chonnachta sa gcéad chluiche den séasúr. Chríochnaigh freasúra an lae amárach, Benetton, trí áit níos airde ná iad ar thábla an URC an séasúr seo caite, iad sa deichiú háit. Caithfidh Cúige Chonnacht agus Lancaster chuile leas a bhaint as an mbuntáiste a bheith imirt sa mbaile amárach.
Athruithe imreoirí sna Cúigí don séasúr nua
| Foireann | Tagtha isteach | Imithe Amach |
| Cúige Laighean | Harry Byrne
Reiko Ioane |
Cian Healy
Ross Byrne Jordie Barrett Rob Russell Liam Turner Rory McGuire Aitzol King |
| Cúige Mumhan | JJ Hanrahan
Dan Kelly Emmett Calvey Conor Ryan Conor Kennelly Oisín Minogue Tom Wood Eoghan Smyth |
Peter O’Mahony
Stephen Archer Dave Kilcoyne Conor Murray Jack Daly Billy Burns Rory Scannell Liam Coombes Patrick Campbell Jack Oliver |
| Cúige Uladh | Sam Crean
Angus Bell Juarno Augustus Rory McGuire Tom McAllister Flynn Longstaff Connor MaGee Aitzol King Josh Gibson Daniel King |
Andy Warwick
Corrie Barrett Alan O’Connor Kieran Treadwell Matty Rae Reuben Crothers John Cooney Michael McDonald Aidan Morgan Jack Boal Cameron Doak Zac Solomon Ben McFarlane |
| Cúige Chonnacht | Bobby Power
Sam Gilbert Mikey Yarr David Walsh |
Conor Oliver
JJ Hanrahan Piers O’Connor Santiago Cordero Liam McNamee Daniel Hawkshaw Shane Mallon Rory Telfer |
Fág freagra ar 'Tús le séasúr nua rugbaí agus ardú stádais ó na cúigí'